‘Isn’t that gas, after all the time we spent learning it!’ – thar am aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge éigeantaí

Chuir comhrá a chuala sé ina raibh an Ghaeilge ina ceap magaidh ag triúr fear óg an phip ar ár gcolúnaí

‘Isn’t that gas, after all the time we spent learning it!’ – thar am aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge éigeantaí

Bhíos istigh sa bhaile mór an lá eile agus mé d’iarraidh smacht a choimeád ar leanaí in ollmhargadh peataí (táid beag a ndóthain fós le go gcreideann siad mé gur ag dul don zú atáimid nuair a thugaim isteach i siopa peataí iad). Bhí sé chomh maith agam bheith d’iarraidh an taoide a thaoscadh le píce.

Ach ar aon chuma agus mé ag gabháil timpeall an tsiopa ráinigh dom triúr fear, fostaithe sa tsiopa, agus iad i mbun comhrá. Cúrsaí teanga a bhí acu á bplé, an teanga seo againne. Balcaire fir, spadalach agus scroibliún a bhí i dteannta a chéile. Ní raibh aon oidhre orthu ach bairille pórtair idir dhá pholla teileafóin.

‘Jaysus,” arsa an balcaire, “I haven’t a word of it!’
‘I’d know bainne,’ a deir an spadalach, ‘Oh and peil’.
‘And airgead, don’t forget the airgead,’ arsa an fealsúnaí scroibliúin. ‘Isn’t that gas, after all the time we spent learning it!’

Seo leis an triúr acu agus iad tite ag gáire fén méid seo, ar nós scata garsún a mbeadh comórtas eatarthu cé acu is faide a bheadh ábalta a mhún a scairdeadh.

Neosfad an fhírinne daoibh, chuir sé an phip agus conach agus pus agus an ghoimh agus fearg orm. Seo mo theanga, ár dteanga, agus gan inti ach ceap magaidh. An teanga le ceann de na traidisiúin litríochta is saibhre agus is ársa san Eoraip, ceann de na teangacha is sine atá fós á labhairt, teanga atá ina cuid lárnach dár bhféiniúlacht mar Ghaeil. Ach don dtriúr fear eolgaiseach seo, níl inti ach plobaireacht leanbaí.

Níl aon dabht orm ach gurb í meaisín an mharaithe, an córas oideachais, a d’fhág againn daoine agus an tuiscint seo acu (más tuiscint an focal ceart) ar ár dteanga. Seo triúr go raibh sé de chuma ar a gcuid cainte go raibh an Ardteist déanta acu uile. Má dhein, sin 42 bliain a chaitheadar eatarthu ag foghlaim na teanga. 42 bliain, agus gan faic dá bharra acu ach leathdhosaen focal. Nach bhfuil rud éigin as alt ansan?

Feictear dom go bhfuilimid sáinnithe ar saghas ‘merry-go-round’ agus mearbhall agus míobhán orainn. Nuair a chloistear duine éigin ag cáineadh staid na Gaelainne sa chóras oideachais, éirímid cosantach, cuirimid ina gcoinne agus ní bhíonn aon ghéilleadh againn dá gcuid cainte.

Ná hathraigh faic, dhera, tá sé ‘sound’.

Agus bliain i ndiaidh bliana tagann leathchéad míle dalta amach as na scoileanna seo agus i ndiaidh coicíse ní bhíonn a bhformhór in ann muga tae nó buidéal beorach a ordú as Gaelainn.

Ach ní orthu atá an locht.

Tá scata acu agus bíonn an t-ádh leo go mbíonn dea-mhúinteoirí acu ós na naíonáin bheaga aníos, múinteoirí a bhfuil tuiscint acu ar an teanga agus í go líofa acu. Bíonn rian dhea-obair na múinteoirí seo le feiscint ar mheon a ndaltaí. Ráineodh go bhfuil scata agaibh ag léamh Tuairisc.ie inniu toisc go raibh múinteoir bunscoile nó meánscoile agaibh a mhúscail bhur suim sa teanga.

