Léamhthuiscint 07 – ‘Condemned to Remember’ agus scéalta eile ó ‘taobh thiar den cheamara’

Léamhthuiscint 07 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 07 – ‘Condemned to Remember’ agus scéalta eile ó ‘taobh thiar den cheamara’

1) Níos minice ná a mhalairt, tarlaíonn rudaí i saol na teilifíse a bhíonn thar a bheith suimiúil – ach taobh thiar den cheamara a tharlaíonn siad. Ní cuid lárnach den scéal iad, agus ní insítear don phobal fúthu. Ach maireann an chuid is fearr sa bhfinscéalaíocht. ‘Cén chaoi a bhfuair tú an scéal sin?’‘ Cé a d’inis duit faoin bhfear sin? Conas ar éirigh leat greim a fháil ar an bpictiúr sin? Sin ceisteanna a chloiseann tú go minic sa ghnó seo. Ceisteanna a chuir mé féin go minic sa teach seo nuair a chonaic mé cláracha teilifíse de chuid mo leathbhádóra féin. Tá leagan cainte aige a úsáideann sé go minic : ‘You make your own luck!’

2) Rinne sé clár uair amháin leis an iriseoir John Sweeeny a bhí ag obair don Observer ag an am. Bhí Sweeney san Albáin le linn an chogaidh sa Chosaiv (taobh léi) agus chuala sé scéal faoi uafás a tharla i mbaile beag ann. Bhí slua mór fear agus buachaillí  ‘ar iarraidh’, agus dúradh gur maraíodh iad nuair a cuireadh 100 díobh isteach i scioból agus lasadh é. Ábhar clár teilifíse a bheadh ann, dar leis, dá n-éireodh leo a fháil amach cad a tharla dóibh. Ghlac Channel 4 leis an smaoineamh le haghaidh ‘Dispatches’ agus chuaigh mo chomrádaí go dtí an Albáin lena stiúradh.

3) An scéal a tharla ‘taobh thiar den cheamara’ ná an chaoi a bhfuair siad greim ar fhíseán a raibh na fir agus na buachaillí páirteach ann, agus a chuir ar a gcumas iad a ainmniú sa gclár. Chuala an criú teilifíse go raibh físeán ann a tógadh ag bainis ach a bhí anois i seilbh duine as an gCosaiv a chuaigh ar imirce go dtí an Ghearmáin. Ach cén chaoi a bhféadfaí greim a fháil air sula bhfágfadh an criú teilifíse an tír?  Bhí oifigigh ó aerfhórsa na Gearmáine le NATO ag fanacht san óstán céanna leo. Chuaigh mo dhuine anonn chucu agus d’inis a scéal. ‘Déan teagmháil leis na daoine sa nGearmáin,’ a dúirt an t-oifigeach a bhí i gceannas. ‘Agus inis dóibh go mbaileoimidne an téip agus go dtabharfaimid ar ais go Tirana é. Táimid ag eitilt go dtí an Ghearmáin amárach ar eitilt mhíleata.’

4) Bhí fear amháin fágtha ar an mbaile a tháinig slán as an sléacht. Chuireadar ar an bhfón satailíte é chun an socrú a dhéanamh le muintir an bhaile sa Ghearmáin. Dhá lá ina dhiaidh sin, bhí an físeán ón mbainis acu. B’iontach agus ba bhrónach an radharc a bhí acu ansin don chlár teilifíse – mná céile, iníonacha agus cailíní na bhfear a bhí tógtha ag caoineadh agus iad ag ainmniú a gcuid fear don cheamara agus iad ag féachaint ar an bhfíseán. Witness to Murder an teideal a bhí ar an gclár teilifíse sin a ghnóthaigh duais ‘Emmy’ sa mbliain 1999 do Hardcash Productions, an comhlacht teilifíse. Agus bhí ábhar an chláir mar chuid den fhianaise i gcoinne Slobodan Milošević ag Binse Fiosraithe an Chogaidh san Háig.

5) Bíonn comhtharlúintí ann freisin a chabhraíonn le léiritheoirí an ‘t-ádh a chruthú’ iad féin. Bhí iriseoir darbh ainm Dan Bloom ina chónaí sa Chóiré Theas sa mbliain 2015 agus chonaic an scannán Close to Evil ar an idirlíon. Bhí aithne ag Dan ar fhear i Nua-Eabhrac a tháinig slán as campa géibhinn Bergen-Belsen. Rinne Dan amach, agus é sa Chóiré Theas, go raibh ceangal idir a chara i Nua-Eabhrac, Peter Kubicek, agus Tomi Reichental. De bharr gurbh as an tSlóvaic iad beirt agus go rabhadar ar an traein dheireanach as an tSlóvaic go dtí Auschwitz, caithfidh sé go raibh Peter agus Tomi ar an traein chéanna i 1944, cheap sé. Agus anois an bheirt acu beo beathach, duine i Nua-Eabhrac agus an duine eile i mBaile Átha Cliath. Cuireadh an traein sin ar mhalairt slí, agus cé gur chríochnaigh an bheirt acu i mBergen-Belsen thángadar slán as.

