- Bhásaigh Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, i mí Dheireadh Fómhair. Bhí sé 74 bliain d’aois. Bhí Rí Thoraí ar dhuine de mhórphearsana shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge agus bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar ealaíontóir, mar cheoltóir, mar fheachtasóir agus mar ambasadóir don oileán Gaeltachta amach ó chósta Dhún nan Gall.
- Rugadh i mBaile Átha Cliath é i 1944 agus bhog sé go dtí an t-oileán nuair a d’uchtaigh teaghlach as Toraigh é agus é ceithre bliana d’aois. Bhí sé ina rí ar Thoraigh ó fuair sé an gradam sin sna 1990í agus is beag duine a thug cuairt ar an oileán ó shin nach raibh scéal acu faoin bhfáilte fhial a chuir an Rí rompu. B’fhear Gaeltachta go smior é a raibh a chroí agus a anam i dteanga, i gcultúr agus in oidhreacht Thoraí.
- Chuir sé féin go mór leis an gcultúr sin mar dhuine d’ealaíontóirí ‘scoil phéintéireachta Thoraí’, an grúpa as an oileán a raibh an t-ealaíontóir mór le rá Derek Hill ina phátrún orthu. Thug sé le fios i gclár faisnéise raidió a craoladh ar RTÉ le gairid go raibh comhfhreagras ar bun idir é féin agus Prionsa Charles na Breataine faoi chúrsaí ealaíne. Dúradh ar an gclár gur thug an Prionsa, a raibh Derek Hill mar mhúinteoir ealaíne aige chomh maith, le fios don Rí gurbh é mian a chroí cuairt a thabhairt ar oileán Thoraí.
- Fear gnímh ab ea é freisin a ghlac páirt i mórán feachtas ar son mhuintir Thoraí agus na n-oileán. Bhí sé ar dhuine de na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an bhfeachtas i gcoinne athlonnú mhuintir Thoraí go dtí an mhórthír i 1974, tráth a raibh briseadh cumhachta ar an oileán ar feadh dhá mhí, agus is mó feachtas a ghlac sé páirt ann ó shin. Ba é an ceann deireanach ar ghlac sé páirt ann ná an feachtas i dtaobh cheist chonspóideach sheirbhís farantóireachta Thoraí.
- I mí Feabhra na bliana seo bhí Rí Thoraí ar dhuine de na ceoltóirí a thionlaic slua mór chomh fada le geataí na Dála mar chuid d’agóid faoin tseirbhís. Maireann a bhean Caitlín agus a gceathrar clainne.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:
Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.
- Cad deirtear faoi Phatsaí Dan Mac Ruaidhrí in alt 1?
- Cén fáth a luaitear Dún na nGall in alt 1?
- Cén bhaint a bhí ag Baile Átha Cliath le Patsaí Dan?
- Cén fáth a luaitear Derek Hill?
- Cad é an caidreamh a bhí ag Patsaí Dan le Prionsa Charles Shasana?
- Luaitear in alt 5 gur ‘fear gnímh’ a bhí ann. Cad atá i gceist leis an gcur síos sin?
- Céard a tharla in 1974?
- Cén sórt duine ab ea Patsaí, dar leis an alt. Scríobh cúig phointe i d’fhocail féin.
Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:
Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.
- Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?
- Cén fáth, meas tú, ar tugadh Rí Thoraí air?
Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:
Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 6 – Cúinne na Gramadaí:
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
- Aimsigh sampla de bhriathar saor san aimsir chaite in alt 2.
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 3.
- Aimsigh sampla d’aidiacht in alt 2.
- Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail. Féach ar na hainmfhocail thíos agus abair an bhfuil siad firinscneach nó baininscneach. Ansin cuir ‘an’ rompu in abairt.
- Feachtasóir
- Ambasadóir
- Ceoltóir
- Ealaíontóir
- Cainteoir
An dtugann tú aon rud faoi deara?
Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie
Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:
- Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:
Meas tú an bhfuil sé níos deacra cónaí ar oileán seachas ar an mórthír?
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Nodanna:
- buntáistí/míbhuntáistí
- má bhí tú féin riamh ar cheann d’oileáin na hÉireann tabhair cuntas air
- áiseanna
- cúrsaí taistil
- Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí…'