agus
Órang-Útan
le Gabriel Rosenstock
Is fada Gabriel Rosenstock ag saothrú na filíochta. Seo chugainn dhá leabhar nua, dátheangacha le hábhar ealaíne, agus iad ag plé le seánra ar leith a mbíonn sé ag plé leis, haiku, nó “bilingual ekphrastic haiku” le líne ó na leabharthaí féin a ghoid.
Mar sin de, filíocht, ar leathanach amháin, a chuireann síos ar an ábhar ealaíne ar an leathanach eile; saothar deaschainte, an rud atá scríofa agus an rud atá tarraingthe ag damhsa le chéile agus fútsa, a léitheoir, atá sé do choiscéim féin damhsa a aimsiú.
Orang-utan/Órang-Útan agus Snowy Owl/Ulchabhán Sneachtúil iad teidil na leabhar agus clúdach deas páipéir orthu beirt agus ábhar atá inléite agus soléite.
Tá cúpla focal ag tús agus ag deireadh na leabhair ina míníonn sé a chuid cuspóirí: téacsanna iad seo atá dírithe ar dhéagóirí óga agus is é a mhian go léifidh siad ar a suaimhneas iad.
Ní obair bhaile atá ann, ná baol air, ach ábhar éadrom léitheoireachta, lán gaoise agus grinn, le samhlaíocht agus súile na hóige a spreagadh:
scriobláil
an bhfuil ciall ar bith
le scriobláil an tsaoil seo?
Á, anois, sin osna scríbhneora i dtreo na spéire ach tá ábhar grafaice leis na línte sin a spreagann ceist sa léitheoir, seanlínte ar bhalla uaimhe, is dócha a léiríonn dínit scrioblála. Maireann an scriobláil ó aois go haois.
Ní éadóchas a spreagann Rosenstock ach dóchas agus súil aige go spreagfaidh na dánta, Gaeilge agus Béarla, machnamh agus misneach, go mb’fhéidir, go rachadh an t-ábhar i bhfeidhm, de réir a chéile, go formhothaithe, ar intinn an léitheora óig.
Scríobhann Rosenstock ar dhroch-chás páistí sna laetha a bhí, an t-am nach raibh óige ag an óige ach gur cuireadh i mbun oibre iad a luaithe agus ab fhéidir:
Merilda
is ainm dom
impróir mónóg.
Tá pictiúr dubh agus bán de chailín óg agus í ag iompar mónóg, le Lewis Hine, í amuigh sa chuibhreann, faoin ghréin, dhá chiseán throma á n-iompar aici.
Tá ábhar filíochta ann a bhaineann le hainmhithe a bhfuil a seal tugtha ar an tsaol seo fosta, ainmhithe nach bhfuil iontu anois agus ainm agus pictiúr i leabhar, an t-éan beag a raibh “hoa” air, abair. Ach is boichte muid agus iad ar iarraidh:
hoa…
ní raibh seans faoin spéir aige
in aghaidh na bhfrancach
Tá filíocht ann fosta a bhaineann le cúrsaí cogaidh; ní cheiltear na huafáis ar an óige ar fad:
aoibh uirthi
Anne Frank
aoibh
Tá tuairim is 350 leathanach d’ábhar filíochta agus ealaíne sa dá leabhar agus tá an ceart ag Rosenstock: ní ábhar é seo atá le léamh go gasta ach go réidh. Aithneoidh an té a thugann cuairt ar an Dánlann Náisiúnta an cur chuige seo: pictiúr agus cúpla líne faoi. Sin atá againn anseo agus an éifeacht chéanna leis an phróiseas; moill bheag a chur ort leis na focla a léamh agus moill bheag eile le ligean do na dathanna dul i bhfeidhm ort.
Tá caighdeán an dá leabhar an-bhreá ar fad agus an t-ábhar, bíodh saothar ealaíne nó dán i gceist, breá feiceálach – fiú ag léitheoir atá giota beag níos sine ná na déagóirí atá luaite mar spriocléitheoirí na saothar.
Is mór is fiú seal a chaitheamh i nDánlann Rosenstock.
Fág freagra ar 'Is mór is fiú seal a chaitheamh i nDánlann Gabriel Rosenstock'