Is mór idir ré Bhríd Rodgers agus Stormont inniu

Tráth gur seó bóthair é an rialtas nua i Sráid Mhuirfean as ganntanas ban a bhfuil cumhacht acu ag bord an rialtais tig le lucht Stormont bualadh bos beag a thabhairt dóibh féin

Is mór idir ré Bhríd Rodgers agus Stormont inniu

An rud is annamh is iontach – Feidhmeannas Stormont níos fearr ná rialtas na hÉireann. Is iomaí údar cáinte ag daoine faoi easpa éifeachta Stormont bliain tar éis a athbhunaithe ach tá comhdhéanamh na comh-aireachta inmholta. Tráth gur seó bóthair é an rialtas nua i Sráid Mhuirfean as ganntanas ban a bhfuil cumhacht acu ag bord an rialtais tig le lucht Stormont bualadh bos beag a thabhairt dóibh féin.

Tá beirt bhan i gceannas, Michelle O’Neill, Sinn Féin agus Emma Little-Pengelly, an DUP sa chéad-aireacht agus sa leaschéad-aireacht. As ochtar airí eile sa bhFeidhmeannas mná is ea triúr, Caoimhe Archibald agus Liz Kimmins ó Shinn Fein agus Naomi Long, páirtí Alliance. Ina dteannta sin is mná iad na hairí sóisearacha Pam Cameron an DUP agus Aisling Reilly Shinn Féin. Siad an cúigear eile John O’Dowd (SF) Gordon Lyons agus Paul Givan (DUP), Andrew Muir (Alliance) agus Mike Nesbitt (UUP).

Dá réir tá céatadán na mban sa bhFeidhmeannas níos airde ná an sciar de na Teachtaí Tionóil a toghadh in 2022, 35% (32 Teachta as 90). Má chuirtear na hairí sóisearacha as an áireamh tá na postanna roinnte go cothrom. Tá a líon beagán faoi bhun an chéatadáin de mhná san daonra, 51% agus go leor dul chun cinn riachtanach chun go mbeidh líon na dTeachtaí Tionóil ionadaíoch.

Ní léir an bhfuil an Feidhmeannas aon bhlas níos feidhmiúla de bharr líon na mban. Táthar ag druidim le cnámh na huillinne maidir leis an mhoill ar chlár rialtais agus ar an mbuiséad chomh maith le siléig nó pairilis faoi Choimisinéir Gaeilge, straitéis in aghaidh an bhochtanais agus go leor eile. Is léir, áfach, go gcruthaíonn na mná íomhá níos dearfaí ná a bhí ag an bhFeidhmeannas le tamall.

Bhí an chodarsnacht idir ballraíocht na comh-aireachta inniu agus an chéad Fheidhmeannas breis is scór bliain ó shin faoi chaibidil an tseachtain seo. Bhí altanna sna nuachtáin abhus faoin iar-aire Bríd Rodgers an SDLP a mbeidh ceithre scór go leith slánaithe aici amárach.

Beidh ceiliúradh ar a saol agus a saothar san Guildhall i nDoire Déardaoin. Ní raibh ach beirt bhan sa chomh-aireacht sin – Bríd Rodgers, SDLP agus Bairbre de Brún Shinn Féin. Ba iad David Trimble an UUP agus Séamus Mallon an SDLP an chéad-aire agus leaschéad-aire.

Baineadh siar as mná óga a léigh tuairisc san Belfast Telegraph faoin streachailt a bhí ag Rodgers chun ról suntasach a bhaint amach ina páirtí agus in institiúidí polaitiúla. De bhunadh Ghaoth Dobhair chaith sí a saol polaitiúil ar An Lorgain, i gcontae Ard Mhacha. Bhí sí gníomhach i ngluaiseacht na gCearta Sibhialta agus NICRA agus sa Campaign for Social Justice.

Tar éis sosa nuair a bhí a seisear clainne beag d’éirigh sí gníomhach san SDLP. Throid sí ar Chomhairle Craigavon chun aitheantas agus cothromas a bhaint amach do náisiúnaithe. Chaith sí seal ina Seanadóir i dTeach Laighean ar ainmniúchán ó Garrett Fitzgerald. Bhí sí ina hArd-Rúnaí ar an SDLP agus ina cathaoirleach – an chéad bhean a bhí ina cathaoirleach ar pháirtí polaitíochta in Éirinn agus í go minic ar na meáin, ag caint i nGaeilge agus i mBéarla. Níor ceapadh í áfach ar aon cheann d’fhoirne idirbheartaíochta a páirtí.

Bhí sí ina cathaoirleach ar thoscaireacht idirbheartaíochta an SDLP, ról bainistíochta i gcainteanna Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ar deireadh ceapadh í ina haire talmhaíochta sa chéad Fheidhmeannas, ról dúshlánach inar chruthaigh sí go maith. Creideann sí go raibh an chéad Fheidhmeannas sin tiomanta do roinnt na cumhachta ar bhonn aontaithe ach gur chuir socrú Chill Rímhinn an ghné chomhroinnte i gComhaontú Aoine an Chéasta as a riocht.

In agallamh an tseachtain seo bhí sí bródúil as prionsabail an Chomhaontaithe agus tiomanta d’fhís John Hume. Dúirt sí go raibh sé in am ag na hairí gníomhú seachas a bheith ag gearán faoin nganntanas airgid nó ag cur bac ar a chéile. Bhí áthas uirthi go raibh móramh ag mná sa bhFeidhmeannas reatha. Más mall is mithid.

Fág freagra ar 'Is mór idir ré Bhríd Rodgers agus Stormont inniu'