Lá stairiúil ach ná bí ag súil le coimhlint stairiúil agus Éire agus an Phortaingéil le casadh ar a chéile den chéad uair

Is ag iarraidh deiseanna a thabhairt d’imreoirí óga atá Paul O’Connell agus na cluichí seo á n-imirt ag Éirinn san Eoraip

Lá stairiúil ach ná bí ag súil le coimhlint stairiúil agus Éire agus an Phortaingéil le casadh ar a chéile den chéad uair

Cúig áit déag ar thábla rugbaí an domhain atá idir an Phortaingéil, freasúra rugbaí an lae inniu, agus foireann idirnáisiúnta na tíre seo atá ar camchuairt dhá cluiche san Eoraip. Chas siad ar a chéile roimhe seo sa gcluiche seachtar an taobh, ach seo é an chéad uair ariamh ag na Gaeil imirt i gcoinne na Portaingéile i gcluiche cúigear déag an taobh.

Seans go raibh baint leis an seasamh lag a bhí an gcluiche sa Phortaingéil leis an moill a bhain le heagrú cluiche dúshláin idir na foirne. Sin nó gur imir an Phortaingéil den dara huair i gCorn an Domhain sa bhFrainc in 2023. Cháiligh siad don chomórtas in 2007 ach theip orthu fiú agus cluiche amháin féin a bhuachan. Scéal eile ar fad a bhí le tuairisciú acu in 2023 nuair a chríochnaigh siad cothrom leis an tSeoirsia (18 -18) sular aimsigh a gcéad bhua as ocht n-iarracht sa gcomórtas i gcoinne Fhidsí (24-23). Ní aon ábhar iontais gur cuireadh fáilte ar leith rompu agus iad ag filleadh abhaile ar thír atá craiceáilte ag sacar.

Faraor, níor sheas an dea-scéal ná na torthaí, idir sin agus seo d’imir siad cúig chluiche dhéag ach níor éirigh leo ach seacht mbua a chlárú. Fiú i mbliana chaill siad i gcoinne na Spáinne agus na Rómáine i mí an Mhárta seo caite, rud a fhágann iad gan mórán misnigh ná dóchais roimh chluiche an lae inniu.

Is fiú a mheabhrú mar sin féin, nach ionann an fhoireann atá Paul O’Connell a chur chun páirce inniu agus aon fhoireann chéad rogha imreoirí idirnáisiúnta na tíre seo. Meascán atá uirthi díobh siúd nár éirigh leo áit a fháil ar phainéal na Leon agus ógánaigh atá ar bheagán caipíní idirnáisiúnta ná cleachtadh ag an leibhéal seo.

Ní haon iontas dá bhrí sin go bhfuil Paul O’Connell ag tabhairt deis arís do chúpla imreoir óg blaiseadh don imirt ag an leibhéal seo.

Níl deoraí, na Portaingéalaigh féin fiú, ag tuar bua d’fhoireann an bhaile inniu. Cé gur mó cúis náire a bheadh ann dá gcaillfeadh na Gaeil, ní dóigh go mbeidh mórán suime ag lucht leanta rugbaí na tíre seo sa scór, níl uathu ach taispeántas atá cróga, fuinniúil, fisiciúil, sciliúil agus lán d’uaillmhian. Díreach mar a chonaic muid uathu agus iad ag cur an ruaig ar an tSeoirsia (34-5) seachtain ó shin.

Is ar phainéal na hÉireann do Chorn an Domhain in 2027 atá ár n-aird anois.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil ach ná bí ag súil le coimhlint stairiúil agus Éire agus an Phortaingéil le casadh ar a chéile den chéad uair'