Bhí mé ag iarraidh mo sheaicéad a bhaint díom. Ach bhí mé ar eitleán de chuid Ryanair idir beirt phaisinéirí eile agus d’fhéadfá a rá nár thug Michael O’Leary mórán spás breise dom.
Cosúil le duine i seaicéad ceangail a bhí mé, na muinchillí leath bealaigh anuas agus mise sáinnithe iontu, nuair a tháinig an fear óg le mo thaobh i gcabhair orm.
‘An raibh tú i bhfad i mBristol?’ a d’fhiafraigh sé díom. Bhuel, mar a tharla ba sa mbaile stairiúil Bath a chaith mé cúpla lá ach níor choinnigh an comhrá faoi Jane Austen i bhfad ag imeacht muid.
Bhí sé féin ag filleadh abhaile tar éis cúpla lá a chaitheamh ag seó tarracóirí feirmeoireachta gar do Bhristol [Briostó]. Bhioraigh mo chluasa. Ón uair ar chaith mé tréimhse ag obair ar an seó teilifíse Beidh Aonach Amárach, tá suim agam in aon chineál innealra feirmeoireachta.
Ag obair le Massey Ferguson atá an fear óg seo agus ba thaispeántas de chuid an chomhlachta sin ann féin seachas ‘seó talmhaíochta’ a bhí ar siúl i Sasana. Diaidh ar ndiaidh agus muid ag caitheamh an 50 nóiméad idir Bristol agus Baile Átha Cliath, d’fhoghlaim mé roinnt mhaith faoi ghnó na dtarracóirí agus faoin ghné idirnáisiúnta a bhaineann leis.
Shíl mé féin i gcónaí gur comhlacht de bhunadh Éireannach a bhí i Massey Ferguson – nárbh as Tuaisceart Éireann é an chéad ‘Ferguson’ go raibh baint aige leis? Ba ea, ach ní comhlacht beag innealra feirme é níos mó. Is le comhlacht mór idirnáisiúnta é a bhfuil a chuid fréamhacha siúd i Meiriceá.
‘Ach cé as tú féin? a d’fhiafraigh mé de. Bhí canúint cosúil le mo chanúint féin aige.
‘Á, ní aithneodh tú an baile,’ dúirt sé. ‘’Deirim ‘Sligeach’ i gcónaí ach is as Cúil Áine mé.’
‘Nach shin é an baile a raibh mo mháthair ag múineadh ann nuair a thosaigh sí amach,’ a dúirt mé féin. ‘Bíonn daoine measctha idir Cúil Áine agus Cúil Mhuine,’ a dúirt sé. (Bíonn an fhadhb chéanna agamsa le Bealach a’ Doirín agus Baile an Doirín.)
Ach ar ais ag na tarracóirí. Is minic mé féin ag déanamh iontais faoi chomh mór millteach is a bhíonn siad na laethanta seo. Bhí mo chompánach go daingean den tuairim go raibh na fathaigh mhóra feirmeoireachta ag teastáil don iliomad tasc thart timpeall na feirme. Ní túisce an treabhadh críochnaithe nó bíonn obair de chineál eile le déanamh, dar leis siúd. Ar ndóigh caithfidh seisean iad a dhíol. Agus bíonn thart ar €150,000 an ceann, ar an meán, orthu na laethanta seo. Sin gan giuirléidí breise a chur san áireamh, ar ndóigh.
‘Agus an ndíolann sibh mórán sa tír seo?’ Thart ar 400 sa mbliain, a dúirt sé. Ach ní taobh le margadh na hÉireann a bhíonn seisean. Ná leis an margadh a bheadh aige i Sasana agus é tar éis cúpla lá a chaitheamh thall. Tá monarcha acu i Beauvais na Fraince a tháirgeann suas le 20,000 tarracóir chuile bhliain.
B’ansin a d’inis sé dom go mbíonn sé de shíor ag taisteal – ó cheann ceann na Mór-Roinne. ‘Bhí mé sa Veinéis cúpla babhta – ach ní fhaca mé an Veinéis féin ariamh,’ a d’admhaigh sé. Tá monarcha tarracóirí acu gar don chathair stairiúil sin freisin. Bíonn sé sa bhFrainc go minic agus bíonn sé go minic sa Mheánoirthear, Dubai agus an Araib Shádach.