Ach tá a mhalairt fíor d’an-chuid dár gcomh-Éireannaigh.

Conas a bheadh teanga ar do thoil agat, nó meas agat uirthi, mura bhfuil an teanga san ag do mhúinteoir?

Níl ciall ná réasún leis seo mar chéipear. Chloisfeá ábhair múinteoirí ar a gcúrsaí Gaeltachta agus gan iad ábalta comhrá a bheith acu i nGaelainn, agus tá na daoine céanna ag dul ag múineadh na teanga do leanaí na tíre laistigh de chúpla mí? An nglacfaí leis sin in aon ábhar eile? Ach tá rud amháin cinnte, ní bheadh post ag mo sheanmhúinteoir matamaitice mura mbeadh cur amach aige ar John Joe Pythagoras, fé mar a thugadh sé ar an nGréagach cliste.

Rud eile (agus b’fhearra dom é seo a rá os íseal nó lámhachfar mé), b’fhéidir go bhfuil sé in am againne, mar phobal teanga, féachaint athuair ar cheist na Gaelainne éigeantaí ag leibhéal na hArdteiste.

Fan bog, tóg bog é, nílim iompaithe im’ Kevin Myers nó im’ Ian Doherty fós. Ní fhéadfadh éinne againne, go bhfuil meas againn ar ár dteanga, a bheith sásta le córas a fhágann go bhféachann daoine, a bhíonn á staidéar, uirthi mar a bheadh neascóid ar a dtóin inti. Níor chóir dúinn glacadh leis go bhfuil ár dteanga-ne ina ceap magaidh ag daoine. Fad is a bhaineann sé le teagasc na Gaelainne, is dóigh liom go mbíonn pé maitheas nó díobháil déanta fén dtráth go mbíonn an dalta sé bliana déag. Dá mbeadh córas againn a chuirfeadh, mar shampla, timirí timpeall go dtí  na bunscoileanna, múinteoirí a bheadh líofa sa teanga agus inniúil ar conas í a mhúineadh i slí dhearfach, thaitneamhach, in ionad múinteoirí gan Gaelainn a bheith ag múineadh Gaelainne, nach mó seans a bheadh ann go mbeadh fonn ar dhaoine leanúint léi mar ábhar don Ardteist?

Pé leigheas atá air mar scéal, ní féidir linn a bheith ag déanamh an ruda céanna bliain i ndiaidh bliana agus a bheith ag súil go mbeidh  toradh éigin difriúil ar ár saothar. Dá bhféadfaí an córas a fheabhsú, agus dá ndéanfaí amhlaidh laistigh de, abair, deich mbliana, bheinn féin toilteanach go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaelainne don Ardteist. Tá gean agus urraim, stádas agus meon uasal tuillte ag an nGaelainn, ní fuath agus cleithmhagadh.

Beidh siad ann i gcónaí agus beidh an ghráin shaolta acu ar ár dteanga – d’fhéadfá do thóin a chur ar an dtine agus bheadh do chaid amuigh agat ar feadh lae is lán bliana, agus ní athróidh san. Ach caithfear iarracht éigin a dhéanamh nó ní bheidh de chaidreamh ag scata daoine leis an teanga ach a bheith ag magadh faoi fhógraí Gaelainne an LUAS.

Ní maith liom bheith ag scríobh rómhinic ar chúrsaí teanga –an Gael Gaelacha ag labhairt as Gaelainn fén nGaelainn™ – ach spreagann an fhearg chun pinn uaireanta mé.

Anois caithfead imeacht uaibh, mar is dóigh liom go bhfágas duine de na gearrcaigh im’ dhiaidh sa tsiopa peataí…

Fág freagra ar '‘Isn’t that gas, after all the time we spent learning it!’ – thar am aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge éigeantaí'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Rud eile (agus b’fhearra dom é seo a rá os íseal nó lámhachfar mé), b’fhéidir go bhfuil sé in am againne, mar phobal teanga, féachaint athuair ar cheist na Gaelainne éigeantaí ag leibhéal na hArdteiste.”

