Tá laghdú eile tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa stát – an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga.
De réir na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2022, a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar maidin, tháinig laghdú 2.5% ó 2016 ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Stát.
Tháinig ardú 6.4% idir 2016-2022 ar líon na ndaoine a mhaígh go raibh labhairt na Gaeilge acu – ó 1,761,420 duine go dtí 1,873,997.
Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge. Den 1,873,997 a thug le fios go raibh Gaeilge acu, mhaígh 195,029 díobh, nó 10.4%, go raibh Gaeilge “an-mhaith” acu.
71,968 duine sa stát a thug le fios i mí Aibreáin 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 1,835 duine ar an 73,803 a dúirt amhlaidh in 2016.
Seo an dara daonáireamh as a chéile inar tuairiscíodh laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla. Laghdú 4.4% a bhí i gceist idir 2011-2016.
Tá líon na gcainteoirí laethúla sa stát laghdaithe 6.8% ó 2011 nuair a thug 77,185 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.
Ba é seo an dara daonáireamh as a chéile chomh maith inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.
Fágann sin go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht laghdaithe 12.6% ó 2011 nuair a thug 23,175 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
De réir na bhfigiúirí is déanaí tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i ngach contae Gaeltachta seachas Ciarraí agus Port Láirge.
Ardú 4% a bhí i gceist idir 2016-2022 i gceantair Ghaeltachta Chiarraí agus ardú 8.8% a bhí i gceist i nGaeltacht Phort Láirge.
Bhí ardú sa daonra sa dá áit le linn na tréimhse céanna agus cé gur tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla i bPort Láirge, tháinig laghdú beag ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge. Ardú beag a bhí i gceist sa chéatadán cainteoirí Gaeilge i gCiarraí.
Bhí ardú daonra i gceist i ngach ceantar Gaeltachta in 2022 ach tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras sna cúig chontae Gaeltachta eile.
Dáithí Mac Cárthaigh
Mura labhraíonn tú Gaeilge sa mbaile le do chlann a léitheoir dhil, is cuid den fhadhb thú.
Mícheál Ó Flaithearta
Ní fheicim tuar dóchais ar bith sna figiúirí seo, faraor. Caithfear polasaithe stáit a athrú go gairid agus go sciobhtha ach tá faitíos orm go bhfuil sé romhall cheana féin. Agus níor tháinig sé seo aniar aduaidh orainn!
Kevin Hickey
Ba chuidiú mór a fháil amach an de bharr na himirce (nó fágáil an bhaile) an laghdú seo, nó an bhfuil cúiseanna eile leis. An bhfuil saineolaithe inár measc a d’fhéadfadh an méid sin a fhiosrú? Baineann sé le hábhar.
Siobhán
Deacair muinín a bheith as na figiúirí seo. Ní fhéadfadh titim shuntasach mar seo tarlúint in achar gearr. Ar thit líon na ndaoine sna Gaeltachtaí a chomhlánaigh an fhoirm ón dtréimhse roimhe?
jpmorley0@gmail.com
Cainteoir dúchais (1):
“Cén fáth nach labhrann tú Gaeilge le do leanbh mic?” Tháinig an cheist aniar aduaidh uirthi agus d’fhreagair:
‘Tá an Béarla níos fearr….” (Í féin amháin a thuig an freagra, b’fhéidir). Ach dob fhiú agus is fiú an cheist sin a chur. Ceist nach gcuirtear.
Cainteoir dúchais (2) sa Bhruiséal, adúirt de mhaoil an bhaige amach, lá;
“Níl aon airgead sa Ghaeilge!” Agus an Ghaeilge chéanna ag tál go fial is go flaithiúil ar sciorránaigh dá sórt.
Cainteoir dúchais (3), óigfhear i mbéal a thagtha amach sa teach tábhairne, a dúirt, “Cén mhaith domsa bheith ag labhairt Gaeilge”? “Cén mhaith dhom í”? D’fhreagair mo chomráda de hap an tairnge é á rá:
“Mar is é do DHÚCHAS í….do dhúchas.”
Pósadh ó shin é agus tá a chlann á tógáil le Gaeilge aige!