Is mór an chomaoin atá curtha ag Garry Bannister ar chlanna Gael lena theasáras Gaeilge-Béarla

Ní bheidh aon cheal téarmaí oraibh leis an gcomhrá a choinneáil ar bun má bhaineann sibh leas as an teasáras Gaeilge-Béarla nua

Is mór an chomaoin atá curtha ag Garry Bannister ar chlanna Gael lena theasáras Gaeilge-Béarla

Níl amhras ar bith nach bhfuil toirt agus téagar sa Teasáras Gaeilge-Béarla a thiomsaigh Garry Bannister. Is breá go deo an leabhar í.

Tá os cionn 1,000 leathanach inti agus beagnach 700,000 focal.

Tá sé ráite ar an leathanach cúil gurb é seo an chéad teasáras Gaeilge-Béarla sa domhan.

Ní hé amháin go bhfuil comhchiallaigh na bhfocal sa leabhar ach tá aistriúcháin go Béarla inti, cora cainte, nathanna úsáideacha, liostaí téamacha, seanfhocail, treoir nua ghramadaí agus fochialla cultúrtha/staire.

Leabhar a bhfuil téagar inti a dúirt mé. Céard faoin bhfocal téagar féin arsa tusa? An bhfuil sé sin inti? Tá go deimhin.

Seo cuid de na focail ghaolmhara atá aige: diongbháilteacht, láidreacht, substaintiúlacht, tacúlacht, tathag, urrúntacht.

Meabhraíonn sé dhúinn freisin go gciallaíonn téagar compord agus dídean.

Fágfaidh mé fúibh féin na focail atá aige sa gcás sin a ghrinniú.

Is dócha nach bhfuil ábhar ar bith cainte is mó a bhíonn againn sa tír seo ná cur síos ar an aimsir. Ní bheidh aon cheal téarmaí oraibh leis an gcomhrá a choinneáil ar bun má bhaineann sibh leas as an teasáras seo.

Is féidir leis an aimsir a deirtear linn a bheith bog, brádánach, breá, brothallach, ceathach, ceobhránach, ceomhar, clósáilte, colgach, dorcha, feanntach, foirfe, fuar, fuar feannta, fliuch, gaofar, geal, glas, go maith, go dona, goimhiúil, grianmhar, marbhánta, meirbh, múraíolach, préachta, ró-the, scamallach, siocúil, smúitiúil, sneachtúil, stoirmeach, te, tirim.

Tá cur síos ar Mhurchadh na nDóiteán sa teasáras. An fear a chonaic Murchadh a thabharfaí ar dhuine a mbeadh a sheacht sáith d’anró an tsaoil fulaingthe aige. Tagairt atá ansin do Mhurchadh Ó Briain a loisc Caiseal Mumhan gan trua gan trócaire sa mbliain 1647.

Shíl mise go mbeadh teasáras i ngach aon cheann de theangacha móra na hEorpa ach ní mar sin atá, de réir mar a deir Garry Bannister linn sa réamhrá.

Tá an-traidisiún foclóireachta sa bhFrainc ach níl aon teasáras Fraincise ann. Is é a fhearacht sin ag an nGearmáinis é, ag an Spáinnis, ag an Rúisis agus ag an bPolainnis.

Ní hamhlaidh don Bhéarla. I lár an naoú haois déag a foilsíodh an chéad teasáras Béarla.

Tríocha bliain d’aois a bhí Garry Bannister nuair a thuig sé gur theastaigh teasáras Gaeilge go dóite. Bhí sé faoi dhraíocht ó laethanta a óige ag Foclóir de Bhaldraithe.

Thuig sé go dteastódh frása nó dhó ar a laghad le focal i gcanúint amháin seachas canúint eile a mhíniú.

Tóg an focal mall, mar shampla. Tá sé ag éirí mall, a déarfaí sa leath thuaidh den tír. Tá sé ag éirí déanach a bheadh acu in áiteacha eile.

Breoite a bheifeá i gCiarraí agus tinn i gConamara.

Is mór an chomaoin atá curtha ag Garry Bannister ar chlanna Gael leis an teasáras seo. Má bhíonn a leithéid de rud ann go deo agus Gradam an Duinnínigh nó Gradam Thomáis de Bhaldraithe is air go dearfa ba cheart é a bhronnadh.

Mar bhuille scoir ní miste cúpla mír eolais faoin bhfear féin a chur síos.

Fuair sé céim sa nGaeilge agus sa Rúisis ó Choláiste na Tríonóide. Ba é a chuir an chéad roinn le Nua-Ghaeilge ar bun i Stát-Ollscoil Mhoscó.

Ar fhilleadh go hÉirinn dó chuaigh sé ag múineadh i gColáiste Choilm i mBaile Átha Cliath. Chaith sé 30 bliain i gceannas ar Roinn na Gaeilge ansin.

  • Tá Teasáras Gaeilge-Béarla foilsithe ag New Island Books

Fág freagra ar 'Is mór an chomaoin atá curtha ag Garry Bannister ar chlanna Gael lena theasáras Gaeilge-Béarla'

  • Seanán Ó Coistín

    An ndéanfaí léirmheas ar Stórchiste, an teasáras Gaeilge do chuir Nicholas Williams i dtoll a chéile? Is ait agus is breá an rud é gur foilsíodh dhá fhoclóir comhchiallaigh an tráth céanna. Nach méanar dúinn.

  • KH

    Go raibh maith agat, a Sheosaimh.

    Comhghairdeachas leis an údar.

    Kevin Hickey