    Maith thú, Daithí. Aontaím leat. Ach is fearr an cheist a phlé os ard ná bac le ‘os íseal’. Táimse den tuairim le fada an lá nach leas ar bith don teanga go bhfuil an Ghaeilge ar an t-aon ábhar éigeantach don Ardteist. Seo iad na cúiseanna atá agam: (i) ciallaíonn sé go gcaithfear caighdeán an ábhair a laghdú is a laghdú, rud atá tarlaithe le blianta anuas le gach aithbhreithniú ar an gcuraclam, sa gcaoi is gur muga maga ceart an scrúdú béil; (ii) ciallaíonn sé go mbíonn múinteoirí maithe díograiseacha céasta agus caite ag daoine sa rang nach spéis leo an teanga a fhoghlaim agus a chuireann isteach ar an dream a bhfuil spéis acu inti; (iii) ciallaíonn sé go gcothaíonn sé naimhdeas don teanga i measc sciar mór den phobal.

    D’fhéadfaí cur suas leis na droch thorthaí sin ar an bpolasaí atá ann faoi láthair dá mbeadh sciar réasúnta maith dena daltaí a dhéanann Gaeilge san Ardteist sách inniúl ar an dteanga le go bhféadfaidís í a usáid, ach mar is eol do dhuine ar bith a dhéanann iarracht plé leis an státchóras tré Ghaeilge, níl ach céatadán fíor íseal den dream a thógann Gaeilge mar ábhar san Ardteist in ann Gaeilge de chineál ar bith a usáid. Nach bhféadfadh go mbeadh toradh níos fiúntaí ar pholasaí a thabharfadh bónas de chineál éicint do dhaoine a phiocfadh Gaeilge mar ábhar Ardteiste: poinntí breise CAO, mar shampla agus poinntí breise don Bhéarla chomh maith dála an scéil agus buntáiste ag an té a bheadh ag iarraidh post sa státchóras ach a bheith inniúl ar an dá theanga oifigiúil sa stát.

  • Seán Ó Floinn

    Ba mhaith liom a fháil amach ce mhéad den Mhata nó den siollabas Béarla nó den Fhraincis, cuir i gcás, atá ag na fir a luaigh tú. Ó mo thaithí féin, mar mhúinteoir meánscoile, tá leibhéal níos airde agus meon níos dearfaí ag daltaí i leith na Gaeilge ná mar atá acu i gcás teangacha eile. Anuas air sin, tá droch-modhanna staidéir agus múinte in úsáid in an-chuid scoileanna, rud a fhágann nach gcuimhníonn daltaí ar a bhfuil á staidéar acu go fad-téarmach. Tá an eolaíocht chognaíoch anois ag cabhrú linn teacht ar mhodhanna níos éifeachtaí chun ábhair scoile a mhúineadh agus a fhoghlaim.

    Ná ceap gurb í an Ghaeilge amháin nach n-éiríonn le múinteoirí a theagasc i gceart, mar sin. Cuimhnigh ar líon na ndaoine a thug faoin bhFraincis ar scoil agus nach bhfuil cumas maith acu inti tar éis sé bliana. Bhí mé ag léamh blag inné faoi Shasanach a bhfuil díomá air faoi mhodh múinte na Fraincise sa Bhreatain: https://pragmaticreform.wordpress.com/2013/02/09/michel-thomas/.
    É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil fadhb ann le múineadh na Gaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. An-chuid daltaí níor múineadh i gceart dóibh riamh conas an Ghaeilge a fhuaimniú i gceart riamh.

