Jeffrey Donaldson éirithe as an DUP agus é cúisithe as líomhaintí gnéis

D’fhógair an DUP inniu go raibh Jeffrey Donaldson éirithe as ceannaireacht an pháirtí agus go raibh a bhallraíocht curtha ar fionraí

Jeffrey Donaldson éirithe as an DUP agus é cúisithe as líomhaintí gnéis

Tá Jeffrey Donaldson éirithe as ceannaireacht an DUP mar gheall ar líomhaintí gnéis a bhaineann le heachtraí stairiúla.

Tá bean 57 bliain cúisithe i dtaca leis na líomhaintí chomh maith agus é curtha ina leith gur chuir sí cuidiú ar fáil maidir leis na heachtraí.

Ghabh bleachtairí de chuid Sheirbhísí Póilíneachta Thuaisceart Éireann an bheirt maidin inné agus cúisíodh aréir iad.

Tá an cás le teacht os comhair Chúirt Dúiche an Iúir an mhí seo chugainn.

Dúradh i ráiteas ón DUP: “Tá litir faighte ag cathaoirleach an pháirtí ó Sir Jeffrey Donaldson MP ag deimhniú go bhfuil sé cúisithe as líomhaintí stairiúla agus ag tabhairt le fios go bhfuil sé ag éirí as a bheith ina cheannaire ar an bPáirtí Aontachtach Daonlathach láithreach bonn.

“De réir rialacha an pháirtí, chuir oifigigh an pháirtí ar fionraí ballraíocht an Uasail Donaldson, go dtí go mbeidh toradh ar an bpróiseas dlí.

“Cheap oifigigh an pháirtí d’aon ghuth ar maidin an tUasal Gavin Robinson MP mar cheannaire eatramhach an pháirtí.”

Tá Jeffrey Donaldson ina fheisire parlaiminte do Ghleann an Lagáin in Westminster ó 1997 nuair a bhí sé ina bhall den UUP agus tá ina cheannaire ar an DUP ó 2021.

Níos túisce inniu chuir Donaldson na cuntais go léir atá aige ar na meáin shóisialta ar ceal.

Fág freagra ar 'Jeffrey Donaldson éirithe as an DUP agus é cúisithe as líomhaintí gnéis'