LÉAMHTHUISCINT: Gasúir as an Úcráin ag coinneáil scoil Ghaeltachta oscailte

Léamhthuiscint 7 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Gasúir as an Úcráin ag coinneáil scoil Ghaeltachta oscailte

Nach iontach an t-athrú ar an saol é go dtáinig sé sa déanamh gur gasúir as an Úcráin atá ag coinneáil scoil Ghaeltachta oscailte.

Ní raibh ach seachtar daltaí fágtha i Scoil Cholmáin i Maínis anseo i gConamara agus í i mbaol a dúnta. Tá dhá dhuine dhéag anois inti mar gur tháinig cúigear as an Úcráin isteach.

Ní obair éasca a fhágann sé seo ag na tuismitheoirí ar ndóigh. Tá sé sách deacair cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge agus don Bhéarla sa seomra ranga ach níl Gaeilge ná Béarla ag gasúir na hÚcráine.

Google a thagann i gcabhair ar na múinteoirí leis an aistriúchán. Baineann siad leas as pictiúir ar chártaí freisin.

Shocraigh siad na daltaí Úcránacha a choinneáil le chéile in aon seomra amháin agus múinteoir amháin a chur ina bhfeighil.

Is gearr a thógann sé ar ghasúir óga teanga nua a fhoghlaim. Beifear ag súil nach fada go mbeidh na hÚcránaigh in ann iad féin a chur in iúl do ghasúir na háite.

Rinneadh iarrachtaí roimhe seo daoine a spreagadh le teacht chun cónaithe sa gceantar, go mór mór daoine a mbeadh gasúir acu. Faraor ní raibh aon toradh ar an bhfeachtas.

Cúrsaí pleanála a chuir an scéim in aer. De bharr na rialacha dochta timpeallacht atá buailte sa mullach orainn tá sé deacair ag muintir na háite cead a fháil teach a thógáil gan trácht ar an dream a thiocfadh isteach.

D’fhéadfaidís teach a fháil ar cíos ach ní i gcónaí a bhíonn teach feiliúnach le fáil. Thógfadh cuid acu teach ar cíos ar feadh trí mhí mar thús ach b’fhéidir nach é sin a d’fheilfeadh d’úinéir an tí.

Bíonn daoine ann ar mhaith leo madraí agus cait a thabhairt leo agus arís tharlódh sé nach mbeadh aon fháilte rompu sin.

Is maith an rud é go bhfuil fáilte anseo i bparóiste Charna roimh na páistí Úcránacha agus roimh a dtuismitheoirí. Tá scata acu in Óstán Charna agus grúpa eile i dteach príobháideach.

Shílfeá go bhfuil daoine in áiteanna eile sa tír ag iompú in aghaidh na n-eisimirceach. Tá gríosóirí as an eite dheis á n-ionsaí agus ní cúnamh ar bith é sin dóibh.

Mheasfá nach mórán imní a bhí siad a chur ar an ngnáthphobal le fada ach de réir na pobalbhreithe is deireanaí a rinneadh tá an meon sin ag athrú.

Níl ár ar bith ach a n-insítear de bhréaga gránna faoi na heisimircigh. Cuirtear i láthair iad go minic mar leisceoirí gan mhaith atá ag diúl cúnamh leasa shóisialaigh as an stát.

Is é a mhalairt atá fíor: tá a bhformhór ag obair.

Dream is ea go leor acu a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu. Cé a déarfadh nach gcuireann siad sin le rathúnas na tíre?

Ní call duit ach a dhul isteach in ospidéal sa tír seo le go gcasfar dochtúirí, altraí agus oibrithe eile leighis as tíortha éagsúla duit.

Ansin arís tá cineálacha oibre ann nach mbíonn fonn rómhór ar mhuintir na hÉireann féin bualadh fúthu.

Léigh mé cuntas an lá faoi dheireadh ó fhear a bhíonn ag fás lusanna an chromchinn agus á gcur ar an margadh. Ag fuarchaoineachán a bhí sé faoi go bhfuil sé ag éirí níos deacra eisimircigh a mhealladh le dul ag piocadh na lusanna.

Oibrithe as an Moldóiv, as Budapeist agus as Bucairist a bhíonn aige. Íosphá a íocann sé leo.

Tá tionscal an óstachais ag brath cuid mhór ar na heisimircigh freisin. Cá mbeadh na hóstáin agus na bialanna gan iad?

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Déan an chéad abairt a athscríobh i d’fhocail féin.
  2. Cén fáth a luaitear seachtar daltaí?
  3. Cén obair nach bhfuil éasca, dar leis an údar?
  4. Cén bhaint atá ag Google leis an scéal?
  5. Cén feachtas nár éirigh leis agus cén fáth?
  6. Cén bhaint atá Óstán Charna leis an scéal?
  7. Cad deirtear faoin eite dheis?
  8. Cad a thugann an pobalbhreith is déanaí le fios?
  9. Cén fáth a luann an t-údar turas chuig ospidéal?
  10. 10) Cad is brí leis an abairt dheireanach?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáidigí an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • shocraigh
    • leas
    • leisceoir
    • cúnamh
    • dream
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
    • cothrom na Féinne
    • i gcabhair
    • in iúl
    • faraor
    • shílfeá
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
    • Dhá ainmfhocal
    • Briathar sa mhodh coinníollach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Aidiacht bhriathartha.
  • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Gasúir as an Úcráin ag coinneáil scoil Ghaeltachta oscailte'