    Ag teacht ar mheánscoil dóibh, bíonn siad fós ag baint úsáide as córas fuaimnithe an Bhéarla agus iad ag léamh Gaeilge. Rud is measa fós, ní dhéanann formhór mhúinteoirí meánscoile iarracht é sin a cheartú riamh toisc go gceapann siad go dtabharfaidh daltaí leo é ar shlí éigin go nádúrtha. Ach ní tharlaíonn sé sin de ghnáth: daltaí nach féidir fuaimeanna bunúsacha na teanga a fhuaimniú, cuireann sé sin bac orthu dul i ngleic leis an teanga agus ní dhéanann siad mórán dul chun cinn riamh. Dá mbeadh cead mo chinn agam, dhéanfainn dianchúrsa fónaice le daltaí ag tús na meánscoile chun an scéal sin a chur ina cheart. Is ionann an cás sa Fhraincis é: tá daltaí áirithe a thugann an fuaimniú leo ‘go nádúrtha’ ach caithfear é a mhúineadh go soiléir d’an-chuid daltaí freisin.

  • Éamonn Ó Gribín

    Thar am aghaidh a thabhairt ar cheist an Bhéarla éigeantaigh freisin mar sin!

  • Críostóir

    42 bliain ag foghlaim na teanga? A thiarna an domhan, an ag magadh atá tú? An dóigh leat gur léinn an teanga amháin a bhí idir lámha ag an triúr fad is a bhíodar ar scoil? Ní blianta ach uairteanta an chloig an tómhais cheart ar an gciest seo, agus má bhreatnaíonn tú ar na huaireanta seachas na blianta, cíthfaigh tú nach bhfuil aon rud ait nó as alt sa mheid a bhainfear amach sa tír seo ó thaobh foghlaim na teanga de.

  • Fionnbarra

    Alt suimiúil agus tuigim an fhearg! Ach … (1) Ceapaim go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge ag na triúr amigos ná mar a ceapann siad féin … b’fhéidir 500 focal, tá mé ag ceapadh má chuir tú faoi scrúdú iad! Tá na bunchlocha acu má bhí an fonn orthu riamh dul níós faide leis … agus chun maireachtáil i sochaí dhátheangach le daoine eile ag labhairt Gaeilge timpeall orthu. (2) Tá an ceart agat, tá an córas oideachais lofa ó thaobh na Gaeilge de. Ach is é an leigheas ar sin ná fís ceart, ceannaireacht agus achmhainní cuí a bheith curtha isteach sa chóras. In ionad neamhaird a thabhairt ar An Triúr, agus a leithéad, caithfimíd an córas briste a dheisiú, chun go bhfaighfidh gach saoránach oideachas ceart sa dhá theanga oifigiúil. Ach tuigim an fhearg agus tá an dul amú ama sa chóras oideachais scannalach amach is amach …

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Le freagra a thabhairt ar Éamonn, ait go leor níl Béarla ‘éigeantach’ san Ardteist ach tá riachtanach dá mbeadh duine ag cuartú poist. Tá an Ghaeilge ‘éigeantach’ ach níl sé riachtanach le post a fháil sa státchóras, fiú amháin an chuid den státchóras atá ag déileál leis na ceantair Ghaeltachta! Bheinn sásta an ‘éigeantas’ atá ag déanamh dochair, im thuairimse, a thradáil le ‘riachtanas’ do phoist sa státchóras.

