‘Is oth linn a chur in iúl duit go bhfuil d’uasteorainn phearsanta aschuir sroichte agat!’

Agus dá mbainfí úsáid as an nua-theicneolaíocht chun éicea-chumannachas a chur i bhfeidhm? Tá moladh útóipeach ag ár gcolúnaí…

assistance-990332_1920

Is féidir le duine a rogha rud a rá faoin gcumannachas. Gur córas brúidiúil a bhí ann a mharaigh na scórtha milliún duine agus é á chur agus á choinneáil i bhfeidhm, mar shampla.

Ach rith sé liom an lá cheana – agus mé ag méiseáil le haip ar mo ghuthán póca a chomhairíonn calraí – go gcaithfear athchuairt a thabhairt ar bhunteachtaireacht na fealsúnachta seo, i gcomhthéacs na timpeallachta, má tá rath ar bith le bheith i ndán dúinn inár gcuid iarrachtaí ár bplainéad a shábháil ó athrú aeráide.

Dar liom gur féidir bunphrionsabal an chumannachais a chur i bhfriotal mar seo: is le gach duine gach rud agus ní le duine ar bith rud ar bith faoi leith. Dá gcuirfí an coincheap sin i bhfeidhm ar aschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain agus le hathrú aeráide, bheadh córas againn faoina mbeadh cead ag gach duine beo ar chlár na cruinne a sciar cothrom féin d’acmhainní nádúrtha an domhain a úsáid – a fhad is a bheadh iomlán domhanda na húsáide inmharthana.

Ach faoin gcóras céanna, ní fhéadfadh duine ar bith dul thar a sciar pearsanta féin. Agus bheadh an uasteorainn chéanna ag gach uile dhuine againn: bíodh cónaí orainn in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, nó in Angola.

Fóilleach ort, Alex, a deir tú. Cén chaoi ar mhaith leat an t-éicea-chumannachas seo a chur i bhfeidhm? An gá dúinn na scórtha milliún duine a chur den tsaol ar dtús le go mbeidh an chuid eile againn chomh scanraithe is go n-éisteoimid leat? Ní hea ar chor ar bith. Ní gá ach aip a thógáil!

Le leathbhliain anuas, bainim úsáid as Lifesum, aip as an tSualainn a choinníonn súil ghéar ar an méad calraí a itheann agus a dhónn duine i rith an lae. Oibríonn sé: chaill mé cúig kilo saille in achar sé mhí, cúig kilo nach dtiocfaidh ar ais toisc go gcinntíonn an aip nach n-ithim thar mo chuid. 2205 chalra a cheadaítear dom in aghaidh an lae, móide pé méad a dhóim ag déanamh aclaíochta, agus sin é.

Agus mé ag líonadh isteach na gcalraí an lá cheana, rith sé liom go bhféadfaí aip a thógáil a bheadh ar gach guthán póca ar domhan agus a choinneodh súil ar an méad acmhainní nádúrtha a úsáideann gach duine agus ar an aschur is cúis le téamh an domhain a chruthófaí dá réir.

Is ea, a deir tú. Agus ansin? Cén chaoi a gcuirfeadh aip stop le héinne dul thar a chuid?

Bhuel, a chara, sin an áit a dtagann gnéithe ollsmachtacha an chumannachais isteach. Ach ná bí buartha, fanfaidh an AK-47 sa chófra!

Is éard a mholaim ná go ndéanfaí aschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain a chomhaireamh go huathoibríoch agus go héigeantach aon uair a cheannaíonn duine rud ar bith.

Carr, peitreal, ticéad eitleáin, úll as an Nua-Shéalainn nó buirgéir déanta le feoil as Meiriceá Theas: ní fhéadfadh duine oiread agus milseán a cheannacht gan uimhir phearsanta aschuir a thabhairt. Agus a luaithe is a bheadh a uasteorainn phearsanta (laethúil, sheachtainiúil, mhíosúil, bhliantúil… tá na mionsonraí sin le plé) bainte amach ag duine, ní fhéadfaí rud ar bith a dhíol leis go dtí go dtosódh an chéad tréimhse eile.

“Is oth linn nach féidir linn an ticéad fillte go Orlando a dhíol leat óir tá d’uasteorainn phearsanta aschuir sroichte agat” an teachtaireacht earráide a shamhlaím a bheadh ar scáileán ríomhaire an té a bhfuil ródhúil aige in úlla a fhástar ar an taobh eile den domhan, agus samhlaím nach mbeadh an té a cheannódh carr nua ábalta turas eitleáin ar bith a dhéanamh go ceann bliana nó dhó ina dhiaidh sin.

