Léamhthuiscint 04 – Rocky Ros Muc

Léamhthuiscint 04 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 04 – Rocky Ros Muc
  1. Is scannán faisnéise corraitheach, cumasach, mothúchánach é Rocky Ros Muc, saothar a bhfuil i bhfad Éireann níos mó ná dornálaíocht ag baint leis. Go deimhin taibhsíodh dom go minic go raibh an dornálaíocht in áit na leathphingine fad is a bhí cíoradh á dhéanamh ar eispéireas na n-eisimirceach, ciníochas, alcólachas, an nasc leis an bhfód dúchais, an fhéiniúlacht Éireannach/Ghaeltachta, coiriúlacht ‘Southie’ agus na deiseanna a imíonn le cúr na habhann a fhágann an duine daonna ag iarraidh greim a bhreith ar a aiféala.   Is go healaíonta, simplí agus daonna a thugtar léargas dúinn ar shaol agus ar mheon Sheáin Uí Mhainnín, fear as Ros Muc agus duine de na dornálaithe Éireannacha is fearr a sheas riamh i bhfáinne. Oscailt súl, gol, gáirí agus brón.

  2. Ag tús an scannáin insítear scéilín beag a thugann éachtaint ann féin ar an bhfear ar leith seo. Comhlacht mór ag iarraidh urraíocht a dhéanamh ar a bhrístí dornálaíochta agus an t-eiteach á thabhairt dóibh go leanúnach. Piarda an chomhlachta den tuairim nach raibh anseo ach cleas idirbheartaíochta agus é ag tairiscint $25,000. Agus an Mainníneach ag seasamh an fhóid agus ag diúltú ‘Ros Muc’ a ghlanadh dá bhríste. Le barr frustrachais fiafraíonn an fear gnó de cad atá ag an gcomhlacht seo ‘Ros Muc’. ‘Daoine,’ a fhaigheann sé mar fhreagra. ‘Cad a dhéanann siad?’ a fhiafraíonn an Poncánach.  ‘Daoine daonna,’ a deir Seán. Sách ráite.

  3. Tá an fadscannán faisnéise seo bunaithe ar an saothar breá den teideal céanna ó pheann Rónáin Mhic Con Iomaire agus is é a threoraíonn sinn síos tríd go deisbhéalach, eolasach. Tá ionchur cuimsitheach ó Sheán féin mar aon le raidhse cloigne cainte; Paddy (deartháir Sheáin), Marty Walsh, Seán Bán Breathnach agus Pat Nee, ina measc. D’fhéadfaí scannán faisnéise ann féin a bhunú ar an bhfear deireanach acu sin agus é ag baint siar asainn i rith an ama lena ráitis ionraice, neamhleithscéalacha, fiáine.

  4. Gan amhras ’sí an oíche úd i 1984 nuair a throid an Mainníneach do chraobh an domhain i Madison Square Garden is mó atá greanta i scioból samhlaíochta an phobail. Ach tá i bhfad níos mó i gceist leis an scéal seo ná sin. Déantar trácht ar ‘Southie’ na linne, coiriúlacht leithéidí Pat Nee agus Whitey Bulger, an líon mór inimirceach, an streachailt agus an cruatan. Tá an choimhlint a d’eascair as dídheighilt na scoileanna ann leis agus fear amháin á rá nach raibh ann ach daoine bochta ón dá chine ag dul ag ‘scoileanna caca a chéile’. ‘Resist’ a bhí mar rosc catha ag na Gael-Mheiriceánaigh agus iad, dar leo, ag cur in éadan an chos ar bolg ó lucht na bunaíochta.

  5. Déantar trácht ar an nGaeilge agus ar Ros Muc i rith an ama. Seán agus a dheartháir Paddy ag comhrá i nGaeilge i gcúinne an fháinne. Tá mórtas Sheáin as an bhfód agus as an teanga dhúchais soiléir i rith an ama. Ina dhiaidh sin féin, tá sé soiléir go bhfuil sé idir dhá bhruach ó thaobh na féiniúlachta, rud a mhíníonn Mac Con Iomaire go pointeáilte. Cúis gháire chugainn na soilse ag múchadh sa troid le Danny ‘Thunderhand’ Chapman i 1983 ag am go raibh Seán i ngalar na gcás. Is mó teoiric atá ann faoin bhfear/bhean múchta agus déantar eagarthóireacht shnoite ar gháirí/caint na rannpháirtithe faoin gcúram. Níor fágadh an Mainníneach saibhir ach fágadh é le haiféala agus le halcólachas agus tá cuid de na radharcanna a léiríonn an méid sin corraitheach agus truacánta. Sin ceann den iliomad cúiseanna gur mórshaothar faoi leith é seo.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad iad na téamaí a bhí le sonrú sa scannán Rocky Ros Muc? (alt 1)
  2. Cad deirtear faoi Sheán Ó Mainnín ag deireadh alt 1?
  3. Cén fáth nach raibh Seán sásta go ndéanfadh comhlacht mór urraíocht ar a bhrístí? (alt 2)
  4. Cén bhaint atá ag Rónán Mac Con Iomaire leis an togra? (alt 3)
  5. Cad deirtear faoi Pat Nee? (alt 3)
  6. Cén oíche a luaitear in alt 4?
  7. Cén cur síos a dhéantar ar ‘Southie’ in alt 4?
  8. Cén tagairt a dhéantar don Ghaeilge? (alt 5)
  9. Cad é an t-ábhar grinn in alt 5?
  10. Mínigh, i d’fhocail féin, tuairimí an údair i leith an scannáin.

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san Aimsir Láithreach in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa Tuiseal Ginideach uatha/iolra in alt 2.
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar an Aimsir Láithreach:
    • (Geall) sé dom gach lá go ndéanfaidh sé breis iarrachta.
    • Ní (tuig + mé) cad atá sé a dhéanamh.
    • (Léigh + briathar saor) go leor leabhar gach bliain.
    • Ní (aontaigh) siad leat ar chor ar bith.
    • (Déan + briathar saor) go leor airgid a chur amú gach bliain.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An laoch/laoch spóirt atá agat.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair tréithe an duine, déan cur síos ar a bhfuil bainte amach aige/aici, déan cur síos ar a c(h)úlra, cén fáth a bhfuil sé/sí mar laoch agat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 04 – Rocky Ros Muc'