Tá feirm aige i gCúil Áine mar a bhfuil caoirigh agus beithígh aige. D’inis sé dom go bhfuil na feirmeoirí sa tír seo ag déanamh go maith faoi láthair — ní bheinn ag súil go n-inseodh feirmeoir é sin dom. Dar leis, fuair siad praghsanna maithe ar ainmhithe ach bhí an iomaíocht róghéar i gcúrsaí arbhair. Agus cabhraíonn na praghsanna maithe leis an margadh do tharracóirí agus chuile chineál innealra feirme.
Cé gur mheas mé ar dtús gur lead óg a bhí le mo thaobh, thuig mé de réir a chéile go raibh roinnt mhaith taithí aige ar an saol mór. D’fhreastail sé ar an gcoláiste agus rinne staidéar ar an innealtóireacht shibhialta. Ina dhiaidh sin, rinne sé sealanna oibre ar fheirmeacha ar fud na Stát Aontaithe agus san Eoraip. Thaitin an Ungáir go mór leis.
‘Agus cén úsáid a bhaintear as na Massey Fergusons sa Mheánoirthear?’ a d’fhiafraigh mise. ‘Ní fhéadfadh gur mórán treabhdóireachta a bheadh ar siúl san Araib Shádach?’
‘Bíonn feirmeoireacht ar siúl ann ceart go leor,’ a dúirt sé. ‘Déiríocht agus táirgí eile feirme. Ach baineann siad úsáid as na tarracóirí le haghaidh oibreacha eile freisin.’
Thuig mé go mbíonn rásaíocht capall ar siúl ann ach rinne mé dearmad faoin rásaíocht camall. Ar ndóigh bíonn na tarracóirí ag teastáil chun na ráschúrsaí a choinneáil mín agus slachtmhar – go háirithe na cúrsaí sin a mbíonn na camaill ag rásaíocht orthu.
Bhí an t-eitleán ag ísliú de réir a chéile ag aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhreathnaigh sé amach an fhuinneog. ‘Bhíodh 40 tarracóir againn anseo tráth,’ arsa seisean. ‘Agus cad a bhí ar siúl acu?’ arsa mise agus mé fós ag smaoineamh ar na camaill agus na capaill.
‘Bhí an conradh againn don aerfort le haghaidh glanadh sneachta,’ arsa sé. ‘Bhí bliain amháin ann nár chuireadar oiread agus ciliméadar ar an luasmhéadar.’ Ar ndóigh ba chuma leis siúd murar thit aon sneachta – bhí gá ag an aerfort leis na tarracóirí ar chuma ar bith. Chailleadar an conradh sin agus iomaitheoir eile atá acu sna cúrsaí seo a fuair é.
Agus muid beagnach ar tí leaindeáil, chuireas ceist faoin ‘gcéad rud eile a tharlóidh i saol na dtarracóirí’.
Tá sé tarlaithe cheana féin – an tarracóir nach dteastaíonn aon tiománaí uaidh. Bhí iontas orm féin go bhféadfaí meaisín chomh mór agus chomh cumhachtach a scaoileadh amach gan tiománaí.
D’admhaigh sé go bhfuil na tiománaithe fós ag dul amach in éineacht leo – ach ní hiad a bhíonn á dtiomáint. Ba léir go raibh sceitimíní áthais air faoi gcor is nua seo i saol an innealra. Cé gur innealtóir é féin, chuimhnigh mé gur feirmeoir é freisin. Dar leis, beidh úsáid i bhfad níos éifeachtúla á baint as an talamh nuair a bheas na feithiclí seo i mbun oibre.
‘Níl an lá tagtha gur féidir a rá go bhfuil tarracóirí ‘gan tiománaithe’ in úsáid go rialta – ach tiocfaidh an lá sin go luath,’ ar seisean.
D’fhág mé slán aige agus súil agam go mbeadh turas sábháilte abhaile go Cúil Áine aige. Ní bhíonn na carranna ag imeacht gan tiománaí ar an mbóthar sin ach amanta shílfeá go mbíonn!
Fág freagra ar 'Jane Austen a thug go Bath mé ach bhí mé gafa ag tarracóirí faoin am gur tháinig mé abhaile'