Lá amháin fágtha d’iarratais do choimisiúnú dráma dátheangach 1916 ó Chomhairle Cathrach BÁC

Tá dráma dátheangach á choimisiúnú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do chomóradh an chéid 1916. Is é an lá amárach an dáta sprice d’iarratais

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Déanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath saothar amharclannaíochta dátheangaí do leanaí a choimisiúnú chun comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Is é an lá amárach an lá deiridh a ghlacfar le hiarratais ó scríbhneoirí ar spéis leo togra. Ní mór bunsmaoineamh 500 focal mar aon le CV agus sampla scríbhneoireachta a chur faoi bhráid na Comhairle.

Beidh an dráma dírithe ar pháistí bunscoile idir 9 agus 12 bliain d’aois agus ceangal éigin aige leis an Éirí Amach, ach ní gá go mbeadh baint dhíreach aige leis. Dráma dátheangach atá á lorg, ach ní ghlacfar le haistriúchán – caithfear an Ghaeilge agus an Béarla a bheith fite fuaite sa dráma ‘ar bhealach nádúrtha’.

Glacfar le hiarratais ó scríbhneoirí ar fud na hÉireann, idir scríbhneoirí fadbhunaithe aitheanta agus scríbhneoirí nua nach bhfuil mórán scríofa acu go dtí seo. Beidh an drámadóir Paul Mercier ag obair leis an scríbhneoir a roghnófar le linn thréimhse mheantóireachta an phróisis. Bronnfar deontas €1,000 ar thriúr scríbhneoirí ag tús na bliana 2016 chun a mbunsmaoineamh a fhorbairt in éineacht le Mercier.

Déanfaidh painéal de mholtóirí aitheanta na hiarratais a mheas, ina measc sin stiúrthóir na hamharclainne Ark, Aideen Howard; bainisteoir an Axis, Niamh Ní Chonchubhair; Jim Culleton, stiúrthóir The New Play Company; agus Paul Mercier féin.

Is i mí an Mhárta 2016 a roghnófar an saothar is fearr as an trí cinn sin agus bronnfar deontas €5,000 ar an scríbhneoir a thabharfaidh an lá leis chun an dráma a chríochnú. Ní bheidh aon chúraimí léirithe ar an drámadóir a roghnófar ach cúraimí scríbhneoireachta amháin.

Is iad an trí riachtanas is suntasaí d’iarratasóirí, ná go mbeadh an dátheangachas go láidir sa dráma, go seasfadh an smaoineamh amach agus go mbeadh sé éasca an dráma a thabhairt chun stáitse i scoileanna timpeall na cathrach.

Tá an Chomhairle ag iarraidh go “ligfear don tsamhlaíocht” agus na drámaí á cheapadh ag na scríbhneoirí agus “rud éigin a rachaidh i bhfeidhm ar pháistí” a chruthú.

“D’fhéadfadh sé a bheith nua-aimseartha seachas stairiúil, rud a bhainfidh siad taitneamh as agus a chuirfidh na páistí i mbun machnaimh agus a fhágfaidh a rian orthu. Tá súil agam go bhfuil scríbhneoirí amuigh ansin atá in ann an dúshlán a fhreagairt,” a dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle.

Beidh an dráma a bhuafaidh an comórtas ag dul ar camchuairt timpeall na scoileanna agus na leabharlann ar fud Bhaile Átha Cliath agus beidh beirt aisteoirí ag glacadh páirte ann. Tá sé i gceist go mbeidh an dráma cúig nóiméad is ceathracha ar fad.

Dúirt an t-urlabhraí ó Chomhairle na Cathrach le Tuairisc.ie gur beartaíodh gan dráma lán-Ghaeilge a choimisiúnú mar, ainneoin an bhorrtha atá faoin nGaelscolaíocht sa chathair, “níl Gaeilge líofa ag gach páiste agus seans nach mbeidh sé ar a gcumas saothar atá go hiomlán i nGaeilge amháin a thuiscint”.

“Toisc go mbeidh cuid den dráma i mBéarla chomh maith le Gaeilge, tugann sin deis nó ‘bealach isteach’ dóibh siúd ar an nGaeilge. Tá súil againn go mbeidh an dráma seo ar ardchaighdeán, mar sin beidh an teanga á foghlaim acu i ngan a fhios dóibh féin.

“Beidh sé spéisiúil go leor do na páistí sna Gaelscoileanna chun a n-aird a tharraingt,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

Ní mór do scríbhneoirí a gcuid iarratas a chur isteach chuig sinead.connolly@dublincity.ie roimh thráthnóna amárach.

Fág freagra ar 'Lá amháin fágtha d’iarratais do choimisiúnú dráma dátheangach 1916 ó Chomhairle Cathrach BÁC'