Duine sa gcéad taobh amuigh de Chúige Uladh a bheadh in ann mórán a inseacht inniu duit faoi Iggy Jones – cuirfidh mé geall mar sin féin gur mhinic a luadh a ainm i dtábhairní ar fud Thír Eoghain le seachtain agus iad ag ceiliúradh a mbua slachtmhar ar Mhaigh Eo Dé Domhnaigh seo caite.
Idir 1946 agus 1956 bhí fear Dhún Geanainn ar an tosach ab fhearr in Éirinn agus ‘draíodóireacht’ baiste ar a chuid imeartha i dtuairiscí nuachtán ó tháinig sé chun suntais ar dtús ar fhoireann Choláiste Phádraig Ard Mhacha a bhuaigh Corn an Ógánaigh i 1946.
Ina chuntas ar an gcluiche sin i Scéala Éireann dúirt Pádraig Puirséal gurbh í an imirt a rinne Jones “ the most outstanding display of Gaelic Football skills I ever hope to witness”. Ba ar Choláiste Iarfhlatha Thuama a bhuaigh siad sa gcluiche. Bhí Puirséalach eile ar an bpáirc acusan – Seán Purcell.
Bhí seisean agus Iggy ag imirt arís an bhliain dár gcionn, ach an babhta seo ba iad buachaillí Thuama a bhuaigh.
Fós ba é imirt Iggy a chuaigh i bhfeidhm ar thuairisceoir an Tuam Herald, a raibh a n-oifig trasna an bhóthar ón siopa inar tógadh Puirséalach Thuama ar an gCearnóg. ‘St. Jarlath’s held an interval lead of a goal, but three goals scored by Iggy Jones, who played wizard football in the second half, gave the Armagh boys a terrific lift…the elusive Jones was unbeatable.’
Sular éirigh chaon duine acu as an imirt bhí Seán agus Iggy páirteach i gcoimhlint mhór amháin eile – babhta leathcheannais sinsearach na hÉireann 1956 a bhuaigh Gaillimh.
Uair amháin eile, lá arna mhárach, bhí oiread céanna de mholadh ag Puirséalach an phinn ar éachtaí Iggy Jones agus a bhí aige ar imirt na mbuaiteoirí a raibh rudaí ar a gcomhairle féin acu nó go dtáinig an dara leath.
‘It was now that Tyrone’s grandstand revival began; and after two narrow misses they came back with Iggy Jones in the van. The diminutive Dungannon wizard zig-zagged right through the opposing defence. A back came across in a despairing effort to block his shot for the net, but Jones strove with a final touch to fist the ball past Mangan in the opposite direction to which he himself was travelling.’

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, chomh fada agus a bhain sé le Tír Eoghain, bhí an Mongánach é féin i mbarr a mhaitheasa agus ar bhealach éicint d’éirigh leis an liathróid a choinneáil as an eangach. B’in í imirt na cinniúna. Bhuaigh Gaillimh 0-8 le 0-6.
Bhí aois na mionúr fágtha ina dhiaidh ag Jones faoin am ar bhuaigh Tír Eoghain Craobhacha Mionúir Chúige Uladh trí bliana as a chéile idir 1946 agus 1948, ach ba astu sin a tháinig bunús na bhfoirne a bhuaigh Chraobh Shinsearach Uladh do Thír Eoghain i 1956 (den chéad uair riamh) agus i 1957 – leithéidí Jim agus Eddie Devlin.
Ba dhornálaí den scoth a bhí i Jim Delvin le linn a óige. Is amhlaidh cás, dála an scéil, do chaptaen caithréimeach na bliana seo Pádraig Hampsey, a bhuaigh cúpla craobh i gCúige Uladh agus a throid in dhá bhabhta ceannais de chuid na hÉireann. Throid sé ar fhoirne an Tuaiscirt i gcomórtais idirnáisiúnta ar Mhór-Roinn na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe.
Fear téagartha crua is ea Hampsey ach bhí na Devlins níos téagartha fós. Lena n-ais ní raibh in Iggy Jones ach séacla, gan é ach 5’ 6” (1.68m) ar airde agus timpeall 10 gcloch mheáchain. A chuid scileanna peile a sheas dó ag am nach mbíodh leathunsa trócaire eatarthu ag formhór na gcosantóirí.
Glactar leis nach raibh a shárú le fáil ag gluaiseacht ar fud na páirce ar ruathair aonair, é in ann éalú as contúirt agus fós ag bualadh na peile ó bharr a bhróige isteach ina lámha – tá siad ann a déarfadh gurbh é a thug an ‘solo’ chun foirfeachta.
Bhí sé ina mháistir ar an scil sin fiú nuair a d’imir sé in aghaidh Choláiste Iarfhlatha i 1946, lá ar scóráil sé 3-4 go dtí gur imir sé a chluiche deireanach dá chlub Cumann Thomáis Uí Chléirigh i nDún Geanainn, club nár bhuaigh Craobh a gcontae ó 1956, nuair a bhí Iggy ag imirt, go dtáinig an bhliain seo caite.
I gcomórtas na gcoláistí a shroich sé a bhuaic, a cháil agus a chumas á cheiliúradh i gcónaí san iomaíocht ar Chorn Mhic Ruairí – craobh shinsearach peile na gcoláistí i gCúige Uladh.
Gradam Iggy Jones a fhaigheann an t-imreoir is fearr i gcluiche ceannais an chomórtais sin chuile bhliain.
Bhásaigh Iggy ar an 4 Meán Fómhair 1992, in aois a 65 bliain.
John Woods
Alt spéisiúil dea-scríofta. B’aoibhinn liom alt nó dhó eile a fheiceáil anseo faoi na laochra móra a bhí ann san aimsir a caitheadh. Tá tú thar a bheith cumasach ag cur an chineáil sin ábhair i láthair.
Mártan Ó Ciardha
Go raibh maith agat a John. Bí ag faire !
Gearóid de Grás
Aontaím le John go hiomlán – ardfhear a Mhártain!
Bead féin ag faire amach d’altanna eile mar iad seo, grmma – agus b’fhéidir ní amháin faoi laochra móra a d’imir ach faoi phearsanna eile a dtugtar ómós dóibh trí corn nó comórtas a ainmniú ina ndiaidh. Tá eolas áirithe agam faoi Sam Mag Uidhir agus Liam Mac Cárthaigh ach cérbh é Mac Ruairí a bhfuil Corn Mhic Ruairí ainmnithe ina dhiaidh? Tá an comórtas Forrestal ann d’iománaithe óga agus an-chuid corn agus comórtas eile á mbronnadh agus á n-eagrú gach bliain ag grádanna éagsúla, peil agus iomáint, ach ní dóigh liom go bhfuil mórán eolais ar fáil faoi mhórán díobh – má tá, ní fhaca mise é pé scéal é.
Grmma arís.