LÉAMHTHUISCINT: Poist leis an Aontas Eorpach

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Poist leis an Aontas Eorpach

Tá comórtas nua fógartha chun aistritheoirí Gaeilge a fhostú sa Choimisiún Eorpach – lonnaithe in Éirinn (ar an nGráinsigh i gContae na Mí) agus sa Bhruiséil.  Tá sé d’aidhm leis an gcomórtas, a bheidh á reáchtáil ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO), painéal a chur ar bun a mbeidh an Coimisiún Eorpach in ann aistritheoirí a fhostú uaidh chun a bheith ag obair in Aonad na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh.  Is é meán lae an 17 Márta (am na Bruiséile) an sprioc-am chun iarratais a chur isteach.

Is é seo an chéad uair a bheidh deis ag aistritheoirí Gaeilge a bheith fostaithe ag an gCoimisiún agus iad lonnaithe in Éirinn.

Agus é ag labhairt faoi na deiseanna nua, dúirt Seán Kyne, Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin:

“Cuirim fáilte mhór roimh an gcomórtas seo atá fógartha ag an gCoimisiún Eorpach.  Den chéad uair riamh, beidh deis ag aistritheoirí Gaeilge a bheith lonnaithe anseo in Éirinn agus iad fostaithe ag ceann de na hInstitiúidí Eorpacha.  Is dul chun cinn suntasach é seo agus tá moladh mór tuillte ag an gCoimisiún as an iarracht atá déanta acu teacht ar réitigh chruthaitheacha chun a chinntiú go mbeidh a ndóthain aistritheoirí acu nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar na Gaeilge san Aontas Eorpach ag deireadh na bliana 2021.”

“Is leor dhá theanga le cur isteach ar an gcomórtas seo e.g. Gaeilge agus Béarla, agus is buntáiste an-mhór é sin chomh maith. Mar sin, mholfainn do chainteoirí Gaeilge smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar na poist seo a bhfuil pá agus coinníollacha oibre an-tarraingteach ag baint leo.”

Is ar chonarthaí mar Ghníomhairí Sealadacha ag Grád AD 5 a fhostófar na haistritheoirí Gaeilge a n-éireoidh leo agus is ag aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge a bheidh siad.

Ní mór do na hiarrthóirí ar fad a bheith ina saoránaigh den Aontas Eorpach, sáreolas a bheith acu ar an nGaeilge agus eolas cuimsitheach ar an mBéarla chomh maith le céim ollscoile a bheith acu ó chúrsa céime trí bliana ar a laghad in ábhar ar bith.  Ní gá, mar sin, go mbeadh céim sa Ghaeilge ag iarrthóirí.

Moltar do gach iarrthóir am a chur i leataobh chun próifíl EPSO a chruthú, na treoracha a léamh go cúramach agus an t-iarratas deiridh a phrofléamh roimh an spriocdháta, an 17 Márta.

Cúlra

Faoi Rialachán 2015/2264 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, socraíodh go mbeadh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach faoi 2022 agus go ndéanfaí an reachtaíocht ar fad a achtófar san Aontas Eorpach a aistriú go Gaeilge ón dáta sin ar aghaidh, mar a dhéantar cheana féin i gcás gach ceann de na 23 theanga oifigiúla eile.  Is chuige sin atá baill foirne bhreise Gaeilge á n-earcú ag an gCoimisiún Eorpach.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana:

  1. Cad iad na bunriachtanais don phost seo?
  2. Cá mbeidh na fostaithe nua lonnaithe?
  3. Cén fáth go raibh gá le “réitigh chruthaitheacha” chun aistritheoirí a earcú?
  4. Cad a bheidh á dhéanamh ag na fostaithe seo?
  5. An mbeidh na poist seo buan nó sealadach?
  6. Cén lá deiridh chun iarratas a chur isteach?
  7. In 2022 athrófar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Conas?
  8. Cén chomhairle a thugtar d’iarrthóirí faoina n-iarratas?
  9. Cé mhéad teanga oifigiúil atá ag an Aontas Eorpach?
  10. Ar mhaith leatsa post mar aistritheoir? Cé na teangacha ab fhearr leat a aistriú?

Gníomhaíocht 1: Cum d’abairti Féin:

is aidhm dó, den chéad uair riamh, cheana féin, is chuige sin, deireadh na bliana, an chéad uair riamh

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh aidiacht bhriathartha sa téacs
  • Aimsigh briathar san aimsir fháistineach
  • Foireann [an Coimisiún Eorpach]
  • Cathair [an Bhruiséil]
  • Cumas [aistriúchán]
  • Deiseanna [fostaíocht]

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Poist leis an Aontas Eorpach'