    Níl toradh sásúil ná leath-shásúil ar an gcóras mar atá sé faoi láthair. Sa lá atá inniu is fearr a oibríonn an cairéid le daoine a mhealladh ná an ‘éigeantas’.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Éiríodh as teangacha a bheith éigeantach don GSCE i Sasana os cionn deich mbliana ó shin. Is mion-ábhair agus ábhair mhionlaigh anois iad ag gach leibhéal den chóras oideachais.
    Tá an titim sin i dtiúin leis an mBrimeacht.
    Is tír Eorpach sinn. Caithfear féachaint le Gaeilge, Béarla agus teanga eile den AE a bheith ag mic léinn ag leibhéal na hArdteiste agus na teangacha sin a bheith ina meáin teagaisc sna scoileanna chun é sin a bhaint amach faoi mar a tharlaíonn san Ísiltír, san Fhionlainn, srl.
    Ní bheidh ráth ar mhúineadh na Gaeilge an fhad is nach bhfuil Gaeilge mhaith chruinn chraicneach ag na múinteoirí. Sin an eilifint sa seomra.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Ní bheidh ráth ar mhúineadh na Gaeilge an fhad is nach bhfuil Gaeilge mhaith chruinn chraicneach ag na múinteoirí. Sin an eilifint sa seomra” a dheireann Daithí. Ní hé, a Dhaithí.
    má tá eilifint sa seomra ranga is é an easpa spéise ag cuid mhaith de na daltaí sa Ghaeilge agus an ghráin ag cuid eile acu ar fhoghlaim na teanga, nach mbeidh aon usáid acu di ina dhiaidh. Is cinnte go bhfuil roinnt mhúinteoirí ann nach bhfuil in ann an teanga a mhúineadh, mar nach bhfuil sí acu féin. Mura mbeadh ort ach an teanga a mhúineadh ag leibhhéal na hArdteiste don mhionlach le spéis acu sa teanga, ní bheadh fadhb na múinteoireachta chomh dona, mar bheadh tú in ann na múinteoirí is fearr a chur ag plé leis an dream a bheadh ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh.

    Ba cheart gach próiséas a mheas ar an dtoradh. Tá faitíos orm go bhfuil lucht na Gaeilge cosúil leis na seanfhondúirí sa CLG, a cheap go dtréigfeadh daoine na cluichí gaelacha dá mbeadh cead acu sacair/rugbaí/hacaí a imirt.

    Ni bheinn ar son athrú sa gcóras, áfach, go dtí go mbeadh an t-aitheantas céanna faoi chóras na bpoinntí ag an nGaeilge (agus ag an mBéarla chomh maith) san Ardteist is atá ag Matamaitic.

    Tá teipithe ar an éigeantas. Cén fáth go leanfaí leis nuair a fhéadfadh toradh níos fearr a bheith ar an gcairéad a usáid?

  • Manus

    Tá Pas I nGaeilge éigeantach don Ollscoil NÁisúnta.

  • Gerry Sona

    Ar a laghad ba chóir TEG a bheith ag daltaí ag fágail na meanscoileanna dóibh. Níl prós nó filíocht nach dtuigeann na dáltaí bainte leis an teastas seo ach tugann sé an oiread sin Gaeilge duit le bheith abalta cúrsaí an lae a phlé sa teanga.

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Tá sé sin scríofa go maith agat a Dhaithí – smaointeoireacht snasta ar iompar go stuama ag an ghreann – an rud a scríobh tú go híseal a scread amach is airde is cinnte- ceist a bheadh agam orainn féin mar náisiún – cad é mar is féidir le páistí (agus aosaigh) i dtíortha bochta gan oideachas foirmiúil ar bith orthu trí nó ceithre theanga a bheith ar a dtoil acu agus Éireannaigh go leor gan a bheith ábalta ach an leibhéal is boichte dá dteanga Náisiúnta a bheith leo agus iad ag imeacht amach fríd an saol ón scoil?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “cad é mar is féidir le páistí (agus aosaigh) i dtíortha bochta gan oideachas foirmiúil ar bith orthu trí nó ceithre theanga a bheith ar a dtoil acu agus Éireannaigh go leor gan a bheith ábalta ach an leibhéal is boichte dá dteanga Náisiúnta a bheith leo agus iad ag imeacht amach fríd an saol ón scoil?” An cheist réasúnta atá curtha ag Réamonn.

    Ní dóigh liom gur ceist ábaltachta é. Faoi mar atá rudaí in Éireinn, ní theastaíonn Gaeilge líofa a bheith agat le dul chun cinn a dhéanamh. Na daoine ó thíortha eile a mbíonn trí nó ceithre theanga acu, de ghnáth bíonn cúis mhaith acu leis na dteangacha sin a thabhairt leo.

  • Maire de Roiste

    Tá an Ghaeilge beag nó mór I gceann gach Éireannach, caithfidh í a ligint isteach in ár gcroíthe ,cur chuige,is an brat a choimead ar foluain.