Joe McHugh – an foghlaimeoir gur cuma sa diabhal leis cé atá ag éisteacht

Tá rud éigin eisceachtúil faoi Aire Stáit na Gaeltachta i gcomórtas le foghlaimeoirí Gaeilge eile

Joe McHugh – an foghlaimeoir gur cuma sa diabhal leis cé atá ag éisteacht

Thugas cuid mhaith den tseachtain seo caite ag éisteacht le Joe McHugh ag cur as sa Dáil agus sa Seanad faoin nGaeilge, agus chaithfinn é a thabhairt suas dó gur duine eisceachtúil amach is amach é.

Bhraitheas agus mé ag éisteacht le Joe ag Gaeilgeoireacht leis go raibh rud éigin éagsúil faoi i gcomórtas le mórán foghlaimeoirí eile, ach bhí ag dul díom mo mhéar a leagan ar cad é go díreach a bhí difriúil faoi, seachas gur aire stáit Gaeltachta é, ar ndóigh.

Go hobann bhuail splanc na tuisceana mé – is cuma leis sa f*c cé atá ag éisteacht leis.

Gabh mo phardún as an drochchaint, ach ní éireodh liom cur síos a dhéanamh dá huireasa ar an tsiúráil mhillteach a bhí ag sileadh le gach siolla dá dtáinig óna bhéal, é beag beann ar aon riail, ná aon chnáimhseálaí ceartaiseach a bheadh ag éisteacht leis.

Ní foláir nó gurb é an foghlaimeoir Gaeilge is righne agus is teanntásaí ar chlár an domhain.

Fathach é i measc foghlaimeoirí a mbíonn gátar teanntáis agus muiníne ar chuid mhór acu go minic.

Eiseamláir é Joe d’fhoghlaimeoirí Gaeilge na cruinne. Duolingo i gcruth daonna.

Tá sé chomh mór sin ar nós cuma liom, go dtaibhseofaí duit uaireanta nárbh é Enda Kenny a cheap in aon chor é ach gurbh amhlaidh gur fógraíodh amach ón slua é ag seó hiopnóisí agus gur cuireadh ina luí air gurbh é aire na Gaeltachta é agus go raibh Gaeilge ar a thoil aige.

Mo ghraidhin, áfach, an t-iriseoir a bheadh ag brath ar scéal beag nuachta a bhaint anois agus arís as an méid a bhíonn le rá ag an Aire Stáit.

Is ea, is beag nuacht a bhíonn ag Joe murar nuacht agat go raibh sé ag caint am lóin le ‘Keith’ i mbeár na Dála agus go raibh ‘Keith’ ag lorg eolais uaidh faoi “cúpla focal” mar go raibh sé “ag tabhairt cuidiú dá leanaí”.

D’inis sé an ceann sin sa Seanad an tseachtain seo caite agus dar leis féin gur scéal “suimiúil agus dearfach” a bhí ann.

B’fhéidir gurb ea, ach ní dhéanfadh sé príomhscéal na maidine do dhuine.

Ná níor mhaith leat a bheith ag brath ach oiread ar an scéal a bhí aige faoin mbean as Conamara a casadh air i Meiriceá agus a mhúin seanfhocal dó.

“Dúirt sí go gcasann daoine ar a chéile ach nár chasann na sléibhte ná na cnoic ar a chéile. Tá daoine ábalta casadh ar a chéile agus bualadh lena chéile,” arsa Joe.

Féach nach duine é Joe atá dall ar an bpictiúr mór. A mhalairt, éiríonn sé chun na fealsúnachta uaireanta.

“Sé bliana nó seacht mbliana ó shin bhí an Rialtas agus an tír ar an talamh. Táimid ag iarraidh dul go dtí spás dearfach. Ní bheimid ábalta dul go dtí an áit inar mhaith liom a bheith faoi láthair, ach táimid ag amharc ar an phlean deich mbliana.

