Caithfidh Sinn Féin síorcháineadh agus cnáimhseáil a sheachaint

Beidh an chéad rialtas eile seasmhach go maith – an cheist ná cé chomh héifeachtach agus a bheidh an freasúra

Caithfidh Sinn Féin síorcháineadh agus cnáimhseáil a sheachaint

Tá sé ina mhargadh – tá na páirtithe ar aon fhocal, an dréachtchlár rialtais foilsithe agus na socruithe á ndéanamh le beannacht chosmhuintir Fhianna Fáil agus Fhine Gael a fháil. Tiocfaidh an Dáil le chéile ar an gCéadaoin seo chugainn agus toghfar Mícheál Martin ina Thaoiseach ar feadh pé tréimhse atá aontaithe.

Sí an cheist don rialtas nua ná ainmneacha a chur leis na haireachtaí ar fad agus na haireachtaí Stáit atá geallta do na neamhspleáigh a dheimhniú. Caithfear tabhairt faoin obair ansin leis na gealltanais ar fad atá tugtha do na neamhspleáigh éagsúla a chur i gcrích. Tá sé aontaithe go mairfidh an rialtas go dtí mí na Samhna 2030 agus go rithfear cúig bhuiséad lena linn. Níl fonn ar aon duine, go háirithe na neamhspleáigh nach bhfuil córas páirtí taobh thiar díobh, go mbeadh aon chorraíl ann agus déanfaidh siad, dá réir, seasmhacht an rialtais a chinntiú.

An cheist mar sin sa tréimhse seo romhainn ná cé chomh héifeachtach agus a bheidh an freasúra. Is iad Sinn Féin an páirtí is mó arís an babhta seo agus níl an oiread ábhair mórtais acu agus a bhí sa Dáil deiridh.

Rinne Mícheál Martin cinnte de go dtuigfeadh an pobal nach rachadh Fianna Fáil i rialtas le Sinn Féin agus is ar an mbunús sin a chaith an pobal a vótaí.

Ní féidir mar sin leanúint arís agus arís eile leis an teachtaireacht go ndearna na páirtithe neamhaird de mhianta an phobail trí chomhrialtas a bhunú idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Tá go leor oibre le déanamh ag Sinn Féin anois le cur in aghaidh an rialtais seo agus tacaíocht a mhealladh chucu sna blianta seo romhainn, tacaíocht a fhanfaidh leo lá an toghcháin.

Bhí an-tóir ar an bpáirtí le linn na Dála deireanaí de réir na bpobalbhreitheanna, ach thosaigh an tacaíocht sin ag meath de réir mar a bhí an toghchán ag druidim linn.

B’fhacthas do go leor nach raibh ar siúl ag Sinn Féin ach síorcháineadh agus cnáimhseáil. Chuir botúin i réimsí polasaí ar nós cúrsaí imirce in iúl nach raibh siad cinnte go díreach cén bealach ab fhearr leis an gcroílucht tacaíochta atá acu a choinneáil leo agus vótóirí nua a mhealladh. Déarfaidh lucht cumarsáide agus straitéise leat gur ag an bhfreasúra atá an ról is éasca san Oireachtas agus gan le déanamh acu ach locht a fháil ar an rialtas. Níl sin iomlán cruinn mar cuireann an pobal an cheist anois go minic – ach céard a dhéanfadh sibhse?

Tá cogarnaíl anois faoi cheannaireacht Mary Lou McDonald cé gur dhúirt sí arís go bhfuil sí diongbháilte fanacht mar Uachtarán ar Shinn Féin. Ní dream iad a dhíbríonn ceannairí scun scan ach i ndeireadh an lae is mian leo a bheith i rialtas i mBaile Átha Cliath agus caithfear an cheist a chur an bhfuil an fhoireann acu leis an mian sin a chur i gcrích mar atá siad faoi láthair.

Beidh roinnt seachtainí de mhí na meala ag an rialtas nua ach sin an méid ó tharla gur saghas athmhúnlú ar an rialtas deiridh atá ann seachas múnla nua a bheith bunaithe. An dúshlán atá roimh pháirtithe uile an fhreasúra anois lochtanna a fháil ar an obair ar bhealach ciallmhar agus más leo iad a chur as oifig faoi cheann cúig bliana, malairt a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Caithfidh Sinn Féin síorcháineadh agus cnáimhseáil a sheachaint'

  • Pádraig O'hEipicín

    Sinn Féin í gCeannais ar Éire. Go bhfóire Dia orainn.