Leabhar álainn faoi chailín beag as Mariupol ar fáil i nGaeilge agus in Úcráinis

Bealach pléisiúrtha le leanaí na hÉireann agus leanaí na hÚcráine a chur in aithne dá chéile atá sa leabhar ‘Ba mhaith liom Úcráinis a labhairt’

Leabhar álainn faoi chailín beag as Mariupol ar fáil i nGaeilge agus in Úcráinis

Ag tús an Mhárta i mbliana bhí beagnach 15,000 Úcránach ag freastal ar scoileanna in Éirinn agus 9,650 acu i mbunscoileanna na tíre agus is cinnte gur mór an t-athrú é sin do leanaí an dá thír.

Nuair a iarradh ar phobal na tíre seo fáilte a chur roimh theaghlaigh a bhí ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, chuimhnigh Lindsay Myers agus Bláithín Breathnach ar bhealach pléisiúrtha leis na leanaí ón dá thír a chur in aithne dá chéile.

Léachtóir san Iodáilis agus Léann na Leanaí í Lindsay atá ina cónaí i gConamara agus shocraigh sí féin agus an maisitheoir Bláithín Breathnach leabhar spéisiúil a chur ar fáil do leanaí a chothódh nasc idir an an saol sa tír seo agus san Úcráin.

Tá an leabhar gleoite sin ar fáil anois i dtrí theanga – Gaeilge, Úcráinis agus Béarla. Tá cóipeanna de na leabhair Ghaeilge agus na leabhair Úcráinise á scaipeadh ag COGG ar scoileanna Gaeilge a bhuíochas don mhaoiniú a chuir Ollscoil na Gaillimhe ar fáil chun iad a phriontáil.

Tá 10,000 cóip den leagan Úcráinise den leabhar seo seolta go dtí scoileanna, ionaid tearmainn agus eagraíochtaí a chuidíonn le muintir na hÚcráine sa tír seo agus an-mholadh go deo á thabhairt acusan don leabhar. Tuigeann siad ón scéilín agus na pictiúir aoibhne gur dóibhsean go speisialta a rinneadh an leabhar seo – féirín Cásca ar leith.

Scéilín álainn faoi chailín beag as Mariupol, a cat beag bán agus a máthair atá ag fanacht le teaghlach Leila sa tír seo agus ar ndóigh tá na leanaí sa rang an-fhiosrach faoin Úcráin.

Maisíonn siad an seomra ranga agus cuireann focail Úcráinise ar na póstaeir. Go deas nádúrtha cuirimid féin is na páistí eolas ar aibítir, cluichí agus bia na hÚcráine.

Beidh spéis ar leith tráth seo na Cásca sna huibheacha Cásca sa tír sin. Seachas uibheacha seacláide is amhlaidh a mhaisíonn páistí na hÚcráine uibheacha circe le pictiúir is dathanna.

Bíonn spraoi ag na páistí sa rang ag léiriú finscéalta na hÉireann don chailín beag arbh éigean di a baile féin a fhágáil.

Tá an obair ealaíne sa leabhar fíorghleoite go deo, spreagann na pictiúir sonas agus spleodar na hóige agus cothaíonn dóchas ar theacht an tsamhraidh.

Tá roinnt cóipeanna den leabhar sna trí theanga ar fáil i Siopa Charlie Byrne i nGaillimh ar €8.50. Tá an leabhar Gaeilge ar díol i Siopa Standúin ar an Spidéal. Níl aon bhrabús á dhéanamh ag aon duine as an togra seo agus rachaidh aon airgead a dhéantar ar 500 cóip den leabhar a d’fhéinfhoilsigh Lindsay agus Bláithín chuig an eagraíocht charthanachta ‘Ireland for Ukraine‘.

D’fhiafraigh mé de Lindsay Myers an raibh sé casta tabhairt faoin bhféinfhoilsitheoireacht. Dúirt sí go raibh ach go raibh an t-ádh orthusan maoiniú a fháil ó Ollscoil na Gaillimhe don phriontáil agus níor theastaigh aon íocaíocht ó na haistritheoirí. Dúirt sí gur mhaith leo foilsitheoir a fháil ach gur mhian leo moill a sheachaint. Mar chuid den togra seo d’eagraigh na húdair ceardlanna le leanaí bunscoile chun go mbeadh a gcuid cruthaitheachta sin ar fáil sa saothar. Cuireadh an leabhar i láthair an phobail ag féile leanaí Baboró i nGaillimh san fhómhar seo caite.

Ní díomhaoin atá Lindsay ná Bláithín anois ach iad ag obair ar leabhar Iodáilise – tráthúil go maith agus an Roinn Oideachais chun teangacha Eorpacha eile a thabhairt isteach sna bunscoileanna.

Mar a bheifeá ag súil ó bhean arb é Léann an Leanaí a saineolas acadúil tá suíomh gréasáin ag Lindsay le cuidiú le múinteoirí leas a bhaint as an leabhar sa seomra ranga.

Fág freagra ar 'Leabhar álainn faoi chailín beag as Mariupol ar fáil i nGaeilge agus in Úcráinis'