“Dá mbeadh moltaí nó tograí ar intinn an Seanadóra fádúda an todhchaí, is é sin an am gur ceart na smaointe a chur le chéile agus muid ag iarraidh an bealach is fearr a aimsiú,” arsa Joe.

Tá an t-aire stáit le moladh as spior spear a dhéanamh den seamsán nach acmhainn don Ghaeilge dul i ngleic le coincheapa casta ar nós chontanaim an spáis agus an ama, ach, arís eile, n’fheadar cá bhfaighfeá ceannlíne mhaith nuachta sa ráiteas thuas.

Ar eagla na míthuisceana, ní i dtaobh le heachtraí óna aistear teanga nó an plé fealsúnach amháin a bhíonn Joe nuair is éigean dó imeacht óna script faoin bpleanáil teanga agus an plean forbartha náisiúnta. Dála aon smaointeoir atá teann as féin, ní bhíonn leisce dá laghad air “smaointí” daoine eile a lorg. Smaointí dearfacha fádúda achan rud, mar a déarfadh sé féin.

N’fheadar éinne an mó babhta a thug sé cuireadh an tseachtain seo caite do Sheanadóirí, do Theachtaí Dála, agus d’éinne eile a bhí ag éisteacht leis, a gcuid “smaointe” a roinnt.

Níl anseo ach sampla amháin:

D’athraigh an polasaí an bhliain a chuaigh thart agus polasaí réigiúnach atá ann anois. Dá mbeadh cuidiú ón údarás i gceantair iargúlta, b’fhéidir go mbeadh sé fite fuaite inár measc ag Údarás na Gaeltachta agus IDA Ireland fosta. Má tá aon smaointe ag an Teach fádúda sin, tá mé ar fáil.”

Ach cad as a dtagann an fhéinmhuinín dhiamhair seo nach scaoileann isteach fiú smuta beag den bhféinamhras, an sórt féinamhrais go mbíonn an oiread san foghlaimeoirí maithe Gaeilge clipthe cráite aige?

Mhínigh Joe an scéal dúinn.

Is cosúil nuair a sheol Enda Kenny ar a aistear foghlama teanga é in 2014 gur mhóidigh sé dó féin nach mbeadh aon bheann aige ar an eagla a bhíonn ar an ngnáth-fhoghlaimeoir faoi bhotúin a dhéanamh.

“D’fhoghlaim mé focal úr. B’fhéidir gur focal Conamara é – ‘scéin’. An é sin focal faoi choinne ‘fear’ fosta? An ionann é agus ‘eagla’ nó ‘faitíos’? Sin an áit ina raibh mise in 2014. Roimh 2014 bhí eagla orm maidir le botúin a dhéanamh.

“Nuair a thosaigh mé ar m’aistear féin, tháinig an fhéinmhuinín a bhí agam sa mheánscoil ar ais. Nuair atá an fhéinmhuinín ag duine, tá sé nó sí ar an bhealach ceart. Ní chóir a bheith buartha fádúda an eagla, an scéin ná an faitíos,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta.

‘Ní chóir a bheith buartha fádúda an eagla’ – ceacht a haon sa Little Book of Joe.

Tá Joe féin chomh neamhbhuartha sin faoin eagla fén dtráth seo go mbíonn sé anois ag cabhrú le ‘Keith sa bheár’ agus gach uile ‘Keith’ i ngach uile áit eile.

“Is léir go bhfuil daoine ann sa tír seo atá ag iarraidh an teanga a labhairt agus ní bheadh suim acu fádúda an ghramadach ná rudaí mar sin. Tá dualgas orainn uilig cuidiú a thabhairt do na daoine sin,” arsa Joe.

Ghéill sé go raibh “caighdeán” Gaeilge níos airde “de dhíth fá choinne na daoine atá ag iarraidh na postanna breise in Eoraip a bhaint amach nó fá choinne na daoine proifisiúnta”.

