TAISPEÁNTAS
Saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain – taispeántas nua
Seolfar taispeántas dátheangach nua, Máirtín Ó Cadhain: Saol agus Saothar, ag a 6 i.n. tráthnóna inniu, Dé hAoine, an 3 Deireadh Fómhair i seomra G010, Foirgneamh Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe. Tá an taispeántas arna choimeád ag an Dr. Chris McCann, Roinn na Gaeilge, agus é ar siúl le tacaíocht ó Thaighde Éireann agus Iontaobhas Uí Chadhain. Insíonn an taispeántas scéal an Chadhnaigh trí dhéantáin agus sealúchais a bhaineann le gnéithe éagsúla dá shaol ildánach.
Tá cead isteach saor in aisce agus beidh sé ar siúl go dtí an 22 Deireadh Fómhair sa spás taispeántais i bhforhalla Fhoirgneamh Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe. Tá fáilte roimh chách.
EALAÍN

Tír na nIontas i gCoill Bhearna
Seoladh taispeántas ealaíne álainn nua i gCoill Bhearna le déanaí ina mbaintear úsáid as cuid de na crainnte a leagadh sa gcoill le linn Stoirm Éowyn ag tús na bliana. Tá dealbha draíochtúla de theach sí, ulchabhán, iolar agus madra uisce ag seilg éisc i measc na saothar ealaíne adhmaid atá cruthaithe ag an ealaíontóir Will Fogarty sa gcoill. Togra de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá ann le cosán ealaíne a chruthú tríd an gcoill agus é maoinithe ag Éire Ildánach.
Leagadh beagnach 100 crann i gCoill Bhearna i mí Eanáir 2025 nuair a réab Stoirm Éowyn tríd an tír. Dúnadh Coill Bhearna ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin ionas go bhféadfaí an príomhchosán tríd an gcoill a ghlanadh agus na crainnte a bhí leagtha a chur amach as an mbealach. Baineann na saothair ealaíne seo úsáid as cuid de na crainnte a thit agus tá siad le feiceáil le taobh phríomhchosáin na coille.
Tarraing é i nGaeilge
Beidh an t-imeacht Tarraing É i nGaeilge á reáchtáil arís i mbliana mar chuid d’Fhéile Cartúin na Gaillimhe a bheidh ag tosú inniu, Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair agus ag dul ar aghaidh go dtí Dé Céadaoin an 8 Deireadh Fómhair. Seolfar an taispeántas de shaothair chartúin i nGaeilge in Inis Oírr in Áras Éanna Dé Luain seo chugainn agus beidh an taispeántas ar bun ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh agus in Áras Éanna.
Cuirfidh an taispeántas rogha leathan de stíleanna agus éagsúlacht ábhair le cartúnaithe ar fud na hÉireann agus thar sáile i láthair an phobail. Gealltar míreanna greannmhara, spéisiúla sa taispeántas.
Tuilleadh eolais faoin bhféile anseo.
CAINT
Oícheanta leis na healaíontóirí cónaithe i Stiúideo Cuan
Tá ealaíontóirí cónaithe an fhómhair fógartha ag Stiúideo Cuan sa Spidéal i gConamara. Is iad na healaíontóirí a bheidh ag glacadh páirt sna cónaitheachtaí ná Mairéad Ní Fhlatharta, ceoltóir agus aisteoir, Diarmuid de Faoite, aisteoir agus scríbhneoir, Máire Holmes, file agus drámadóir agus Toner Quinn, ceoltóir agus scríbhneoir.
Mar chuid den chónaitheacht beidh na healaíontóirí ag cur ócáid phoiblí ar bun gach tráthnóna Déardaoin ag a 8 i.n. i Stiúideo Cuan. Cuireadh an chéad oíche sa tsraith ar bun an tseachtain seo agus leanfar ar aghaidh go dtí mí na Nollag. Tá saorchead isteach. Idir ceolchoirm agus seisiún atá geallta. Tuilleadh eolais anseo.
FÉILTE
Clár IMRAM 2025 seolta
Fógraíodh clár na féile IMRAM 2025 an tseachtain seo, féile liteartha agus chultúrtha a bheidh ar bun ag ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath i rith mhí na Samhna. Beidh imeachtaí na bliana seo ar bun idir an 8-23 Samhain. I measc na n-imeachtaí móra beidh Dán na Caillí, cur i láthair ilmheáin bunaithe ar an miotaseolaíocht a bhaineann leis an gCailleach i dtraidisiúin na hÉireann agus na hAlban.
Beidh an ócáid ar bun in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an Mháirt, 18 Samhain ag a 7:00 i.n., áit a mbeidh filíocht nua-choimisiúnaithe á haithris ag Laoighseach Ní Choistealbha, Dairena Ní Chinnéide, Eithne Ní Ghallchobhair, agus an file Albanach, Caitrìona Lexy Campbell. Cloisfear amhrán freisin Róis, an cumadóir, amhránaí agus ceoltóir il-uirlise, agus beidh ábhar físe ann leis an ealaíontóir Margaret Lonergan.
