KNEECAP ruaigthe ón stáitse i UCD

Bhí KNEECAP ag casadh sa Clubhouse Bar ar an gcampas mar chuid de Sheachtain na Gaeilge nuair a tharla an eachtra

KNEECAP ruaigthe ón stáitse i UCD

Tógadh an banna ceoil KNEECAP as Béal Feirste den stáitse ag ceolchoirm sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Bhí na ceoltóirí rap Gaeilge as Béal Feirste ag casadh sa Clubhouse Bar ar an gcampas mar chuid de Sheachtain na Gaeilge Déardaoin seo caite nuair a dhíbir na doirseoirí slándála ón stáitse iad. De réir tuairiscí, tháinig deireadh tobann leis an gceolchoirm nuair a leag ball den bhanna bacainn slándála déanta as rópa. Tuairiscítear gur thosaigh an slua ag canadh ‘Tiocfaidh ár lá’ nuair a díbríodh na ceoltóirí.

Dúirt Barry Murphy, uachtarán aontas na mac léinn in UCD leis an University Times gur theip ar KNEECAP “polasaithe na hollscoile a chomhlíonadh”.

“Tugadh cuireadh do KNEECAP teacht isteach mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i gcomhar le Bord na Gaeilge. Socraíodh roimh an ngig go gcloífidís leis [polasaí comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe UCD] agus le polasaithe Dínite agus Measa UCD. Nuair a theip orthu na polasaithe sin a chomhlíonadh, tógadh den stáitse iad.”

Ní hé seo an chéad uair go bhfuil conspóid tarraingthe ag KNEECAP orthu féin le cúpla seachtain anuas. Rinne an DUP cáineadh ar an mbanna coicís ó shin tar éis do KNEECAP ‘Brits Out’ a bhéiceadh ón stáitse ag ceolchoirm san Empire Music Hall i mBéal Feirste ar an 28 Feabhra.

Tharla an eachtra an lá i ndiaidh don Phrionsa William agus a bhean Kate Middleton cuairt a thabhairt ar an ionad céanna.

Chuir Facebook cosc trí lá ar leathanach KNEECAP tar éis don bhanna físeán den eachtra a chur suas.

I bhfianaise an fhreagra a thug siad ar chonspóid an Empire, is léir nach bhfuil an cáineadh go léir ag cur isteach rómhór ar Móglaí Bap, Mo Chara, agus DJ Próvaí.

 

View this post on Instagram

 

KNEECAP’S OFFICIAL STATEMENT IN REGARDS TO STALFORD’S COMMENTS ??

A post shared by KNEECAP (@kneecap32) on

Beidh KNEECAP le feiceáil ar champas ollscoile eile i mBaile Átha Cliath go luath nuair a chasfaidh siad ag an Trinity Ball ar an 12 Aibreán.

Fág freagra ar 'KNEECAP ruaigthe ón stáitse i UCD'