Is dócha gurb iad na daoine proifisiúnta a bhí i gceist aige ná státseirbhísigh, aistritheoirí, múinteoirí, dlíodóirí, iriseoirí agus, b’fhéidir, airí Gaeltachta.

Ní bhíonn gach aon phioc eolais faoi na cúrsaí seo ar fáil sa Little Book of Joe, ach ná cuireadh a thanaí is atá an saothar céanna dul amú ort – tá go leor istigh ann.

Seo Joe, chomh fada agus is féidir linn a dhéanamh amach, ag trácht ar an ngá leis an dteanga a choimeád amach ón bpolaitíocht:

“Bíonn an teanga istigh sa spás polaitiúla ó am go ham agus níl sé sin dearfach don todhchaí. Dá mbeadh aon seans againn teacht le chéile taobh amuigh den spás polaitiúil mar gheall ar smaointe fádúda an teanga, bheadh mé sásta bheith páirteach.’

Agus seo é Joe agus é i mbun a mharana ar chás na gcainteoirí dúchais.

“Tógadh iad le Gaeilge agus labhraíonn siad í achan lá. Ní labhraíonn siad í i rith Sheachtain na Gaeilge amháin agus sin an spás ina mbeidh muid ábalta dul ag smaoineamh faoin nGaeilge agus í a chur chun cinn.” 

Agus, gan amhras, bheadh sé “sásta éisteacht le haon mholtaí fádúda sin”.

Mar, thairis aon ní eile, is duine dearfach é Joe.  Ní maith leis go mbeadh an iomarca cainte á déanamh faoi nithe diúltacha, meath na Gaeltachta nó ciorruithe buiséid nó easpa acmhainní nó seanbháid, cuir i gcás.

“Tá mé an-dearfach faoin todhchaí, tá na daoine ag labhairt Gaeilge, na daoine gan Ghaeilge, cúpla focal, na daoine le Gaeilge briste agus na daoine le Gaeilge lag nó Gaeilge láidir,” a deir sé.

Cnáimhseálaí críochnaithe amháin, is dócha, nach mbeadh ‘dearfach’ agus fiú na daoine “gan Ghaeilge” ag labhairt Gaeilge i mbliain seo ár nGaeilge 2018.

Ná bígí buartha mar sin. Bígí ar chuma Joe, an foghlaimeoir gur cuma sa f*c leis faoi cé atá ag éisteacht leis ná faoi na botúin a bhíonn á ndéanamh aige.

Agus nach ionann, faoi mar a dúirt Joyce, ‘botúin’ agus ‘doirse chun na tuisceana’?

Dá dtuigimis a leath…

Fág freagra ar 'Joe McHugh – an foghlaimeoir gur cuma sa diabhal leis cé atá ag éisteacht'

  • Puililiú!

    Is é rí na ceirde é, Joe – ceird an ‘Irish politician’: neart a rá agus gan faic a rá. “Bímis ag ceol a’s a’ moladh na Gaeilge,
    Ag moladh na ndaoine a’s a’ bladar gan éifeacht.”

  • Cáiníocóir

    Fadúda sin, táim cinnte gur fear uasal é Joe. Ní éistím féin leis ar mholadh an dochtúra ach measaim go mbeadh sé ina shár-Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Make an Ghaeilge great again.

  • Jeoc McHugh

    Ach tá Leo sásta de Joe. An bobaide ceart san áit a dteastaíonn sé – ag plé le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Gach Rud Eile Ar Cuma Le Leo Fúthu. Ach fágann sin neart ama ag Joe le bheith ag buachailleacht na dteachtaí – jab maith do bhuachaill bó…

  • Máiread

    Dá má rud é go ndeanfadh gach duine iarracht an cupla focal a labhairt beidh níos mó Gaeilge in ár dtimpeall. Ag eisteacht le teanga- is fearr an moid é chun teanga a foglaim. Tús maith leath na hoibre.