‘Lá speisialta agus tábhachtach’ – €800 milliún fógartha ag an Rialtas do thograí trasteorann

Caithfear €600 milliún den mhaoiniú nua, ar uasghrádú an A5 agus cuirfear €50 milliún ar fáil d’athfhorbairt Pháirc Mhic Easmainn in iarthar Bhéal Feirste

‘Lá speisialta agus tábhachtach’ – €800 milliún fógartha ag an Rialtas do thograí trasteorann

Pic: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá €800 milliún fógartha ag an Rialtas do thionscnaimh trasteorann.

Caithfear €600 milliún den mhaoiniú nua, atá á chur ar fáil faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, ar uasghrádú an A5, an mórbhóthar a théann trí Dhoire agus Tír Eoghain agus a cheanglaíonn Dún na nGall agus an t-iarthuaisceart le Baile Átha Cliath.

Cuirfear €50 milliún ar fáil d’athfhorbairt Pháirc Mhic Easmainn in iarthar Bhéal Feirste.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar beag beann ar an todhchaí bhunreachtúil a bhí i ndán don Tuaisceart gur ar leas an phobail go léir é go ndéanfaí infheistíocht i ndaoine agus in infreastruchtúr.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur lá “speisialta agus tábhachtach” a bhí ann.

Dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan, gur beart “tráthúil agus tábhachtach” é agus feidhmeannas Thuaisceart Éireann ar ais i mbun oibre.

Tá maoiniú á chur ar fáil chomh maith do Dhroichead Chaol Uisce i gcontae an Dúin, a cheanglaíonn na Beanna Boirche le leithinis Chuaille agus tá sé i gceist seirbhís traenach gach uair an chloig a chur ar fáil idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste.

Caithfear €10 milliún ar fheabhas a chur ar láthair Chath na Bóinne i gcontae na Mí. €30 milliún a chuirfear ar fáil d’áisíneachtaí fiontraíochta le tograí a bheidh bunaithe ar chomhoibriú trasteorann a chur chun cinn agus tá €24 milliún curtha ar leataobh chun cabhrú le daoine atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh an oideachais.

Dúirt ceannaire an DUP gur cheart go bhfaigheadh CLG maoiniú ó Stormont agus forais mhaoinithe ach nár cheart tuilleadh airgid a chur ar fáil don eagraíocht as státchiste na Ríochta Aontaithe tráth a bhfuil gá ag seirbhísí poiblí riachtanacha le tacaíocht bhreise.

Dúirt sé chomh maith nach é cúram rialtas na hÉireann tacaíocht airgid a chur ar fáil do sheirbhísí poiblí agus infreastruchtúr Thuaisceart Éireann. “Leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann sé sin,” arsa Donaldson.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh beagnach €9.5 milliún caite ag an Rialtas ar chúrsaí cultúrtha agus ealaíne mar chuid de thionscnamh trasteorann, ach nár caitheadh ach €200,000 go dtí seo ar chúrsaí Gaeilge.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus cultúrtha Shinn Féin, nach féidir glacadh leis an neamhréir idir an méid airgid atá caite ar chúrsaí cultúrtha agus ealaíne agus an mhéid atá caite ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.

Fág freagra ar '‘Lá speisialta agus tábhachtach’ – €800 milliún fógartha ag an Rialtas do thograí trasteorann'

  • Pól Ó Braoin

    An rud a chuireann iontas orm ná nach bhfuil dóthain airgid ann le bóithre coscracha scannalacha Chonamara a dheasú ach tá dóthain ann le dul i dtreo an tuaiscirt. Feictear dom gurb fhéidir gur dóthain tola níos mó ná eile a theastaíonn ach seans nach bhfuil ansin ach urchar sa dorchadas uaim, muis…

  • Conaire

    An bhfuil an tuaisceart ag caitheamh an méid céanna nó conas a oibríonn sé?

  • An Teanga Bheo

    Ach céard faoi airgead as Westminister sa ríocht easaontaithe ???????????????