Jimmy Barry Murphy agus ‘stíl iománaíochta an GPS’

Fanacht nó imeacht. Is beag de smál a fhágfas an méid a tharla i nDurlas tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite ar oidhreacht duine de mhórlaochra Chumann Lúthchleas Gael

Beidh Jimmy Barry-Murphy bréan de Phort Láirge tar éis dó cluiche ceannais na sraithe agus cluiche craoibhe a imirt ina gcoinne taobh istigh de mhí. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy
Jimmy Barry-Murphy Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Ba ar aghaidh Jimmy Barry Murphy Dé Domhnaigh seo caite a chonaic mé an léiriú is fearr go dtí seo ar na hathruithe atá ag teacht ar imirt na peile agus na hiománaíochta le cúpla séasúr.

Go fiú agus a fhoireann ag déanamh go maith nó nuair a bhíonn cúrsaí idir dhá cheann na meá, ní fear é Jimmy a nochtann a chroí, faoi mar a dhéanann Davy Fitzgerald nó Dan Shanahan, cuir i gcás. Ach sa dara leath i nDurlas, chaith sé an chuid ba mhó den am ina sheasamh go stóchúil ar an taobhlíne, lámh ar a smig, méar trasna a liopaí ag féachaint amach ar an liúradh a bhí Gaillimh a thabhairt do Chorcaigh i gCluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann.

Is é a chuir sé i gcuimhne dom ná fear a bheadh ar shochraid dea-chomharsa dá chuid a mhair lena ais le os cionn dhá scór bliain agus a raibh sé thar a bheith ceanúil air. Ní raibh aon dé ar na deora a bhí clann an fhir mhairbh a shileadh, ach níor laghdaigh sin an t-ualach a bhí ar chroí ár gcara. Fós, bhí a fhios aige nach raibh sé in ann aon bhlas a dhéanamh faoi, ach fanacht go foighdeach le pé maolú agus sólás a thiocfadh le himeacht aimsire.

Éalaíontóir ab ea Barry Murphy agus é i mbun imeartha. Na scileanna a bhronn Dia air, an fhorbairt a rinne sé féin orthu agus an cean a bhí aige ar bpeil agus ar an iomáint a d’fhág chun cinn é ar a chéilí comhraic agus ar a chomrádaithe.

Thug modhanna imeartha na linne sin chuile dheis dó an ealaíon agus na scileanna sin a léiriú san aon bhliain déag inar bhuaigh sé 6 bhonn Uile hÉireann.

Mar bhainisteoir, ba mhodhanna aclaíochta ba mhó a bhí athraithe sa gcéad tréimhse a chaith Barry Murphy i gceannas ar iománaithe Chorcaí idir 1995-2000 agus cé gur ghlac sé cúpla bliain orthu Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt Cois Laoi (1999), chleacht a chuid foirne mórán mór an stíl imeartha chéanna agus a chleacht seisean mar imeoir.

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí le ceithre shéasúr craoibhe den dara tréimhse atá caite aige i mbun an chúraim ag Jimmy, a chloígh lena bhealach féin na trí cinn ba thúisce acu sin. Murach cúilín comhscóir Dhómhnaill Uí Dhonnabháin, bheadh Corn Mhic Carthaigh tugtha leo arís ag Corcaigh i 2013. Ach, tar éis a gcliseadh sa mbabhta leathcheannais in aghaidh Thiobraid Árann an bhliain seo caite agus go háirithe in aghaidh thaicticí Phort Láirge i gCluiche Leathcheannais na Mumhan i mbliana, ní raibh de rogha ag an mbainisteoir ach athrú.

In aghaidh a thola, thug sé aghaidh ar shaol ‘an scuabadóra’, agus ar an ‘zón-mharcáil ’ agus a dtéann leis sin. Más go drogallach féin é, ghlac Jimmy Barry Murphy leis an rud ar a dtugaimse féin ‘stíl iománaíochta an GPS’.

Bhí rath ar an athrú go léim – bua ar Loch Garman sa gcéad bhabhta cáilithe i dtús na míosa seo caite agus go háithrithe ina dhiaidh sin ar na Cláirínigh, a bhí ina gceannródaithe ar an modh nua imeartha seo.

Ba bheag athrú a d’fhág sin ar iompar Jimmy ar an taobhlíne ná ar a raibh le rá aige sna hagallaimh a rinne sé leis na meáin agus cé nach bhfuil aon chruthúnas agam air, b’fhacthas dom go mb’fhearr leis dá mba ar an seanbhealach a tharla an méid a thit amach.

Ansin Dé Domhnaigh seo caite réabadh an damba agus ba dhearóil an chuma a bhí ar an mbainisteoir agus é ag féachaint ar a uaillmhian agus ar a aisling ag imeacht le sruth agus gan ar a chumas a dhath féin a dhéanamh faoi.

Nuair a tháinig an cáineadh, go háirithe ó Dhónal Óg Cíosóg ar an Sunday Game agus ó shin ó iarimreoirí eile, ba orthu siúd a thóg an damba ba mhó a díríodh agus is beag gearáin atá déanta faoin mbainisteoir féin. Eisean fágtha ar an gcuma ina bhfuil sé, dar le lucht na gclamhsán, siocair faillí a bheith déanta ar na stuchtúir iomána faoi aois i gCorcaigh le blianta. Beidh le feiceáil.

Is beag atá cloiste againn ón bhfear féin ó shin, seachas a rá go bhfuil faoi an fód a sheasamh arís sa mbliain eile atá fágtha aige mar bhainisteoir. Beidh le feiceáil sa gcás sin freisin, ach ar chúis eicínt, is deacair liom é a chreidiúint.

Tá sé cúpla mile bliain ó thug mac Fhionn Mhic Cumhaill agus a ghrá gheal Niamh Chinn Óir aghaidh ar Thír na nÓg. Ar fhilleadh dó, cheap sé go mba bliain agus lá a bhí caite ar seachrán aige nó go bhfuair sé amach go mba trí chéad a bhí imithe agus a ghaolta agus a sheanchomrádaithe ar fad básaithe le fada.

Sciorradh dá chapall a chniog Oisín agus b’fhéidir gurb é sin an fáth ar dhúirt Jimmy Barry go bhfuil sé ar intinn aige féin fanacht sa diallait.

Fanacht nó imeacht. Is beag de smál a fhágfas an méid a tharla i nDurlas tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite ar oidhreacht duine de mhórlaochra Chumann Lúthchleas Gael.

Mar a déarfadh an Poncánach, “Oisín i ndiaidh na Féinne, he a’int” !

Fág freagra ar 'Jimmy Barry Murphy agus ‘stíl iománaíochta an GPS’'

  • cormac

    ‘Ni feidir an giorria a chur as an dtor nach mbionn se’ ! Nach in e a bhi le ra ag JBM ar shli caolchuiseach, dairire? Imreoiri deasa ciurialta nach mor taispeantacha iad iomanaithe Chorcai ach ni mor a bheith sasta dul i ndeabhaidh lainne leis an gceili comhraic chun buachtaint air agus seilbh an tsliotair a fhail. Ca raibh an ciocras, an gearradh, an conach dearg buile, gan tracht ar choras an GPS? Duirt Cunningham nach furasta craobh uile Eireann a shealbhu agus go bhfuil i bhfad nios mo i gceist na ‘iomaint’! Tathar ag brath oraibhse anois muintir na Gaillimhe chun na Cait a threascairt!!