Ní féidir ceadúnas tiomána a fháil trí Ghaeilge ar líne mar gheall ar ‘bhrú na paindéime’ – An Roinn Iompair

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur féidir le daoine foirmeacha Gaeilge a íoslódáil agus a phriontáil ach ghlac sé leis nach féidir iarratas ar líne a dhéanamh trí Ghaeilge

Ní féidir ceadúnas tiomána a fháil trí Ghaeilge ar líne mar gheall ar ‘bhrú na paindéime’ – An Roinn Iompair

Obair ’sciobtha’ a rinneadh le linn na paindéime an chúis nach féidir iarratas ar líne ar cheadúnas tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge, a deir aire stáit.

Tharraing an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh aird le déanaí ar cheist na teanga agus na gceadúnas nuair a chuir sé ceist ar an aire stáit sa Roinn Iompair, Jack Chambers, cén fáth nach raibh an pobal in ann cur isteach ar cheadúnas tiomána ar líne trí Ghaeilge.

Dúirt an tAire Stáit  go bhfuil foirmeacha iarratais Gaeilge don cheadúnas tiomána agus don cheadúnas foghlaimeora ar fáil ar líne ón tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána, agus gur féidir le daoine iad a íoslódáil agus a phriontáil, ach ghéill sé nach féidir iarratas ar líne a dhéanamh trí Ghaeilge.

“B’éigean tús sciobtha a chuir leis an bpróiseas iarratas ar líne le linn na paindéime agus ní raibh sé indéanta ag an am an tseirbhís chéanna a chur ar fáil trí Ghaeilge,” a dúirt an tAire Stáit. “Beidh mo chuid oifigeach ag casadh leis an Údarás [um Shábháilteacht ar Bhóithre] chun féidearthacht a leithéid de sheirbhís a phlé.”

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh sé deacair a thuiscint cén fáth nach raibh an tseirbhís ar fáil ar líne agus go raibh sé “seafóideach” an milleán a chur ar an bpaindéim Covid-19.

“Tá an phaindéim thart anois le breis is bliain agus thosaigh sí in earrach 2020, breis is trí bliana ó shin. Tá sé indéanta agus bhí sé i gcónaí indéanta é seo a dhéanamh ach níl aon leithscéal gan é a bheith ar fáil anois,” a dúirt Ó Snodaigh.

Sa cheist a chuir sé ar an aire stáit, thagair Ó Snodaigh don mhéid a bhí le rá ag an Roinn Iompair ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo nuair a dúradh go raibh an t-éileamh ar sheirbhís i nGaeilge ón roinn “an-íseal ar fad”.

Dúirt Snodaigh le Tuairisc nach aon iontas go mbíonn éileamh íseal nuair nach gcuirtear seirbhísí ar fáil i nGaeilge.

“Má chuireann sé breis stró ar aon duine, casann siad ar an Bhéarla. Ceann de na fadhbanna a bhíonn ann go minic ná le síneadh fada a chur isteach in ainm ach sa chás seo níl [an tseirbhís] ar fáil. Níl leithscéal ar bith ann. Fiú le linn na paindéime, ba cheart go mbeadh sí ar fáil as Gaeilge. Cé mhéad focal a bheadh orthu a aistriú? Ní bheadh sé dodhéanta sin a dhéanamh.”

Tá an Roinn Iompair freisin ag maíomh nach féidir comhstádas a thabhairt don Ghaeilge agus don Bhéarla ar chomharthaí bóthair an stáit.

Fág freagra ar 'Ní féidir ceadúnas tiomána a fháil trí Ghaeilge ar líne mar gheall ar ‘bhrú na paindéime’ – An Roinn Iompair'

  • Seán ÓM

    Fadhb chéanna leis na torthaí scrúduithe ó Coimisiún na Scrúduithe Stáit “examinations.ie”.

    Ní raibh an fhoirm dhigiteach ar fáil i nGaeilge. Mar sin sheól mé r-phost isteach ….. Agus fuair mé freagra i mBéarla…. Ag iarraidh aistriúcháin ar mo rphost go Béarla.

  • Colm

    Náire shaolta iad an State Examinations Commission. Béarlóirí cruthanta.

  • An Sléibhteoir

    Nach raibh an roinn céanna ag maíomh as an easpa éilimh ar sheirbhísí Gaelainne an tseachtain seo caite?