Tharla an Gorta Mór sa 19ú haois agus tharla an ‘Phlá Dhubh’ nó an ‘Bás Dubh’ am éigin sa 14ú haois. Mar sin, bheadh sé deacair aon cheangal a dhéanamh eatarthu, shilfeá. Ach bhí toradh áirithe ar an bPlá mharfach, de réir an leabhair The World The Plague Made: The Black Death and the Rise of Europe le James Belich, a bhí an-chosúil le toradh a bhí ar an nGorta Mór sa tír seo.
Léirmheas ar an leabhar thuas a chuir ag smaoineamh mé ar na pointí comparáide idir an dá tharlúint uafásacha sin.
Rianaíonn an t-údar na cúinsí ba chúis leis an bPlá Dhubh. Ceapadh ar feadh i bhfad gur bhain an scaipeadh leis an bhfrancach. Cuireadh an milleán ar an ainmhí sin de bharr go raibh an cháil, nó an droch-cháil air, go mbíodh francaigh in ann a mbealach a dhéanamh go héasca ar bord loinge agus as sin, thar lear go tíortha eile, áit ar scaip sé an baictéar Yersinia pestis a ba chionsiocair leis an tinneas marfach.
Tá sé faighte amach ag eolaithe gur tháinig an baictéar sin ó cheantar sléibhtiúil Tien Shan sa Chirgeastáin i dtús ama. Ach ar ndóigh ceantar é sin atá i bhfad ón bhfarraige agus ó na longa a scaip an galar le cabhair dhreancaidí na bhfrancach. Meastar anois gur thosaigh an scaipeadh le ainmhí ar a dtugtar an marmat, uaidh sin go dtí an tseirbil agus uaidh sin go dtí an camall.
Ar ndóigh dhéanadh na camaill turais fhada trasna na hEorpa ó lár na hÁise agus iad ag iompar earraí i gcúrsaí gnó agus trádála. Meastar gur léim na dreancaidí a d’iompair an baictéar, ón gcamall go dtí an francach dubh agus gur scaip an galar go forleathan ansin.
Cé gur bhris an phlá amach cúpla uair i rith na mblianta, ba í an Phlá Dhubh a scaip i lár an 14ú aois an ceann ba mheasa. Luann an t-údar an líon daoine a measadh i gcónaí a maraíodh le linn tréimhse na plá – a mhair ar feadh 300 bliain. Measadh ar feadh i bhfad gur maraíodh thart ar 30% de dhaonra iarthar na hEorpa sa chéad ráig a mhair ó 1346 go dtí 1353. Agus bhí daoine ann, a deir sé, a cheap go raibh an figiúr sin ró-ard. Ní fhéadfadh galar an líon sin daoine a mharú, dar leo.
Ach measann an t-údar seo, James Belich, go raibh an figiúr i bhfad níb airde – suas le 50% de dhaonra iarthar na hEorpa, a mheasann seisean. Sin leath de dhaonra iarthar na hEorpa glanta den domhan ag an ngalar seo.
Is pointe thar a bheith tábhachtach é sin don teoiric atá aige. Dá dtarlódh laghdú ar an bhfómhar, i dteannta laghdú 30% ar an daonra, bheadh ganntanas bia ann chomh maith le chuile shórt eile. Ach dá laghdódh an Phlá Dhubh an daonra 50%, bheadh farasbarr bia ag an daonra laghdaithe sin a bhí fágtha faoin tráth sin.
Is ón teoiric sin a dhéanann sé forbairt ar an gcuid eile dá smaointe. Má bhí daonra ní ba lú ann, bhí níos mó talún le forbairt ag an dream a bhí fágtha. Bhí níos lú daoine ann rud a d’fhág gur athraigh an cineál feirmeoireachta a bhí ar siúl ag an bpobal – thiontaigh siad ón gcuradóireacht go dtí an fheirmeoireacht thréadach.
Agus iad saortha ó sclábhaíocht na feirmeoireachta, bhí fir ar fáil anois chun dul isteach san arm, chun dul ag loingseoireacht, chun tabhairt faoin iliomad slite beatha eile – iascaireacht, seilg ainmhithe fiáine, leagan crann, agus mar sin de. ‘Cultúr an Chriú’ a thugann an t-údar air sin.
Dar leis, d’fhás cumhacht na hEorpa, agus ina dhiaidh sin, cumhacht Shasana, ón athrú mór sa daonra sna blianta ina dhiaidh sin. I mblianta tosaigh na Plá – suas go dtí 1500, maraíodh daoine den uile aicme. Ach sa dara leath, tar éis 1500, tugadh faoi deara gur bhain sé níos mó leis na bochtáin. Tar éis 1700, cé go raibh an galar fós ann, ní raibh an méid céanna éifeacht aige ar an daonra san Eoraip.
Seo an áit ar chuir mé féin suim sa chomparáid leis an tír seo. Deir an t-údar gur tháinig aicme nua chun cinn, an feirmeoir saibhir – ‘rich peasants’ mar a thugann sé orthu. Thosaigh siad ag oibriú na talún a bhí fágtha díomhaoin tar éis imeacht na ndaoine a bhásaigh. Ní uasaicme go fírinneach a bhí iontu, ach ‘country gentry’ – aicme nua den ‘yeoman’ a bhí ann roimhe.
Déanann sé amach gur tharla an t-athrú sin ar fud an domhain ach nach minic a aithnítear é. Go bunúsach, níor tháinig ach leath na ndaoine slán i ndiaidh an ráig marfach sin den ghalar. Ach dar leis an údar, bhí toradh an-dearfach ann do na daoine a tháinig slán- d’éiríodar ní ba shaibhre agus ní ba chumhachtaí.
An cheist atá mé a chíoradh anois ná – nár tharla a comhionann sa tír seo tar éis an Ghorta? Níor shroicheamar fós an daonra a bhí againn roimh an uafás sin. Ach tháinig daoine slán as.
Níl aon amhras ach go raibh níos mó talún ann ansin do na feirmeoirí a bhí fágtha. D’éirigh siadsan ní ba shaibhre agus ní ba chumhachtaí ina dhiaidh sin, cé go mba feirmeoirí/tionóntaithe a bhí fós iontu. D’fhan cúrsaí mar sin go deireadh an 19ú céad nuair a fuaireadar seilbh ar a gcuid talún féin.
Agus ar nós an dream a bhí fágtha tar eis an ‘Ghalair Dhubh’ tháinig aicme nua chun cinn – uaisle nach uaisle ó cheart a bhí iontu, ach cineál ‘meán-ardaicme’- na ‘feirmeoirí láidre?’
Agus níl aon dabht ach gur athraigh na feirmeoirí a modh oibre ón gcuradóireacht go dtí an fheirmeoireacht thréadach. Agus bhí margadh anois acu – margadh don mhairteoil, bagún, agus a leithéid sna bailte a bhí ag fás agus ag forbairt i Sasana.
Mar a deir an t-údar agus é ag breathhnú ar mhórphictiúr na hEorpa – níl sé ag rá gurbh í an Phlá Dhubh ba chúis le gach athrú domhanda sa stair tar éis 1350, ach measann sé gur tarlúint réabhlóideach a bhí ann nár aithníodh riamh.
‘Titeann an daonra faoina leath, agus ag an am céanna tagann dúbailt ar gach rud eile,’ deir sé. ‘Mura bhfuil sé sin réabhlóideach, cad eile atá ann?’
Fág freagra ar 'An Gorta Mór, an Phlá Dhubh agus ‘country gentry’'