Lá Clárúcháin Aonach Tailteann an deireadh seachtaine seo

Glacfar le hiarratais agus táille iontrála i Seanscoil Sailearna agus in Amharclann Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo don chomórtas nua idirGhaeltachta

Lá Clárúcháin Aonach Tailteann an deireadh seachtaine seo

Áine Ní Bhreisleáin, Eagraí Thír Chonaill Aonach Tailteann. Pictiúr: Lydia Hébras

Beidh “Lá Clárúcháin agus Eolais” ar siúl ag Aonach Tailteann 2017 i nGaoth Dobhair agus i gConamara an deireadh seachtaine seo agus súil ag lucht eagraithe an Aonaigh “roinnt mhaith” daoine a chlárú do chomórtais an tsamhraidh.

Beidh eagraí Chonamara, Maitiú Ó Coimín, i Seanscoil Sailearna Dé Sathairn idir 12 agus 3 a chlog agus beidh eagraí Thír Chonaill, Áine Ní Bhreisleáin, in Amharclann Ghaoth Dobhair ag an am céanna le foirmeacha iarratais a thabhairt amach agus ceisteanna faoin gcomórtas a fhreagairt.

Seoladh Aonach Tailteann in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc an mhí seo caite agus beidh trí lá de chomórtais ar siúl mí Lúnasa in Indreabhán agus i nGaoth Dobhair.

Comórtas idirGhaeltachta atá i gceist agus beidh dhá bhabhta cáilithe, sa dá cheantar Gaeltachta, ann ag tús na míosa roimh an mbabhta ceannais in Indreabhán ag deireadh mhí Lúnasa. Beidh os cionn 30 comórtas ar fad ina gcuid den Aonach agus na comórtais sin in dhá mhór-réimse — an spórt agus na healaíona.

Beidh rásaí snámha farraige, comórtais lúthchleasaíochta, amhránaíocht ar an sean-nós agus lúibíní i measc na gcomórtas sin. Is comórtas do mhuintir na Gaeltachta, óg agus fásta, é Aonach Tailteann.

Scaipeadh foirmeacha ar Chomharchumainn Ghaeltachta, ar scoileanna Gaeltachta agus ar chumainn spóirt Ghaeltachta le cúpla seachtain anuas agus deir na heagraithe go bhfuil siad “an-sásta” leis an aiseolas atá faighte acu ó phobal na Gaeltachta trí chéile faoin imeacht.

Dúirt Maitiú Ó Coimín go bhfuil súil aige ionadaithe ó gach uile cheantar Gaeltachta a fheiceáil i nGaoth Dobhair nó in Indreabhán mí Lúnasa.

“Ó tharla gurb í seo an chéad bhliain a bheidh Aonach Tailteann ar siúl, thosaigh muid le dhá bhabhta cáilithe, ach tá muid ag súil le scoth na lúthchleasaithe agus na n-ealaíontóirí ó gach uile cheantar Gaeltachta a fheiceáil in Indreabhán ag deireadh mhí Lúnasa don chomórtas ceannais.

“Tá spéis mhór léirithe sa chomórtas i gConamara agus i nGaoth Dobhair go háirithe ach tá fiosruithe ag teacht ó Chiarraí, an Mhí, Maigh Eo agus na contaetha eile Gaeltachta freisin,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil sé i gceist an comórtas a leathnú amach sna blianta atá romhainn agus babhtaí cáilithe a reáchtáil i ngach ceantar Gaeltachta.

Agus an comórtas á sheoladh an mhí seo caite dúirt Áine Ní Bhreisleáin go raibh “práinn agus tábhacht” ag baint le beart a dhéanamh sna ceantair Ghaeltachta le tacú leis an teanga, leis an gcultúr agus leis an “oidhreacht shaibhir a théann i bhfad siar”.

Beidh an Lá Clárúcháin ar siúl ar feadh trí uair a chloig Dé Sathairn. Beidh foirmeacha ar fáil ar an lá agus glacfar le foirmeacha atá líonta cheana féin agus an táille iontrála. Tá foirmeacha don dá cheantar ar fáil ar shuíomh Aonach Tailteann faoi láthair.