Hum, nuacht bhréige, a shíl an Saoithín Aeráide nuair a bhí scéal sna ceannlínte arís an lá cheana go bhfuil laghdú mór millteach ar líon na bhféileacán san Eoraip.
Ba é an chaoi go raibh sé tar éis an lá a chaitheamh ag scríobadh uibheacha na bánóige móire agus ag croitheadh na bpéist cháil de dhuilleoga na gcabáistí sa cheapach glasraí.
Níor ghlac an Saoithín páirt i ‘ndaonáireamh na bhféileacán’, imeacht bhliantúil san Ísiltír (mar a bhfuil an Saoithín ina chónaí faoi láthair) ina gcomhaireann daoine na féileacáin ar fad a fheiceann siad ina gcuid gairdíní ar feadh ceathrú uaire an chloig. Ach dá nglacfadh, bheadh i bhfad níos mó féileacán le tuairisciú aige ná na cúig cinn sa cheathrú uaire an chloig, ar an meán, a chonacthas san Ísiltír i mbliana (ocht gcinn sa cheathrú uaire an chloig a chonacthas ar an meán anuraidh.)
Le scór go leith bliain anuas, tá titim mhór mhillteach ar líon na bhféileacán ar fud na hEorpa – titim 35 faoin gcéad in Éirinn ó bhí 2008 ann, mar shampla, agus titim 53 faoin gcéad san Ísiltír ón mbliain 1993.
An diantalmhaíocht is cúis leis sin den chuid is mó: aschur CO2 na mbeithíoch, laghdú ar an éagsúlacht plandaí dá bharr sin, agus caighdeán an uisce ag dul i ndonas.
Lena chois sin, toisc gur ainmhithe chomh sobhriste iad na féileacáin, is iad is mó a bhíonn thíos leis na stoirmeacha agus na himeachtaí adhaimsire eile atá ag dul i méid de bharr athrú na haeráide.
Bhí sé sin ar fad ar eolas ag an Saoithín Aeráide nuair a chuir sé tús lena cheapach glasraí féin ag tarraingt ar leathbhliain ó shin, agus chothaigh sé bláthanna fiáine ar imeallacha na ceapaí a mheallfadh beacha, feithidí eile agus go deimhin féileacáin: poipíní, an sála fuiseoige, an lus deartán, an fíogadán agus araile. D’aon ghnó, chuir sé an gleorán in aice leis an gcabáiste: de réir ghúrúnna na talmhaíochta éiceolaíche, mheallfadh an gleorán an bhánóg mhór (an féileacán arb í an phéist cháil a bholb) agus ní chuirfeadh an bhánóg suim sa chabáiste dá bharr.
Ní hé sin go díreach a tharlaíonn, dáiríre. Bíonn dúil ag an diabhal bánóg sa dá rud. An t-aon bhuntáiste ná nach bhfuil an gleorán chomh hard céanna leis an gcabáiste agus go dtiteann na péisteanna cáil a chroitheann an Saoithín Aeráide den chabáiste ar dhuilleoga an ghleoráin agus nach mbíonn a choinsias ag cur as dó.
Gan dabht, ní haon nuacht bhréige é dul i léig na bhféileacán; tá bunús eolaíoch leis na figiúirí. Ach is féidir leat an dá rud a bheith agat, an cabáiste agus na féileacáin. Ach caithfidh tú dua a chur ort féin. B’aoibhinn leis an Saoithin Aeráide an samhradh a chaitheamh ag rothaíocht nó ag Interrailáil timpeall na hEorpa, ach bíonn air a bheith ag faire ar a chuid cabáistí de ló is d’oíche.
Carraig
Budleja, tiocfaidh siad ina saithí.