John Bruton, an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire ar Fhine Gael ar shlí na fírinne

Bhí John Bruton ina Thaoiseach idir 1994-1997 agus é i gceannas ar an gcomhrialtas idir Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus an Daonlathas Clé

John Bruton, an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire ar Fhine Gael ar shlí na fírinne

Tá an t-iarThaoiseach John Bruton tar éis bháis. Bhí sé 76 bliain agus bhí sé tinn le tamall.

“Is cúis mhór bhróin dúinn a fhógairt go bhfuil John Bruton an t-iarthaoiseach básaithe,” a dúradh i ráiteas a chuir a chlann amach.

“Bhí sé tinn le fada agus fuair sé bás suaimhneach go moch maidin inniu in Ospidéal Príobháideach an Mater agus é i dteannta a mhuintire, a raibh an an-ghrá acu dó.

“Fear céile maith, athair maith  agus fíor-thírghráthóir ab ea é. Braithfimid uainn go mór é.”

Bhí John Bruton ina Thaoiseach idir 1994-1997 agus é i gceannas ar an gcomhrialtas idir Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí an Daonlathais Chlé. Bhí sé ina cheannaire ar Fhine Gael ó 1990-2001.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh sé croíbhriste faoi bhás John Bruton agus go raibh Bruton ina spreagadh mór aige agus é féin ag dul leis an bpolaitíocht.

“Fear gnímh agus fealsamh ab ea John. Bhí dúil a anama san Eoraip aige nuair a bhí sé sa rialtas agus nuair a bhí sé sa fhreasúra agus bhí a chomhghleacaithe san Eoraip agus i bPáirtí Phobal na hEorpa (EPP), a raibh sé tamall ina leasuachtarán air, an-cheanúil air agus bhí meas mór acu air. Thuig sé go raibh áit agus cinniúint na hÉireann i gcroílár na hEorpa agus ba go deisbhéalach a rinne sé an cás ar a shon sin.”

Dúirt an Taoiseach go raibh Bruton coimeádach ach go raibh an-chomhbhá aige le daoine chomh maith agus gur chreid sé i gcearta agus i bhfreagrachtaí an duine aonair agus sa chóir shóisialta.

Ó thaobh cheist an Tuaiscirt chreid Bruton i bprionsabal na tola agus bhí sé in aghaidh an fhoréigin, a dúirt Varadkar.

Dúirt an Taoiseach go ndearna Bruton iarracht mhór a bheith tuisceanach don phobal aontachtach.

John Bruton. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

“Chuir sé tírghrá nua chun cinn agus chuir sé i gcoinne an náisiúnachais chúng,” arsa Leo Varadkar.

Mhaígh Varadkar chomh maith go raibh na cinntí a rinne Bruton agus é ina Thaoiseach idir 1994-1997 ina mbunchloch don rath eacnamaíochta a bhí ann ina dhiaidh sin. Luaigh an Taoiseach chomh maith an ról a bhí ag John Bruton sa reifreann faoin gcolscaradh i 1995.

Dúirt Varadkar go gcuimhneofaí go deo ar an tseirbhís a thug Bruton d’Fhine Gael agus don Stát.

Dúirt an t-iarThaoiseach Bertie Ahern gur duine “uasal” ab ea John Bruton, duine “macánta” a thug tús áite i gcónaí do leas an phobail agus do leas na tíre.

“Ní bheadh aon drochrud le rá agamsa faoi John Bruton,” a dúirt Bertie Ahern.

Dúirt Micheál Martin, an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil, gur cúis mhór bhróin dó bás John Bruton.

“Polaiteoir an-díograiseach a bhí lán le smaointe agus fuinneamh ab ea John, a d’oibrigh  gan stad gan staonadh ar son an athmhuintearais ar oileán na hÉireann. Eorpach díograiseach ab ea John agus bhí sé diongbháilte faoi áit na hÉireann san AE, chreid sé sa tseirbhís phoiblí agus fíor-thírghráthóir a bhí ann,” arsa an Tánaiste Micheál Martin.

