Deir an tÚdarás Oideachais ó thuaidh go bhfuil gá i gcónaí le dhá iarbhunscoil nua le freastal ar an éileamh atá ar an ngaeloideachas sa Tuaisceart.
Luaitear an gá le dhá ghaelcholáiste nua sa phlean oibre nua atá foilsithe ag an Údarás, rud a áitíodh chomh maith sa phlean a bhí acu do 2022-2024.
Tá moladh sa phlean nua go mbunófaí gaelcholáiste nua i dtuaisceart Bhéal Feirste agus ceann eile a d’fhreastalódh ar Dhoire, Fear Manach agus ceantar lár-Uladh.
Dhá ghaelcholáiste atá ó thuaidh den teorainn, Coláiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste agus Gaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin.
Deir lucht Choláiste Feirste, an scoil dara leibhéal lán-Ghaeilge is mó in Éirinn, go bhfuil sé ina ghéarchéim acu mar gheall ar a laghad áiteanna atá acu.
Ag labhairt léi leis an BBC, dúirt Aisling Nic Giolla Bhéin, príomhoide gníomhach Scoil an Droichid, gaelscoil 180 dalta atá lonnaithe i ndeisceart Bhéal Feirste, go raibh sé thar am cur le líon na ngaelcholáistí.
“Leagadh béim air seo sa phlean deireanach [ón Údarás Oideachais] dhá bhliain ó shin agus níl aon dul chun cinn déanta.
“Tá sé in am ag na húdaráis a bhfuil baint acu leis seo éirí as a bheith ag séanadh fás síoraí na hearnála seo.
“Ní féidir leanúint ar aghaidh ag déanamh neamhaird orainn. Cuireann formhór na dtuismitheoirí a bpáistí suas go dtí Coláiste Feirste ach do chuid dár bpáistí sin turas ar thrí bhus, ag brath ar cá bhfuil cónaí orthu.
“Tá Coláiste Feirste lán go dtí na fraitheacha.”
Pól
Alt suimiúil ach ní mór a bheith airdeallach freisin faoin easpa mhúinteoirí dara leibhéal a bhfuil Gaeilge acu! Tá foireann múinteoirí de dhíth sula gcuirfear fáilte roimh scoláirí.