Jab nua ag an iarThaoiseach Enda Kenny – láithreoir teilifíse ar shraith nua Ghaeilge

Cuirfidh Enda Kenny sraith faisnéise faoi na seanbhealaí iarnróid in Éirinn a i láthair ar RTÉ

Jab nua ag an iarThaoiseach Enda Kenny – láithreoir teilifíse ar shraith nua Ghaeilge

Cé go bhfuil Enda Kenny á lua faoi láthair leis an phost a bhíodh ag Phil Hogan sa Choimisiún Eorpach, tá jab nua faighte cheana féin ag an iarThaoiseach agus sraith úr Ghaeilge á cur i láthair aige do RTÉ.

Sraith faisnéise faoi na seanbhealaí iarnróid a bheidh á cur i láthair ag Enda Kenny agus tá an tsraith le craoladh ar RTÉ 1 roimh dheireadh na bliana seo nó ag tús na bliana seo chugainn.

An comhlacht teilifíse Feirsteach Sonas Productions, a bhfuil go leor cláracha Gaeilge déanta acu do TG4 agus BBC Gaeilge, atá i mbun an léirithe.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil trí chlár den tsraith sé chlár taifeadta go dtí seo agus go bhfuil an tiar-Thaoiseach, arb as Caisleán an Bharraigh dó, ag baint an-taitneamh as aithne a chur ar na bealaí iarnróid a bhí ann fadó.

Ní hé Enda Kenny an t-aon phearsa aitheanta a bheas le feiceáil ar chláracha nua Gaeilge RTÉ, agus sraith eile beartaithe ag an chraoltóir náisiúnta a thabharfaidh daoine iomráiteacha chun na Gaeltachta le Gaeilge a fhoghlaim.

Ní fios fós cén uair a bheidh Réalta na Gaeltachta, ag tabhairt aghaidh ar an Ghaeltacht mar gheall ar na deacrachtaí agus na srianta a bhaineann le Covid-19.

Fág freagra ar 'Jab nua ag an iarThaoiseach Enda Kenny – láithreoir teilifíse ar shraith nua Ghaeilge'

  • Páidí

    Tá súil agam go bhfeicfimíd ‘Michael Portillo na nGael’ ag caitheamh feisteas ildaite a chomhghleacaí siúlach ón BBC?

  • Des O Murchu

    E ba chuis scrios seirbhis traen Ros Lair Port Lairge?