James Molyneaux 1920 -2015: Fear ciúin, neamhghéilliúil a bhí ag snámh in aghaidh easa

Fear ciúin, cuirtéiseach gan rian ar bith de bhiogóideacht ab ea Jim Molyneaux, ach bhí sé chomh cruaidh le carraig in aghaidh roinnt na cumhachta

UNIONIST LEADER JAMES MOLYNEAUX IN BELFAST PIC EAMONN FARRELL/PHOTOCALL IRELAND!

Bhí an Tiarna Molyneaux Chill Éad, nó Jim Molyneaux mar ab fhearr aithne, air imithe as amharc an phobail le fada nuair a cailleadh é ar an Luan in aois a cheithre bliana déag agus ceithre scór. Ó 1979 go 1995 bhí sé ina cheannaire ar phríomhpháirtí Thuaisceart Éireann, an UUP. Srianadh nó coimeádacht a bhí mar pholasaí aige. Bhí sé meáite gurb é a ghnó a pháirtí a chosaint ón DUP, Tuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe a chosaint ón IRA agus stop a chur le tionchar náisiúnaithe is an deiscirt. D’éirigh leis Paisley a choinneáil ó dhoras lena ré féin, tá an t-aontas slán, ach theip air srian a chur ar chomhoibriú Angla-Éireannach.

Fear ciúin, cuirtéiseach gan rian ar bith de bhiogóideacht ab ea é ach bhí sé chomh cruaidh le carraig in aghaidh roinnt na cumhachta. Ba shuáilcí iad an dolúbthacht agus neamhghéilliulacht, dar leis, agus bhí sé dall ar rabharta na staire. Níor léir dó, nó ní admhódh sé nár chabhair d’aontachtaithe é an diúltachas agus gur laige iad i ngach dreas idirbheartaíochta mar gur chuir siad cos i dtaca an uair roimhe sin.

Buille trom dó ab ea an Comhaontú Angla-Éireannach i 1985 a rinneadh beag beann ar na haontachtaithe – i ngeall ar a ndiúltacht. Dúirt Molyneaux le haontachtaithe roimh ré gan a bheith buartha mar nach ligfeadh an Príomh-Aire Thatcher síos iad.

Ceap milleáin ab ea Molyneaux nuair a rinne Thatcher an margadh leis an Taoiseach Garrett Fitzgerald. Measadh nach mairfeadh Molyneaux mar cheannaire; cháin Paisley go géar é ach tháinig siad le cheile i gcomhghuailliocht in aghaidh an chomhaontaithe agus bhain Molyneaux lá eile as. Bhí ‘tuiscint’ aige leis an bPríomh-Aire, John Major, sna nóchaidí agus éisteacht aige i Whitehall, an áit ab ansa leis. Ní raibh suim aige i ndílarú cumhachta; b’fhearr leis lánpháirtíocht le Londain.

Nuair a d’fhógair an tIRA a sos comhraic i 1994, dúirt Molyneaux nárbh údar gairdeachais é ach a mhalairt. Bhí tionchar díchobhsaitheach aige ar phobal Thuaisceart Éireann, a dúirt sé. Chothaigh sé mísheasmhacht dósan ar aon nós nó ba léir do a lán san UUP nach ndéanfadh polasaí éighníomhach cúis feasta. Ba ghearr gur cuireadh dá chois é mar cheannaire.

Cé gur imigh sé go ciúin agus nach raibh sé tugtha d’óráidíocht ná d’agallaimh an díoltais, níor chabhair é dá chomharba David Trimble. Thacaigh sé le naimhde Chomhaontú Aoine an Chéasta sa pháirtí, leithéidí Jeffrey Donaldson.

Rinneadh tiarna de i 1996 agus barún saoil an bhliain dar gcionn. Roghnaigh sé an teideal Barún Molyneaux Chill Éad, a bhaile dúchais in aice le bunáit an RAF, ag Aldergrove i gContae Aontroma. Bhí se san RAF sa Dara Cogadh Domhanda agus ar an gcéad bhuíon a chuaigh isteach i sluachampa géibhinn Belsen i 1945 chun é a shaoradh. Bhí tionchar doghlanta air ag na huafáis a chonaic sé ansin agus bhí sé daingean i gcoinne an fhoiréigin. “Chonaic tú go raibh an bheatha luachmhar,” ar sé nuair a d’fhill sé ar an gcampa le clár Spotlight an BBC.

“Chuidigh sé le m’ullmhú don saol poiblí; ní thig leat míorúilt a dhéanamh ach b’fhéidir gur féidir beagán a fheabhsú do roinnt daoine,” a dúirt sé.

Baitsiléara ab ea é agus maireann céile a dhearthár. Bhí sé ina chónaí i gCill Éad mar a raibh sé gníomhach in eaglais na hÉireann agus rannpháirteach sa chór – an t-aon fhear ann go dtí le gairid.

Ba chás leis meath an UUP ina dhiaidh, a deirtear, ach seans go gcuirfear cuid mhór den locht as sin ar Jim Molyneaux féin mar go raibh a pholasaithe easnamhach.

Níor choinnigh a mhéar sa mhóta an taoille amach.

Fág freagra ar 'James Molyneaux 1920 -2015: Fear ciúin, neamhghéilliúil a bhí ag snámh in aghaidh easa'