Lá stocaireachta réambhuiséid Chonradh na Gaeilge á reáchtáil inniu

€9 milliún atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge dá bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta i mbuiséad na bliana seo chugainn

Lá stocaireachta réambhuiséid Chonradh na Gaeilge á reáchtáil inniu

Cuirfidh Conradh na Gaeilge a n-éilimh réamhbhuiséid faoi bhráid Teachtaí Dála agus Seanadóirí inniu agus lá stocaireachta ar siúl acu in Óstán Buswells trasna ó Dháil Éireann i Sráid Chill Dara.

Tá ‘Plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’, ‘Soláthar seirbhísí sa Ghaeltacht’ agus ‘Deontas na n-ábhar oidí’ i measc na bpríomh-éileamh a ndíreofar orthu ag an ócáid, atá á reáchtáil mar chuid d’fheachtas réamhbhuiséid na heagraíochta teanga.

Tá cuireadh tugtha do Theachtaí Dála agus don phobal a bheith i láthair ag an ócáid agus déanfaidh stocairí teagmháil le hionadaithe áitiúla ina ndáilcheantar féin faoina gcuid éileamh i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

€9 milliún atá á lorg ag Conradh na Gaeilge dá bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta i mbuiséad na bliana seo chugainn.

Is ionann sin agus leath den €18 milliún atá á éileamh acu thar thréimhse trí bliana faoin phlean céanna agus moltaí á ndéanamh acu go mbronnfaí €10 milliún ar Údarás na Gaeltachta agus €8 milliún ar Fhoras na Gaeilge le hinfheistiú a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Táthar á mhaíomh go gcruthófaí os cionn 1,190 post nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fríd an phlean infheistíochta sin, atá aontaithe ag 84 grúpa Gaeilge.

Dúirt an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go dtabharfadh an maoiniú breise “acmhainní riachtanacha” don phróiseas pleanála teanga agus go gcuirfeadh sé “deiseanna” ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud na tíre.

“Tá 70% de bhuiséad na n-údarás fostaíochta Gaeilge agus Gaeltachta gearrtha ó 2007. Tá sé thar am don Rialtas infheistíocht a dhéanamh inár nGaeltachtaí agus inár dteanga,” a dúirt Niall Comer.

Beidh soláthar seirbhísí na Gaeltachta, dúnadh na n-oifigí poist agus deontas na n-ábhar oidí ar chuid de na hábhair eile a phléifear.

€1.8 milliún sa bhliain a chosnódh sé chun costas iomlán thréimhsí na n-ábhar oidí sa Ghaeltacht a íoc.

Chomh maith leis an ócáid i mBaile Átha Cliath inniu, tá sé beartaithe go ndéanfaí stocaireacht le hionadaithe ina ndáilcheantair féin, ar líne agus ar an ghuthán.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, go bhfuil an obair stocaireachta seo “ríthábhachtach” roimh Bhuiséad 2019 a fhógrófar an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Lá stocaireachta réambhuiséid Chonradh na Gaeilge á reáchtáil inniu'