Leacht cuimhneacháin nua i Learpholl d’óglaigh na cathrach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca

Dúradh ag ócáid i Learpholl an tseachtain seo “easpa eolais” ar dhaoine in Éirinn faoin ról a bhí ag an diaspóra san Éirí Amach

Leacht cuimhneacháin nua i Learpholl d’óglaigh na cathrach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca

Nochtadh leacht cuimhneacháin i Learpholl an tseachtain seo d’fhir agus do mhná na cathrach a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca.

Tá an leacht suite i dteach pobail Naomh Anthony, Scotland Road, Learpholl. Nocht an Ceannfort Stephen Mac Eoin, Biúró na Staire Míleata, an leacht don phobal, in éineacht le Bernard Morgan agus Peter King, atá gaolta le daoine a bhí páirteach san Éirí Amach.

Dúirt an Ceannfort go raibh “áthas air” a bheith ag an ócáid, agus luaigh sé an easpa eolais atá ar dhaoine in Éirinn faoin ról a bhí ag an diaspóra san Éirí Amach.

Labhair an tEaspag Tom Williams faoin cheantar Éireannach ina bhfuil St Anthony’s suite, ceantar inar rugadh agus tógadh é féin. “Ní fhéadfainn a bheith níos sásta le hócáid an lae inniu,” a dúirt sé leis an slua mór.

Ghabh an t-iarfheisire parlaiminte Kevin McNamara, buíochas leis an easpag as a chuidiú leis an ócáid. Tá McNamara ag scríobh leabhair faoi na hóglaigh as Learpholl agus tá sé ina chathaoirleach ar Choiste 1916-2016 sa chathair.

Chuir sé fáilte ar leith roimh an bhfeisire de chuid Shinn Féin Micky Brady Sinn Féin (An tIúr/Ard Mhacha Theas), a bhí i láthair, agus dúirt sé : “Is trua nach bhfuil tú ábalta freastal ar Dháil Éireann.”

Fág freagra ar 'Leacht cuimhneacháin nua i Learpholl d’óglaigh na cathrach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca'