‘Ní thagann a seasamh faoin nGaeilge ar chomharthaí bóthair le taighde, dea-chleachtas, nó comhionannas’

Dúirt an Roinn Iompair go mbeadh ‘easpa soiléireachta’ i gceist don tiománaí dá mbeadh an logainm Gaeilge chomh mór leis an logainm Béarla ar chomharthaí bóthair

‘Ní thagann a seasamh faoin nGaeilge ar chomharthaí bóthair le taighde, dea-chleachtas, nó comhionannas’

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil diúltú na Roinne Iompair comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair ag teacht salach ar thaighde, dea-chleachtas idirnáisiúnta agus comhionannas teanga.

Faoi láthair bíonn leaganacha Béarla na logainmneacha ar chomharthaí bóthair dátheangacha i gceannlitreacha agus bíonn na leaganacha Gaeilge i mionlitreacha i gcló Iodálach.

Tá Conradh na Gaeilge i mbun feachtasaíochta le fada faoi cheist na Gaeilge ar na comharthaí bóthair agus tháinig an cheist chun cinn arís i dTeach Laighean le gairid nuair a thug oifigigh ón Roinn Iompair le fios nach bhfuil sé i gceist ag an Roinn aon athrú a dhéanamh ar leagan amach na gcomharthaí.

Dúirt an Roinn go mbeadh “easpa soiléireachta” i gceist don tiománaí dá mbeadh an logainm Gaeilge chomh mór leis an logainm Béarla ar na comharthaí.

Dúradh go mbíonn logainmneacha Gaeilge “40% níos faide ar an meán ná an choibhéis Bhéarla” agus go gcaithfeadh comharthaí a bheith i bhfad níos mó dá mbeadh comhstádas ag an dá theanga. Bheadh “giorrúcháin iomadúla” riachtanach dá ndéanfaí focail Ghaeilge chomh mór leis an mBéarla, a dúradh.

Dúirt an Roinn go mbíonn an logainm Gaeilge in uachtar ar na comharthaí mar atá agus gurb é an cló a úsáidtear don Ghaeilge faoi láthair is fearr a léiríonn an seanchló Gaelach.

“Ar an iomlán meastar go gcuireann an córas reatha cur chuige soiléir, comhsheasmhach, inléite, sábháilte ar fáil, agus go ndéantar foráil don dá theanga ar chomharthaí bóthair,” a dúradh.

Ní ghlacann Conradh na Gaeilge le cur chuige na Roinne, áfach

“Cé go dtagann an Ghaeilge ar dtús ar chomharthaí, tugann na difríochtaí sa chló le fios don léitheoir gurb é an Béarla atá mar phríomhtheanga an chomhartha – ach ní gá gur mar seo a bheadh,” a dúirt urlabhraí de chuid an Chonartha le Tuairisc.

“Tugann ceannlitreacha don Bhéarla amháin, chomh maith le cló Iodálach don Ghaeilge, an chuma go bhfuil claontacht chórasach don Bhéarla thar an Ghaeilge. Ní ghlacann muid gur ar mhaithe le nod a thabhairt don seanchló Gaelach atá an cur chuige seo i bhfeidhm,” a dúradh.

“Tá pointe déanta, mar gheall go bhfuil logainmneacha Gaeilge níos faide ar an meán ná logainmneacha Béarla, gur cúis sin leis an Bhéarla amháin a chur i gceannlitreacha.

“Ní sheasann an pointe seo le réasún nó le dea-chleachtas i ndlínsí eile. Beidh cásanna i gcónaí ann áit a mbíonn logainm amháin níos faide ná ceann eile, ach ní cúis seo le hísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge dá bharr.”

Dúirt sé go dtuigtear go forleathan go dtagann an mhórchuid de logainmneacha na tíre ón nGaeilge ar an chéad dul síos, agus gur “galldú ar na logainmneacha sin” a bhíonn sna leaganacha Béarla.

“Tá deis againn, trínár gcomharthaí bóthair, le hardú stádais a thabhairt do na bunleaganacha Gaeilge agus a n-infheictheacht a chur chun cinn i measc an phobail leis.”

Deir an Conradh gur féidir comhionannas a thabhairt don dá teanga ar chomharthaí trí dhathanna éagsúla a úsáid ach an cló céanna a úsáid, “mar a dhéantar in Albain, sa Bheilg, sa Ghréig agus áiteanna eile”.

“Níl aon taighde feicthe againne, ón Roinn Iompair ná ó fhoinsí eile, a thaispeánann go bhfuil baol breise maidir le sábháilteacht in aon cheann de na tíortha sin i gcomparáid le hÉirinn de bharr a gcuid comharthaí.”

Nuair a bhí sé ina aire stáit don Ghaeltacht, léirigh Jack Chambers tuairim gur cheart an reachtaíocht a neartú chun go mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge is atá ag an mBéarla ar chomharthaí bóthair. Dúirt Chambers go gcasfadh sé leis na hairí cuí chun an scéal a phlé ach is léir gur beag dul chun cinn atá déanta ar an cheist ó ceapadh é mar Aire Stáit sa Roinn Iompair féin.

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh cruinniú acu leis an Aire Stáit Chambers chun an cheist a phlé i mí Feabhra na bliana seo.

Thug an Taoiseach féin, Leo Varadkar, le fios cheana nuair a bhí sé ina aire iompair gur mhaith leis go dtabharfaí comhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair an stáit.

 

 

Fág freagra ar '‘Ní thagann a seasamh faoin nGaeilge ar chomharthaí bóthair le taighde, dea-chleachtas, nó comhionannas’'

  • Seán ÓM

    Angla-lárnachas arís is arís eile ón stát seo. Tá an meon seo i réim i mbeagnach gach roinn rialtais s’acu:

    “Tá an Béarla níos neodraí, níos nádúrtha agus níos bailí ná an Ghaeilge mar ………. draíocht.
    Agus is rud aisteach agus neamhghnách í an Ghaeilge, caithimid í a choinneáil ina bosca beag – mar atá tuilte aici!”.

    Abrimís le chéile é:
    Coilíneachas inmheánach.

  • An Sléibhteoir

    Seafóid!
    Dá mba rud é go raibh na leaganacha Béarla níos faide, déan cinnte de go ndéanfaidís comharthaí níos mó chun a bheith oiriúnach don Bhéarla.

    Agus duine ag tiomáint, is féidir le tiomanaí an leagan Béarla a léamh ó achar níos faide amach ón gcomartha, i gcomparáid leis an leagan Gaelainne.

  • Pádraic

    Ba cheart d’oifigigh na Roinne Iompair dul ar cuairt go dtí an Bhreatain Bheag áit a dtugtar an stádas céanna don dá theanga ar chomharthaí – iad ar cóimhéid agus sa dath céanna fiú! Má oibríonn sé ansin, cén fáth nach n-oibreodh sé anseo? An Roinn ag tarraingt na gcos faoin gceist seo leis na blianta. Bhí mé i dteagmháil leo faoi roinnt blianta siar agus dúradh liom go bhfuil an córas atá acu bunaithe ar ‘thaighde agus dea-chleachtais idirnáisiúnta’. Nuair a d’iarr mé orthu an taighde sin a chur ar fáil dom bhí siad ina dtost…

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá sé soiléir d’éinne go bhfuil ríomhaire acu go bhfuil an Ghaeilge i gcló Iodálach sa chás íochtair. Ach, nuair a deireann an Roinn “gurb é an cló a úsáidtear don Ghaeilge faoi láthair is fearr a léiríonn an seanchló Gaelach”, tá míthuiscint orthu ar na bunrialacha a bhaineann le clódóireacht.
    De réir dealraimh, is Transport Heavy Alphabet an chlófhoireann atá in úsáid ag na húdaráis cuí in Éirinn ar chomharthaí agus an leagan Gaeilge cumtha as a stuaim féin chun an “nod a thabhairt don seanchló”. Chuige seo, baintear an ponc ón “i” agus cé go n-aithríonn an “a” go “a cruinn” (níl deis é sin a dhéanamh anso) sa chló Iodálach i gcás íochtair, ní hamhlaidh i gcás uachtair (Nóta: ní tharlaíonn sé seo ach le clófhoirne áirithe). Dá bhrí sin, nuair atá an cheannlitir “A” i gceist, méadaítear an “a” sin sa chás íochtair go dtí an toise céanna agus atá sa chás uachtair.
    Sa lá atá inniu ann, tá an deis ann anois, leis an dul chun cinn mór atá déanta le clófoirne Gaelach dhá gcur ar fáil (leis an séimhiú nó an “h”), an leagan Ghaeilge a chur i gcló Gaelach an na comharthaí bóthair a léireodh go soiléir an difríocht idir an an dá theanga.
    Agus sara a ndeireann an Roinn Iompair “nach bhfuil an fhéidearthacht sin sa léabhar”, tá na rialacha sáraithe ag an Roinn chéanna cheana féin leis an gcóras casta thuasluaite.

  • Gerry Sóna

    Na coilínigh i réim go fóill níos mó ná céad bliain i ndiaidh 1916 agus an cath ar son Éire saor agus gaelach.Ach sílim go bhfuil seo lárnach sa Stráitéis Fíche Bliain do bhánú na Gaeilge.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cuireann sé déistín orm achan am a thrasnaím an teorainn ó na 6 contaetha agus na comharthaí i mBéarla amháin ansin ach i gcló íochtar agus ansin an práiseach de chomharthaíocht atá sa stáit seo! Sé mo thuairim go bhfuil an leagan Béarla leis an chló uachtar ag éirí níos mó ar chomharthaí bóithre agus ní fheicimse go bhfuil an leagan Gaeilge ar an mhéid céanna leo.
    Tá, dar ndóighe, roinnt comharthaí sna 6 contaetha deartha go dátheangach agus an dá leagan ar chomh-mhéid. Ard mholadh daofa siúd a raibh baint acu le seo.
    Más buaireamh faoin sábháilteacht atá mar leithscéal ag an Roinn Iompair n? ach cinnte go dtabharfadh an chomhionannas cló ar thiománaithe moilleadh leis na comharthaí a léamh sa chéad áit? Nach bhfuil an luas agus an tiomáint róghasta ina chúis go dtarlaíonn timpistí ar na bóithre sa lá atá inniu ann?
    An bhfuil rud inteacht eile go dtig a dhéanamh chun an leithcheal seo ar an Ghaeilg a chuir in iúl don rannóg rialtais seo? Níl an chuma air go bhfuil ag éirigh le Conradh na Gaeilge má bhí plé air an cheist le blianta fada anuas.

  • Pádraic

    An fhadhb anseo ná go bhfuil meon an iarchoilíneachais le fáil go tréan sa tír seo!

    Tagaim leat a Chordelia. Na comharthaí anseo gránna gan trácht fiú ar chúrsaí teanga!

    Cló den chineál ‘Transport’ atá in úsáid ar na comharthaí a dearadh lena úsáid i Sasana sna 1960idí. Cuireadh in oiriúint é gan dul i muinín dearthóra do na comharthaí in Éirinn. Ní raibh sé riamh i gceist go n-úsáidfí é i gcló uachtair amháin ná i gcló iodálach.

    Níl aon bhunús taighde leis na leaganacha sin. Léiríonn taighde agus dea-chleachtais idirnáisiúnta gur fearr meascán dén chás uachtair agus íochtair seachas cás uachtair amháin. Ní mholtar cló iodálach a úsáid ar chomharthaí. Mar sin, ní ar mhaithe lenár gcuid sábháilteachta atá na comharthaí atá ann faoi láthair!

    Léiríonn taighde a rinneadh in Albain roinnt blianta ó shin ar chomharthaí dátheangacha nach bhfuil aon chontúirt sábháilteachta ag baint leo.

    Mar sin, is léir go bhfuil dearadh nua ag teastáil. Agus ní gá go mbeadh costas ard ag baint leis – d’fhéadfaí iad a athrú de réir a chéile.

  • Caroline Ní Nualláin

    Tá fadhb eile againn agus seachbhóthar nua, an n22. Níl na ‘gnáth’ comharthaí, An Ghaeltacht, oiriúnach do sheachbhóthar. Ní bheidh an comhartha ag tabhairt treoir chuig an Ghaeltacht. Níl an TII sásta fiú go mbeadh ‘Rochtan X’ (exit) mar chuid den chomhartha sin. Ní thugann an comhartha aon eolas duit… Ní fheiceann tú na comharthaí sin fiú. De dheasca sin, caithfidh an tiománaí bheith ar an eolas go bhfuil an leagan Gaeilge den bhaile mar an ‘nod’ go bhfuil sé/sí sa Ghaeltacht.
    Táim ag moladh … go gcaithfidh an logainm a bheith i nGaeilge, agus na focail, An Ghaeltacht faoi… Tugann sé sin tuiscint go bhfuil an sráidbhaile sa Ghaeltacht….rud nach bhfuil intuigthe faoi láthair. Dá mbeadh sé sin ar gach comhartha bóthair sa Ghaeltacht …bheadh tuiscint níos fearr ag gach duine, cuairteoirí san áireamh, cá bhfuil siad. Cá bhfuil Gaeltacht Mhúscraí?

  • jpmorley0@gmail.com

    Manglam gránna tuaipliseach aineolach náireach. Bruis móide bucaod tarraigh agus …fonn bóithreoireachta ar éinne de sheans?

  • Déaglán

    Sin rud a chuireann as dom chuile lá beo! B’fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar rudaí agus Sinn Féin mar chuid den chéad rialtas eile!

  • Ciarán Ó Coigligh

    Is í an chomharthaíocht aon-teangach an cur chuige is fearr mar is léir ó na comharthaí aon-teangacha Gaeilge sna ceantrachaí Gaeltachta agus ó na comharthaí aon-teangacha Béarla i dTuaisceart Éireann. Mura bhfuil de dhifear idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla ná bíodh ann ach an litriú Gaeilge. Bíodh comhartha i nGaeilge ar thaobh amháin den bhóthar agus comhartha i mBéarla ar an taobh eile den bhóthar i ngach uile chás eile nó an comhartha Gaeilge agus an comhartha Béarla ar an taobh céanna den bhóthar ach iad a bheith scaitheamh óna chéile. Cuirtear an litriú Gaelach ag obair i gcás na Gaeilge le ponc (.) an tséimhithe in áit an héis (h). Ba ghonta aeistéitiúla na comharthaí Gaeilge dá réir.