Dúirt Mary Lou MacDonald, ceannaire Shinn Féin, go raibh “an-bhrón” uirthi faoi bhás an iarThaoisigh.

Dúirt Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, gur duine uasal ab ea John Bruton a rinne iarracht an pobal aontachtach a thuiscint agus comhoibriú leo.

Rugadh é i 1947 agus toghadh chun na Dála den chéad uair é i 1969 nuair a d’éirigh leis suíochán a bhuachan sa Mhí. Ní raibh sé ach 22 bliain d’aois. Bhí céim aige san eacnamaíocht agus sa pholaitíocht ó UCD agus glacadh leis mar abhcóide i 1972.

Bhí sé ina aire airgeadais faoi dhó, i1981-1982 agus 1986-1987. Chaith sé tréimhsí chomh maith ina aire tionsclaíochta agus fuinnimh agus ina aire trádála, gnó agus turasóireachta.

Nuair a d’éirigh sé as an Dáil in 2004, ceapadh é mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh chun Stáit Aontaithe Mheiriceá, ról a bhí aige go dtí 2009.

Bhain Bruton go dlúth le traidisiún agus teagasc Sheáin Mhic Réamoinn agus bhí portráid de Mhac Réamoinn crochta aige in Oifig an Taoisigh le linn a thréimhse ann.

Chreid sé go láidir sa pholaitíocht bhunreachtúil agus bhí sé glan in aghaidh ghluaiseacht na láimhe láidre. Cheap sé, mar shampla, gur botún a bhí in Éirí Amach na Cásca agus sa chogadh a lean.

John Bruton. Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

Cheap sé gur botún a bhí ann chomh maith an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga náisiúnta an tSaorstáit mar gur cheap sé gur fhág a leithéid de pholasaí go dtuigfí d’aontachtaithe nár bhain an náisiún nua leo.

Thuill a chuid iarrachtaí leis an phobal aontachtach a mhealladh an leasainm ‘John Unionist’ dó.

Bhí sé ina Thaoiseach nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge i 1995 agus dúirt sé ar an oíche oscailte gur le “gach duine againn an Ghaeilge” agus gur “seoid náisiúnta í”.

Le linn a chéad thréimhse ina aire airgeadais, rinne Bruton agus an rialtas cinneadh conspóideach cáin bhreisluacha a ghearradh ar éadaí agus bróga, éadaí agus bróga páistí san áireamh. Theip ar an mbuiséad agus thit an rialtas.

Ba é an chéad duine a ceapadh ina Thaoiseach é i lár téarma Dála, gan aon olltoghchán.

Ceapadh ina Thaoiseach é i mí na Nollag 1994 nuair a rinne Fine Gael margadh le Páirtí an Lucht Oibre i ndiaidh dóibh éirí as a socrú  comhrialtais le Fianna Fáil.

Agus í faoi agallamh ar RTÉ, dúirt an t-iar-aire dlí agus cirt Nora Owen go raibh baint mhór ag John Bruton le Comhaontú Aoine an Chéasta, rud nár tugadh dóthain aitheantais dó as, dar léi.

Dúirt iarcheannaire Fhine Gael, Alan Dukes gurbh iontach an tobar eolais é John Bruton agus gur éirigh an-mhaith leis ina shaol polaitíochta. Dúirt Dukes go ndearna Bruton go maith agus comhrialtas ina raibh páirtithe a bhí an-éagsúil lena chéile a choimeád le chéile.

“D’fhéadfá easaontú leis gan a bheith ag troid leis. Bhíodh dithneas air agus é ag iarraidh rudaí a bhaint amach,” arsa Alan Dukes, iarcheannaire ar Fhine Gael.

Maireann a bhean Finola, a mhac Matthew, a n-iníonacha Juliana, Emily agus Mary-Elizabeth, a dheartháir Richard agus a dheirfiúr Mary, gaolta agus cairde leis.

Fág freagra ar 'John Bruton, an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire ar Fhine Gael ar shlí na fírinne'