Léamhthuiscint 06 – Faoi dheireadh tháinig a mac as an gclapsholas…chaith sí isteach i gcúl an chairr é agus chuir pluid air…

Léamhthuiscint 06 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 06 – Faoi dheireadh tháinig a mac as an gclapsholas…chaith sí isteach i gcúl an chairr é agus chuir pluid air…

1) Bhíodh teoiric láidir ag na hipithe sna seachtóidí gur chóir do dhaoine a gcuid maoine a roinnt. Tithe, carranna, earraí tí, bia. Éinne nach raibh ag iarraidh a bheith ina Shóisialach amach is amach, ach ar thaitin cuid den fhealsúnacht leo, thacaigh siad le smaointe mar sin. Duine den ghlúin sin is ea Klaus. Ceapann sé gur chóir do dhaoine a bhfuil cuid mhaith de mhaoin an tsaoil acu, agus a gclann tógtha, an ‘brabach’ a roinnt le daoine eile.

2) Nuair a cheannaigh sé a theach i mbaile beag sa Ghearmáin, bhí an t-ádh air. Fuair sé dhá theach ar aon láthair amháin. Cúpla – beirt deartháireacha a thóg an teach i dtús ama agus a rinne dhá aonad as chun nach mbeidís ag cur isteach ar a chéile. Ach mhissáil siad a chéile an oiread sin go ndeachaigh siad ag cónaí san íoslach, le chéile – agus níor bhacadar riamh leis an dá aonad cónaithe a bhí ar leibhéal na talún. Mar sin, nuair a fuair Klaus seilbh air, bhí an teach beagnach nua as an bpíosa.

3) Ansin nuair a thosaigh na teifigh ag teacht chun na hEorpa, chláraigh sé leis an Radhaus, Halla na Cathrach, chun go bhféadfadh sé teifigh a choinneáil. Milliún teifeach a thóg Angela Merkel isteach ag buaic na héigeandála. Ní dhéantar mórán tráchta ar an 200,000 eile a thógann an Ghearmáin gach bliain ó shin, ach is léir go bhfuil rudaí ag athrú anois. D’íoc Merkel as an bhflaithiúlacht agus sin an fáth go bhfuil na rialacha ag éirí docht.

4) Clann as an Mholdóiv a tugadh do Klaus agus shocraigh siad síos sa leath eile den teach. Bhí go maith ar feadh tamaill, ach d’airigh siad uathu an baile agus ar aon nós, bhí rialacha na Gearmáine maidir le hinimirce ag daingniú. D’fhill said ar an mbaile. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí Klaus ar thuras traenach nuair a bhuail fear ar an traein bleid air. ‘I have a problem…’ a dúirt sé. ‘Can you help?’ Bíonn Klaus fiosrach i gcónaí agus d’éist sé leis an bhfear. Béarla briste a bhí aige agus thóg sé rófhada air an scéal a insint.  Rinneadar coinne castáil le chéile arís an tráthnóna sin. Dhá uair an chloig a thóg sé ar an bhfear a scéal a insint. Scéal a dheirféar a bhí ann i ndáiríre. Bhí sí i sáinn san Iaráin – cé nach as an Iaráin dóibh ó dhúchas. Bhí sí ann le colscaradh a fháil óna fear céile agus bhí seisean tar éis  glanadh leis agus an triúr páistí ina chuideachta. D’fhág sé gan pingin í. Ar an bpointe chinn Klaus go gcabhródh sé léi teacht chun na Gearmáine.

5) Thriail sé í a thabhairt isteach ‘ar cuireadh pearsanta’ uaidh féin. Diúltaíodh di. Thriail sé í a thabhairt isteach mar inimirceach. Diúltaíodh di. Ceart go leor, a dúirt sé, pósfaidh mé í. (D’eitil sé chuig an Iaráin chuige sin). Ligeadh isteach í. Anois bhí duine aige anois chun an teach a roinnt leis. Shocraigh sí isteach sa leath eile den teach. Thosaigh sí, le cabhair ó Klaus, ag déanamh iarrachtaí a cuid páistí a thabhairt isteach ón Iaráin. Níor oibrigh sé sin. Chasadh sí leo, ó am go ham san India, trí shocrú lena céad fhear céile. Bhí cuid dá muintir féin imithe go dtí an India faoin am sin. Agus, chas sí le fear as Srí Lanca ansin. Thit siad i ngrá. ‘Tá a fhios agam céard a dhéanfas mé anois,’ a dúirt sí. ‘Níl siad ag ceadú dom mo chuid páistí a thabhairt go dtí an Ghearmáin. Beidh páiste eile agam!’ Phós sí fear Srí Lanca.