6) ‘Taobh thiar den cheamara’ chasadar ar a chéile i Nua-Eabhrac bliain nó dhó ó shin. Tá Peter sa leagan pictiúrlainne den scannán Condemned to Remember. I mí na Nollag seo caite, fuair sé bás. Le déanaí, ar RTÉ, tar éis roinnt míonna a chaitheamh ar camchuairt timpeall na hÉireann agus é feicthe ag na mílte daltaí scoile, beidh Condemned to Remember ar RTÉ a hAon. Cuirtear tús leis an scannán le radharcanna drámatúla. Seo é Tomi Reichental agus é i gcarráiste traenach, ag meabhrú dúinn cén chaoi a raibh sé a bheith ina leithéid i 1944 – i gcarráiste plódaithe, gasúir agus seandaoine ann agus gan ach áit le seasamh ag cách.  Agus ansin, ag teacht amach as san oíche faoi shoilse géara na ngardaí agus iad ag screadach orthu: ‘Schnell! Schnell!’

7) Bhí ócáid mhór i mBergen-Belsen an lá sin. Bhíodar tar éis an músaem nua a oscailt ar láthair an champa géibhinn agus bhí slua mór i láthair. Gardaí agus póilíní an Stáit ag gardáil gach a raibh i láthair. Bhí gach éinne eile ar tí imeacht ón láthair. Dúirt an fear ceamara Séamus Deasy go raibh soilse ag teastáil – bhí sé ródhorcha aon rud a fheiceáil sa charráiste traenach. Ní raibh soilse acu. Chuaigh an stiúrthóir anonn ar an bpointe – sula n-imeoidís – go dtí an t-oifigeach a bhí i gceannas ar na póilíní. D’iarr sé cabhair air. Ní raibh fadhb ar bith aige. Chas sé roinnt de charranna na bpóilíní thart i leathchiorcal agus las siad a gcuid soilse láidre. Lean Tomi lena PTC (píosa chuig ceamara). Thosaigh sé sa charráiste agus tháinig anuas na céimeanna go mall. Bhí sé caoch arís faoi na soilse láidre, mar a bhí agus é ina ghasúr naoi mbliana d’aois i 1944. Bhí an t-oifigeach póilíní thar a beith cuiditheach. Ba léir gur thuig sé tábhacht agus stair an radhairc agus an tábhacht a bhain le fórsaí póilíneachta na Gearmáine a bheith ag tabhairt gach cabhair don chriú teilifíse.

Ní bheidh leithéid Tomi ann arís. Bhí sé mar phribhléid agam féin cabhair bheag a thabhairt don iarracht thar na blianta a scéal a thabhairt chuig an scáileán. Is é Colm O’Callaghan an t-eagarthóir coimisiúnaithe in RTÉ a chinntigh gur insíodh a scéal. Is é Gerry Gregg léiritheoir/stiúrthóir na gclár ar fad luaite thuas. An nath cainte is fear leis? ‘You Make Your Own Luck?’

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

1) Cad deirtear in alt 1 faoi na rudaí suimiúla a tharlaíonn i dtionscal na teilifíse?

2) Cén fáth a luaitear an Observer in alt 2?

3) Tabhair cur síos ar an uafás a tharla sa Chosaiv (alt 2)

4) Cén fáth a raibh tábhacht ag baint leis an bpíosa físe? (alt3)

5) Cén bhaint a bhí ag aerfhórsa na Gearmáine leis an an scéal? (alt 3)

6) Cad é an eachtra bhrónach a luaitear in alt 4?

7) Cén fáth a luaitear Slobodan Milošević in alt 4?

8) Cén nasc a bhí idir Peter Kubicek, agus Tomi Reichental? (alt 5)

9) ‘Bhí caoch arís…’ a deirtear in alt 7. Cad atá i gceist leis sin?

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

1) Cad is brí leis an leagan cainte a úsáidtear i ndeireadh alt 1?

2) Cad atá i gceist ag an údar nuair a deir sí ‘taobh thiar den cheamara?’ (alt 3) Céard is brí leis an bhfocal Gearmáinise ‘schnell’, meas tú?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  2. Aimsigh sampla do bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 2.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 4.
  4. Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3.
  5. Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail – inis an bhfuil na hainmfhocail thíos firinscneach nó baininscneach ansin cuir ‘an’ rompu in abairt.
  • teilifís, pictiúr, oifigeach, ceist, comhtharlúint

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Cén cur amach atá agat ar an uileloscadh. Téigh ar an idirlíon agus faigh cúpla pointe eolais nach raibh agat cheana.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: déan cur síos, tabhair achoimre, cuir mothúcháin in iúl, déan cáineadh, cuir tuairimí in iúl.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 07 – ‘Condemned to Remember’ agus scéalta eile ó ‘taobh thiar den cheamara’'