Joe McHugh ina ‘poster boy’ don Ghaeilge sa Bhrasaíl agus a shoiscéal á scaipeadh le fonn aige

Féadfaidh tú do rogha rud a rá faoi Aire Stáit na Gaeltachta ach ba léir rud amháin faoi agus é ar cuairt ar São Paulo sa Bhrasaíl – creideann sé ina shoiscéal

Joe McHugh ina ‘poster boy’ don Ghaeilge sa Bhrasaíl agus a shoiscéal á scaipeadh le fonn aige

Is iomaí tuairim a bhí léite agus cloiste agam faoin Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh sular iarradh orm páirt a ghlacadh i gcomhrá poiblí leis le gairid, ag Ollscoil São Paulo sa Bhrasaíl, áit ar cuireadh Joe do sheó bóthair taidhleoireachta Lá’le Pádraig.

Ní raibh cuid den tuairimíocht a chonaic agus a chuala mé ina thaobh, ar na leathanaigh seo agus in áiteanna eile, ródheas. Ní haon áibhéil a rá go mbíonn Joe ina cheap magaidh ag na meáin Ghaeilge go minic; é á chur ina leith acu gur mó a aird ar an spórt agus an spraoi a bhainfeadh an dream nach labhraíonn í as an teanga ná ar riachtanais an dreama a bhíonn á labhairt go laethúil.

Is iomaí ceist nach mbeinn féin ar aon tuairim le Joe fúithi agus is beag an luí a bheadh agam leis an bpáirtí polaitiúil lena mbaineann sé. 

Ach goilleann sé orm nuair a bhítear ag magadh faoi, agus faoina ‘thuras teanga’, sna meáin Ghaeilge.

Is amhlaidh gur thosaigh turas teanga Joe agus mo thuras teanga féin san áit chéanna, i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Thír Chonaill.

Ach tá níos mó i gcoitinne agam féin agus Joe ná an cúpla seachtain a chaith muid sa Ghleann (ag amanna éagsúla.)

Is é an chaoi go ndearnadh ‘poster boys’ de chineál den bheirt againn: samplaí feiceálacha d’fhoghlaimeoirí fásta a thug an teanga leo agus a spreagfadh daoine eile i mbun foghlama.

‘Más féidir le fear ón Ísiltír Gaeilge a fhoghlaim…’

‘Más féidir le Joe McHugh turas teanga a chur de…’

Go drogallach a ghlac mise riamh leis an ról sin; go fonnmhar a ghlac Joe leis. Nó sin a cheapas agus mé ag éisteacht leis in São Paulo an lá cheana, chuile ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ agus ‘ní neart go cur le chéile’ uaidh agus a shoiscéal á thabhairt do shlua Gael agus Brasaíleach aige. Bhí an soiscéal sin chomh dearfach sin go ndúirt Joe, ag pointe amháin, go raibh sochaí na hÉireann, dar leis, ag bogadh i dtreo casphointe maidir lena ndearcadh i dtreo na Gaeilge.

Agus ag an bpointe sin, chas mise chuig Joe, a bhí ina shuí in aice liom, agus dúirt mé rud éigin leis nár inis mé do dhuine ar bith riamh, fiú do na cairde is fearr atá agam in Éirinn. 

‘Joe,’ a dúirt mé, ‘nuair a chasaim le hÉireannaigh inniu nach bhfuil aithne agam orthu, ní dheirim leo go bhfuil Gaeilge agam. An diúltacht ar fad, an síor-‘Cén-fáth-faoin-spéir-a-bhfoghlaimeodh-do-leithéidse-an-Ghaeilge’, níl mé in ann chuige níos mó, tá mé tinn tuirseach de. Creid uaim é, is i bhfad ó chasphointe atáimid fós.’

Seans gur bhain m’ionracas siar rud beag as Joe bocht, ach ba ghearr gur tháinig sé chuige féin. An oíche sin, agus óráid á tabhairt aige don slua a bhí bailithe le chéile ag cóisir Lá’le Pádraig chonsalacht na hÉireann i gcathair São Paulo, mheabhraigh sé seanmóirí soiscéalach Brasaíleach dom agus a raibh i láthair, idir Ghaeil, Bhrasaíligh agus eile, á mealladh i dtreo na Gaeilge aige.

Agus bhí lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil an fuinneamh sin ag duine againn fós.

Fág freagra ar 'Joe McHugh ina ‘poster boy’ don Ghaeilge sa Bhrasaíl agus a shoiscéal á scaipeadh le fonn aige'

  • Síle Ní Chathasaigh

    Seo fíor. Muna bhfuil daoine in ann chasphointe aigne agus dhearchadh ó thaobh an Ghaeilinn de a shroicheadh as a stuaim fhéin, is sár i bhfad ó gcasphointe suntasach i dtreo an Ghaeilinn a bheimid ge deo. Blijven doorgaan. A união faz a força.

  • Fearn

    Bailíonn brobh beart, cé nach bhfuil locht ar ionracas an bhroibh!

  • Síle Ní Chathasaigh

    A Fhearn, ní thuigim go hiomlán cad atá i gceist agat leis an nath/seanfhocal thuasluaite. An bhfuil lucht (beart) McHugh agus a leithéid sa rialtas ag scaipeadh soiscéil bréige faoin nGaeilinn (locht ar ionracas) nó nach bhfuil neart ann ó thaobh phobal na teanga fhéin de? Súil agam go dtuigeann tú mo fhreagra. GRMMA.

  • Ben Ó Ceallaigh

    Ní rud maith é go gcreideann Joe a sheanmóir, má chreideann fhéin!

    Dar liomsa nach bhfuil ann ach cleas soiniciúil eile ó pholaiteoir a thug faoi deara gur mhaith le muintir na hÉireann go mairfeadh an Ghaeilge beo gan aon iarracht a dhéanamh ina leith. Ní amadan é Joe agus tuigeann sé má spalpann sé an cacamas seo le mionghaire air (mar a dhéanann sé chuile uair a cheistítear é faoi pholasaí sa dáil) gur féidir leis na ceisteanna crua faoi imeacht as na Gaeltachta agus polasaithe teanga-dhíothuithe an aosa pholatiúil a sheachaint.

    Ach fiú MÁ chreideann sé a chuid cainte fhéin mar a mhaíonn tu a Alex, is rud uafasach é sin! Tá sé ina scannal dearg go mbeadh duine atá chomh dall sin ar dhushláin reatha na teanga i bhfeighil ar pholasaí Gaeltachta.

    B’fhéidir gur duine deas é le labhairt leis, ach na déanaimis dearmad choíche go bhfuil géarchéim teanga ann sa nGaeltacht faoi láthair, géarchéim ar a dhéanann Joe McHugh neamhaird iomlán, cuma chomh prainneach is atá sí.

  • Feardorcha

    Is maith sin a chloisint, treise lena shoiscéal.
    B’fhiú Aire na Gaeilge a dhéanamh dó ag pointe éigin agus fáil réidh le haireacht na Gaeltachta.