6) Cé nár aithin na húdaráis sa Ghearmáin an pósadh nua seo, ligeadh isteach an fear. Anois sa bhliain 2018, tá beirt bhuachaillí óga acu. Gearmáinis a gcéad teanga agus sa mbaile cloiseann siad Fairsis, Hiondúis agus Béarla. Agus ina dhiaidh sin uile, bhí sí gach lá ag iarraidh bealaí a fháil chun na gasúir eile a d’fhág sí ina diaidh a thabhairt isteach. Ní raibh ag éirí léi. Coicís ó shin bhris ar fhoighid na mná i dteach Klaus. Thug sí léi a carr agus thiomáin sí go dtí an Ghréig. Bhí coinne déanta aici castáil leis an mac is sine aici ansin ach ní raibh sí cinnte cén áit go sonrach a dtrasnódh sé an teorainn. Agus Klaus ar an bhfón póca léi ó mhaidin go hoíche, ag tabhairt comhairle faoi bhóithre agus faoi phointí trasnaithe, thug sí buille faoi thuairim ar deireadh faoi áit áirithe amháin. Intinn na mban…

7) Tar éis dhá uair an chloig agus í díreach ar tí éirí as, tháinig a mac, 16 bliana d’aois, amach as an gclapsholas. Chaith sí isteach i gcúl an chairr é, chuir pluid air agus cás mór éadaí anuas air sin. Away leo. Uair amháin a d’fhéach garda teorainn isteach, ar theorainn na Gréige. Tharraing sé amach an cás ach níor fhéach faoin bpluid. Turas mór fada ansin thar mhór-roinn na hEorpa agus Klaus de shíor ar an bhfón sa mbaile ag tabhairt ugach di. Agus cén fáth nár stopadh iad ag aon teorainn eile? ‘Níl teorainneacha ann níos mó in Aontas na  Eorpa,’ a dúirt Klaus. ‘Ar aon nós, ní chuardaítear carranna.’ An tseachtain seo caite, leaindeáil an mháthair is an mac ag an doras. Anois tá cúigear ag roinnt na cistine i dteach Klaus. Tá an leaid trí bliana d’aois ag léamh leabhair i nGearmáinis ag an mbord. Tá an leanbh ina chodladh. Tá an t-athair ag réiteach ‘curaí’ do gach éinne sa chistin eile. Tá an mháthair imithe amach ag obair. Tá Klaus sona sásta, a chion déanta. Bua eile ar an gcóras.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad í an teoiric a bhí ag na hipithe sna seachtóidí? (alt 1)
  2. Cad é an dearcadh atá ag Klaus? (alt 1)
  3. Cén chaoi go raibh dhá theach ar an aon láthair amháin? (alt 2)
  4. Cén fáth go raibh an teach nua as an bpíosa nuair a cheannaigh Klaus é? (alt 2)
  5. Cén fáth a luaitear an figiúr 200,000? (alt 3)
  6. Cén fáth ar fhill teaghlach na Moldóive ar an bhfód dúchais? (alt 4)
  7. Cén fáth a raibh an bhean san Iaráin i sáinn? (alt 4)
  8. Déan achoimre gearr ar alt 5.
  9. Déan achoimre gearr ar alt 6.

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

  1. Cén sórt duine é Klaus, meas tú?
  2. Céard a cheapann tú do na deartháireacha a thóg an teach ach a mhair san íoslach?
  3. 3) In alt a 3 deirtear: ‘D’íoc Merkel as an bhflaithiúlacht…’ Céard atá i gceist leis sin, meas tú?
  4. Cén fáth a ndeirtear ‘bua eile ar an gcóras’ ag an deireadh?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach san uimhir uatha in alt 1.
  2. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 2.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
  4. Aimsigh sampla do bhriathar san aimsir ghnáthchaite in alt 2. 
  5. Sracfhéachaint ar an aidiacht:
  • Bíonn an Ghearmáin níos (fuar) ná Éire i rith an Gheimhridh.
  • Tá na teifigh (truamhéalach) ag teacht anseo amárach.
  • D’inis sé scéal (fada) (brónach) dúinn aréir.
  • Rinneadh sé iarrachtaí (maithe) an fhadhb a réiteach.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:
  • Céard a cheapann tú féin faoi chás na dteifeach?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir tuairim in iúl, glac seasamh láidir, easaontaigh le tuairimí atá cloiste/léite agat, déan moltaí, léirigh  mothúcháin.
  • Arís, is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 06 – Faoi dheireadh tháinig a mac as an gclapsholas…chaith sí isteach i gcúl an chairr é agus chuir pluid air…'