Agus an t-éicea-chumannachas curtha i bhfeidhm, is éard a bheadh san aip, go bunúsach, ná gléas a ligfeadh don duine súil a choinneáil ar a aschur féin agus sin a bhainistiú sa chaoi is nach mbeadh sé san fhaopach agus é imithe thar a chuid.

Smaoineamh radacach? Cinnte! Fíordheacair le cur i bhfeidhm? Gan dabht! Agus lena chois sin, is é is dóichí ná a mhalairt go gcuirfeadh sé eacnamaíocht an domhain as a riocht go ceann scaithimh.

Ach tá buntaiste mór millteanach ag an t-éicea-chumannachas digiteach atá á mholadh agamsa thar aon socrú leathbhruite a aontófar ag an gcruinniú mullaigh faoi athrú aeráide a bheidh ar siúl i bPáras ag deireadh na míosa seo chugainn.

Leagfadh sé freagracht na timpeallachta ar ár nguaillí féin, inár nduine agus inár nduine. Agus cén áit eile ar cheart í a leagadh?

Fág freagra ar '‘Is oth linn a chur in iúl duit go bhfuil d’uasteorainn phearsanta aschuir sroichte agat!’'

  • Gráinne Ní Fhoighil

    ‘Gan dul thar a sciar pearsanta féin’…deas an smaoine é sin cinnte, dá mbeadh a fhios againn céard go díreach an méid a bheadh i gceist leis an sciar sa chéad dul síos! Obair mór le deanamh ón bharr anuas sula bhfeicfidh muid leithid de féin freagracht ag oibriú. Tús maith sílim – deireadh iomlán a chuir le deantús na AK-47’s agus gach rud cosúil leis agus a mbaineann lena leithid agus an tairgead a chuir i dtreo do aip! Is cur amú mór iad agus is mór an peaca iad módhanna cogaí.

  • sean@hotmail.com

    Ní háil liom an bhrionglóid Útóipeach sin agat a smiotadh ach tá sé ró-dhéanach is eagal liom, mo léan, tá an plainéad rí-álainn, glórmhar seo, mar bhí, in áirithe a scriosta agus a dhíothaithe ag sainnt an duine. Tá an sop séidte agus ní fada go mbeidh ár gcosa lite nite agus is é bun agus barr an scéil gur cuma sa foc le formhór mór an daonra nó go dtuigtear dóibh nach feidir leo faic a dhéanamh faoi nó nach bhfuil siad sásta faic a dhéanamh faoi .i. íobairt dá laghad a dhéanamh. Iarraidh orthu an ball acra is ansa ar domhan leo a chaitheamh uathu .i. an carr cumtha caithiseach lonrach gnéasach sin ar féidir leo í a líomhadh, a láimhseáil agus a raighdeáil? Féach an chamastaíl a rinneadh i VW agus a fhios ag piardaí móra na hEorpa faoi ón gcéad lá. Agus an dtarlóidh aon rud, meas tú? Bítear ag pápaireacht agus ag píopaireacht faoin athrú aeráide agus faoi shláinte is sábháilteacht an duine!!!! Tuar cait agus féasóig air, táimid inár mbaileabhair acu. Plus ca change plus c’est la meme chose.

  • alan

    Féach na dóiteáin a thosaítear d’aonghnó gach bliain sna tíortha teo chun ola pailme a fhás, san Indóinéis faoi láthair tá na tailte á nglanadh agus iad faoi bharr lasrach agus na milliúin tonna de ghás ceaptha teasa á sacadh sa bhfiormaimint. Is timthriall ‘éigeantach’ é sin do dhaoine bochta ata ag brath air chun oibre ach is scriosú thar meon é ar bhonn fadtéarmach. Agus ní thráchtaim ar an oll-lomadh crann sna foraoisí – arb iad scámhóga an domhain iad- gach uile nóimeat de gach uile lá. Níl sna cruinnithe athrú aeráide ach seafóid agus buaileam sciath. Tá láimh agus lann á gcur inár mbás féin againn agus ma thuigtear féin é níltear sásta aon athrú a dhéanamh ar an tsamhail fuinnimh ata ann fé láthair .i. ola, gás, gual, Tá saibhreas níos tábhachtaí ná an tsláinte, ná an bheatha féin. Fágfar an poll guairneáin le hoidhreacht ag an gcéad ghlúin eile.