Tá clár mór imeachtaí leagtha amach d’fhéile IMRAM, ina measc agallamh poiblí leis an bhfile agus scríbhneoir Áine Ní Ghlinn, sraith léachtaí i gcomhar le Leabharlann Lexicon, áit a mbeidh Alan Titley, agus Máirín Nic Eoin ag caint, oíche mhór filíochta agus cheoil le Louis de Paor, Caitríona Ní Chléirchín, Eithne Ní Ghallchobhair agus Macdara ó Faoláin, agus neart eile.
Ticéid agus clár na féile anseo.
Éigse Thomáis Uí Aodha á heagrú ag Oidhreacht an Chláir
Beidh an 7ú féile Ghaeilge bhliantúil, Éigse Thomáis Uí Aodha, á reachtáil ag Oidhreacht an Chláir (OaC) i Sráid na Cathrach ar 10-11 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Thomás Ó hAodha (1866-1935), duine de mhórphearsain liteartha agus chultúrtha Athbheochan na Gaeilge ag tús an 20ú céad agus arb as Sráid na Cathrach dó.
Ar an Aoine beag seo, an 10 Deireadh Fómhair ag 8.00 i.n. in Áras OaC (Bóthar na Leac), tabharfaidh Ciarán Ó Feinneadha léacht na hÉigse, ‘An Stát agus an Ghaeilge’. Beidh taispeántas speisialta de chartlann phearsanta Thomáis Uí Aodha, a dheonaigh a mhuintir féin d’Oidhreacht an Chláir, ansin freisin, chomh maith leis an gcéad léarscáil Ghaeilge d’Éirinn riamh, a rinne Tomás, i gcomhar le Pádraig Ó hAichir ó Dhún Saileach i 1906.
Leanfar leis na himeachtaí ar an Satharn in Áras OaC, áit a mbeidh ceardlann amhránaíochta leis an Dr Éamonn Ó Bróithe ar maidin. Tabharfar cuairt ina dhiaidh sin ar an teach sa Phríomh-Shráid inar rugadh Tomás Ó hAodha agus ar an teach i mBóthar na hInse ina raibh cónaí air ina dhiaidh sin go dtí gur bhog sé go Baile Átha Cliath.
Níos deireanaí ar an Satharn, ó 3.00 i.n. go 5.30 i.n., beidh ‘Ceol agus Caint’ i dteach tábhairne Friel’s, ina mbeidh Pop-up Gaeltacht, amhráin le Éamonn Ó Bróithe agus Tim Dennehy, agus ceol le Pádraic Keane (píob uilleann) agus Cillian Boyd (fliúit).
Tá saorchead isteach chuig na himeachtaí go léir, agus fáilte curtha ag an bhféile roimh chách. Tuilleadh eolais ó 085-1611443 nó ó eolas@oac.ie
Cúirt Cheoil na mBan in Inis Oírr
Beidh Cúirt Cheoil na mBan ar bun in Inis Oírr an deireadh seachtaine seo. Féile Ghaeilge í seo a chuireann béim ar cheoltóirí mná agus ar cheoltóir neamh-dhénártha traidisiúnta agus é d’aidhm acu oícheanta sóisialta traidisiúnta a bhíodh daoine a óstáil ina dtithe féin a athbheochan. Cuireadh tús leis an bhféile mar imeacht aon-uaire don Oíche Chultúir sa mbliain 2022 agus tá fás tagtha ar an bhféile ó shin. Féile trí lá atá anois ann a chuirtear ar bun ag deireadh an tséasúir turasóireachta in Inis Oírr.
I mbliana, tá breis is 15 ceoltóir, amhránaí agus rinceoir páirteach ann, ina measc, Bríd Ní Chualáin, Deirbhile Ní Bhrolcháin, Orlagh de Bhaldraithe, Paula O’Regan, agus Stevie Browne. Is comhléiriú atá ann idir Emma O’Grady, Áras Éanna agus tacaíocht ó Phleanáil Teanga Inis Oírr.
Tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil ar shuíomh idirlín Áras Éanna.
Oíche cheiliúrtha SONGSMITH ar mhaithe le UNICEF
Cuirfear oíche speisialta ar bun ar mhaithe le UNICEF ag ceiliúradh an leabhair SONGSMITH in Óstán an Abbey Court ar an Aonach Dé Máirt an 14 Deireadh Fómhair ag 7:30 i.n. Leabhar grianghraf é SONGSMITH le Pádraig Ó Flannabhra i gcuimhne ar an amhránaí agus cumadóir amhráin Shane McGowan, a bhásaigh sa mbliain 2023.
Beidh an teacht isteach ó dhíolachán an leabhair á bhronnadh ar Peter Powell, Príomhfheidhmeannach UNICEF Éirinn ar an oíche. I measc na n-aíonna a bheidh i láthair ag an ócáid, beidh an scríbhneoir Siobhán McGowan, agus an réalta iománaíochta agus ambasadóir de chuid UNICEF in Éirinn, Joe Canning. I gcomhluadar na gceoltóirí ar an oíche beidh an fidléir agus cumadóir ceoil Eileen O’Brien, an pianódóir agus fliúiteadóir Deirdre McSharry, agus an cláirseoir óg Ruby Walsh.

Fág freagra ar 'Clár IMRAM seolta, taispeántas faoin gCadhnach, Tír na nIontas i gCoill Bhearna…'