Tá na mílte litreacha seolta chuig úinéirí talún i gceantair Gàidhlig in Albain toisc nár chuir siad an páipéarachas cuí isteach i mbliana.
Faoin dlí in Albain, is gá do chrochtóirí a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil siad ina gcónaí gar dá gcrochtaí (croit) agus go bhfuil aire mar is ceart á tabhairt acu dóibh. Coimisean na Croitearachd in Albain a scríobh chuig na crochtóirí (croitearan) chun an dlí a mheabhrú dóibh.
D’fhéadfadh sé go mbeadh suas le 3,500 crochtóir os comhair na cúirte mar gheall gur chaill siad an sprioc don pháipéarachas bliantúil. Is coir é gan an páipéarachas a chur isteach faoi dhlí na hAlban. Dúirt príomhfheidhmeannach an choimisiúin, Gary Campbell, gur “ábhar tromchúiseach” a bhí ann agus go bhfuil gníomh díreach á dhéanamh ag an eagraíocht dá bharr.
Is córas gabháltais é an chrochtóireacht (croitearachd) a bhaineann go sonrach le hAlbain agus atá i bhfeidhm den chuid is mó sa Ghàidhealtachd agus sna hEileanan Siar – na ceantair is mó a bhfuil an Ghàidhlig beo iontu. Tá tuairim is 20,000 crochta in Albain agus tuairim is 30,000 duine i dteaghlaigh a bhfuil crochta acu. Tá thart ar 16,000 duine cláraithe mar chrochtóirí sa tír.
Dúirt Andrew Thin, cathaoirleach an choimisiúin, gur údar díomá é nár chomhlíon an oiread sin crochtóirí a ndualgas agus d’éiligh orthu an páipéarachas a chur isteach.
“Táimid ag scríobh chuig 3,500 crochtóir ar theip orthu a dheimhniú go bhfuil cónaí orthu go háitiúil agus go bhfuil siad ag úsáid a gcrochtaí. Má tá tú féin ar dhuine acu siúd, glac leis seo go dáiríre le do thoil,” a dúirt sé.
Tá fáilte curtha ag an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar chrochtóirí in Albain roimh an scéala go bhfuil an coimisiún ag díriú ar chrochtóirí nach bhfuil ag comhlíonadh na ndualgas. Dúirt príomhfheidhmeannach Chónaidhm Crochtóireachta na hAlban, Donna Smith, go gcabhróidh sé crochtaí nach bhfuil in úsáid a thabhairt isteach sa chóras arís mar is ceart.
“Gach áit a mbíonn cruinnithe áitiúla agam le crochtóirí, is í an cheist is mó a tharraingítear aníos ná crochtóirí neamhchónaitheacha nó crochtóirí atá ag déanamh faillí i leith a gcrochtaí. Is uirlis é an fógra bliantúil is féidir leis an gcoimisiún a úsáid lena chinntiú go bhfuil crochtóirí ag comhlíonadh a ndualgas.
“Mar sin cuirimid fáilte roimh an aird bhreise seo atá á díriú ar dhaoine nach bhfreagraíonn an fógra. De réir a chéile, réiteoidh sé seo cásanna ina bhfuil crochtóirí ag sárú na ndualgas atá orthu agus tabharfar tuilleadh crochtaí isteach in úsáid ghníomhach,” a dúirt Smith.
Is gabháltas é an crochta a fhaightear ar cíos, den chuid is mó, agus atá, ar an meán, thart ar chúig heicteár. De réir na reachtaíochta, a tugadh isteach den chéad uair in 1886, is gá don chrochtóir a bheith ina chónaí laistigh de 20 míle (32 ciliméadar) dá chrochta, gan faillí a dhéanamh ina leith, agus é a shaothrú.
Deir Coimisean na Croitearachd gur gné thábhachtach de chultúr na Gàidhealtachd í an chrochtóireacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach agus Lochlannach atá sa cheantar.
Fág freagra ar 'Rabhadh faoi shárú an dlí faighte ag 3,500 úinéir talún in Albain'