Deirtear go minic faoi dhuine atá imithe ar shlí na fírinne gur ‘fear uasal a bhí ann’. Is féidir é sin a rá go cinnte faoin laoch mór atá imithe uainn, John O’Mahony.
Bhí aithne agam air mar scoláire, mar mhac léinn, mar mhúinteoir, mar pheileadóir agus mar bhainisteoir foirne. Chuir mé aithne arís air agus é ina Theachta Dála agus ina Sheanadóir. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais uilepháirtí a bhí ag plé le cúrsaí cumarsáide agus chas mé leis cúpla babhta istigh i dTeach Laighean.
Sin beirt a raibh cáil mhór orthu i gCumann Lúthchleas Gael, Mícheál Ó Muircheartaigh agus John O’Mahony, imithe uainn le coicís anuas.
Micheál: The Sound of Sunday.
RTE 1, Wednesday July 3rd @ 10.25pmHere’s a short clip pic.twitter.com/3EYa717No1
— Maurice Sweeney (@mosweeney1) July 2, 2024
Bhí aithne agam ar Mhícheál ón uair a mbíodh sé ag scríobh colún spóirt don pháipéar Amárach. Gach maidin Dé Luain chuireadh sé glaoch gutháin orainn ar an gCnoc in Indreabhán agus an colún scríofa amach le peann aige. Bhí sé mar dhualgas ormsa an glaoch a thógáil agus é a chlóscríobh don pháipéar. Cheannaigh an t-eagarthóir Pól Mac an Draoi, nach maireann, gléas nua-aimseartha dom- sórt crúca don teileafón a shuíodh ar mo ghualainn – agus léadh Mícheál amach scéal agus tuairimí na seachtaine dom.
Bhí aithne agam ar John ón uair a mbíodh sé le feiceáil i mbaile Bhealach a’Doirín agus é ag freastal ar an gColáiste ansin. B’as Cill Mobhí ó thús é ach aithnítear é anois mar fhear Bhealach a’Doirín.
Bhí an oiread sin bainte amach ag John O’Mahony ina shaol le CLG go bhfuil sé deacair méar a shíneadh ar aon chraobh amháin. Chuala mé blúire beag raidió inniu ón gcluiche i gCraobh Chonnacht a bhuaigh sé mar bhainisteoir le Liatroim sa mbliain 1994 . D’aithneofá ón taifead ar an raidió gur bua ar leith a bhí ann – an chéad uair ar bhuaigh Liatroim an Chraobh ó 1927.
Ach cuimhním ach go háirithe ar an mbua Uile-Éireann a bhí aige mar bhainisteoir le Gaillimh sa mbliain 1998.
Is é an fáth is mó a gcuimhním ar an mbua sin, ná gurb in é an bua, agus an bhliain a chuaigh roimhe, atá inste sa scannán A Year ‘Til Sunday le Pat Comer, a léirigh Power Pictures.
Sa bpíosa a scríobhadh ar an suíomh spóirt Joe.ie deir siad go raibh an scannán sin ar an gclár faisnéise ab fhearr riamh a rinneadh faoi Chumann Lúthchleas Gael.
I dtús na bliana sin, ní fhéadfadh a fhios a bheith ag Pat Comer, an stiúrthóir, cé mar a d’éireodh le Gaillimh. Bhí cúpla iarracht déanta aige roimhe sin ar scannánú a dhéanamh i gcaitheamh na bliana leis an bhfoireann. Ach ní dheachaigh siad chun cinn sa Chraobh.
Bhí buntáiste mór amháin ag Pat. Bhí sé ina chúl báire taca ag foireann na Gaillimhe. Nuair a tháinig John O’Mahony i gceannas ar an bhfoireann an bhliain sin, chinn Pat gan bacadh le cead scannánaíochta a iarraidh air. Thugadh sé leis a cheamara aon uair a d’fhéad sé. Bhí sé sa seomra feistis, bhí sé ar an bpáirc, bhí sé ag na seisiúin cóitseála, bhí sé i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhuadar Craobh na hÉireann ar an Domhnach cinniúnach sin i 1998.
