Keir Starmer an chéad phríomhaire eile ar an mBreatain

Ollbhua a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre in olltoghchán na Breataine agus scrios déanta ar na Tóraithe

Keir Starmer an chéad phríomhaire eile ar an mBreatain

Tá ollbhua faighte ag Páirtí an Lucht Oibre in olltoghchán na Breataine agus scrios déanta ar na Tóraithe. Keir Starmer an chéad phríómh-aire eile a bheidh ar an mBreatain.

Rugadh Keir Starmer in Southwark i ndeisceart Londan i 1962.  Déantóir uirlisí ab ea a athair agus altra a bhí ina mháthair, bean a bhí tinn formhór a óige. De réir tuairiscí ainmníodh é i ndiaidh Keir Hardie, an chéad cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Ní raibh a mhuintir rómhaith as agus is minic é ráite aige gur bhraith a athair go raibh drochmheas ag daoine air mar gheall ar a shlí bheatha. Deir Starmer gur mhúnlaigh taithí sin a athar a mheon i leith na sochaí agus gur mhúin sé dó an gá atá le meas a léiriú ar chách.

An íomhá a cuireadh chun cinn go minic de Keir Starmer ná gur dlíodóir go smior é a lean na faisin is déanaí de chuid na heite clé a bhí  liobrálach, bogásach, a bhain le scothaicme na cathrach agus gur beag a thuiscint ar fhadhbanna an ghnáthdhuine.

Deir a lucht aitheantais nach duine leamh mímhuinteartha rócháiréiseach é, mar a mhaítear go minic, ach a mhalairt. Duine cairdiúil é a bhfuil slí bhreá leis agus bá aige le daoine, a deir siad. Tá an sacar agus Arsenal gar dá chroí agus imríonn sé féin i gcónaí le scata cairde as tuaisceart Londan.

Bhí Starmer ar an gcéad duine dá chlann a chuaigh go dtí an coláiste. Dhein sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Leeds agus in Oxford ina dhiaidh sin. D’oibrigh sé i réimse chearta an duine sular ceapadh ina phríomh-ionchúisitheoir é.

Níor chuaigh sé leis an bpolaitíocht go dtí go raibh sé sna caogaidí agus ba in 2015 a toghadh chun na parlaiminte den chéad uair é.

Cé gur mhinic Starmer ag easaontú le hiarcheannaire an pháirtí, Jeremy Corbyn, thoiligh sé a bheith ina urlabhraí Breatimeachta don pháirtí.

Bhí sé glan in aghaidh an Bhreatimeachta ach deir sé nach ndéanfaidh sé aon iarracht é a chur ar ceal.

Ollbhua ag Páirtí an Lucht Oibre in olltoghchán na Breataine, scrios déanta ar na Tóraithe agus an SNP

Ba é olltoghchán 2019 an t-olltoghchán is measa a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre ó 1935 agus bhí a rás rite ag Corbyn mar cheannaire. Roghnaíodh Starmer mar chomharba air agus d’éirigh leis smacht a chur ar pháirtí a bhí scoilte go tóin.

Chuir Keir Starmer roimhe an páirtí a bhogadh I dtreo an láir agus chaith sé i dtraipisí cuid mhór de chlár sóisialach Corbyn. Ghabh sé leithscéal as an bhfríth-Sheimíteachas a bhí ag scaipeadh sa pháirtí, de réir fiosrúchán inmheánach.

Is minic é curtha i leith Starmer gur rómhinic  a fhaigheann an pragmatachas an ceann is fearr ar a chuid prionsabal.

Rinne sé maolú chomh mór sin ar phlean go gcaithfeadh Páirtí an Lucht Oibre na billiúin ar an teicneolaíocht ghlas nach raibh ann sa deireadh ach sop in áit na scuaibe le taobh an chéad mholta. Fuarthas locht air chomh maith as fáil réidh le cuid de na gealltanais a rinne sé agus é ag seasamh do cheannaireacht an pháirtí. I measc na ngealltanas sin, bhí ardú ar cháin ioncaim, seirbhísí poiblí a chur faoi choimirce an stáit agus fáil réidh le táillí ollscoile.

Tá an róchoimeádachas á lua go láidir leis arís le tamall agus é ag diúltú sos comhraic láithreach a éileamh in Gaza, seasamh arb é an toradh air gur tugadh bata agus bóthar do roinnt daoine ar a bhinse tosaigh nár aontaigh leis.

Deir a lucht tacaíochta go bhfuil míthuiscint ar dhaoine faoi Starmer agus gur duine praiticiúil é a bhí meáite ar Pháirtí an Lucht Oibre a chur i mbun rialtais chun leas na tíre a dhéanamh, seachas a bheith ag cnáimhseáil sa fhreasúra agus gan aon athrú a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Keir Starmer an chéad phríomhaire eile ar an mBreatain'

  • Concubhar

    Starmer.