Bhí Pat ina chónaí ar an gCeathrú Rua agus ag imirt in éindí leo-san an bhliain roimhe sin agus é éirithe as an bpeil idirchontae – cheap sé. Ach bhí peileadóirí iontacha amhail Seán Óg de Paor, Seán Ó Domhnaill, Garry Mac Donncha agus Anthony Finnerty ag imirt leis an gCeathrú Rua agus bhuadar Craobh an chontae, an chéad chlub Gaeltachta riamh a rinne an beart.
Iarradh ar Pat dul ar ais le foireann an chontae mar chúl báire taca agus é 34 bliain d’aois. Tháinig sé. Agus thug sé leis a cheamara.
Tugann an scannán léargas grinn ar an stíl bhainistíochta a bhí ag John O’Mahony. Feiceann tú an chaoi a dtugann sé gríosadh agus misneach dá chuid imreoirí. Feiceann tú an chaoi a n-éisteann siad leis agus an t-ómós atá acu dó.
Feiceann tú oícheanta fada an gheimhridh, an talamh fliuch, an phuiteach, an dorchadas, an phian. Agus taobh thiar de sin ar fad, an bhrionglóid – chuile dhuine dírithe ar an Domhnach áirithe sin sa bhfómhar, má éiríonn leo dul chomh fada leis an gCraobh Uile-Éireann.
Bhí Pat Comer ar an turas sin le foireann na Gaillimhe -agus go deimhin bhí daoine eile a chuidigh leis ar an turas – d’éirigh leis pictiúir a fháil as Londain, as Gaillimh, as Nua-Eabhrac, agus ‘Amhrán na bhFiann ‘ á chasadh go hard i bPáirc an Chrócaigh. Bhí sé ann arís leis an gceamara agus iad ar an turas siar le Corn Sam Mag Uidhir, tinte cnámh lasta le taobh an bhóthair agus bhí sé fós ag taifeadadh nuair a cuireadh fáilte ar leith rompu ar an gCeathrú Rua.
Le cúpla lá anuas bhí mé ag smaoineamh ar leithéidí Pat Comer agus an fear a stiúir an clár eile The Sound of Sunday faoi Mhícheál Ó Muircheartaigh, Maurice Sweeney. Ba é an comhlacht neamhspleách Loosehorse a rinne an clár álainn sin.
Tá an dá chlár sin thart ar 20 bliain d’aois nó os a chionn. Cé gur taispeánadh ar RTÉ iad, níorbh é RTÉ féin a rinne iad. Coimisiúin a bhí iontu.
Smaoinigh mé ar na cláir áirithe sin an tseachtain seo i ngeall ar na carachtair mhóra atá mar ábhar iontu. Ach tháinig siad isteach i m’intinn freisin toisc gur chuala mé díospóireacht ar an raidió an tseachtain seo caite faoin gcaoi a ndéantar clár teilifíse. Dúirt polaiteoir amháin nár aontaigh sí le coimisiúnú clár ‘mór-le-rá’ (ar nós Fair City agus The Late Late Show). Bhí sí den tuairim nach bhfeadfaí iad a chur i lámha na léiritheoirí neamhspleácha, ar chúis éigin.
Bhí sé de phribhléid agam féin oibriú le cuid de na léiritheoirí agus na stiúrthóirí neamhspleácha is fearr sa tír – Loosehorse agus Pat Comer ina measc. Níl a fhios agam cén chaoi a n-airíonn siad nuair a chloiseann siad polaiteoirí ag déanamh beag is fiú dá gcuid saothar.
Ní gá d’éinne a bheith míchompordach faoina bhfuil i ndán do mhuintir Carrigstown ná don Late Late. Beidh na léiritheoirí neamhspleácha an-sásta ‘an corn seo a ghlacadh’.
Is féidir spléachadh a fháil ar mháistreacht Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh agus ar chinnireacht agus meanma John O’Mahony ach an cnaipe a bhrú ar Youtube.
Fág freagra ar 'John O’Mahony – fear uasal agus ceannaire a d’fhíoraigh aislingí'