Is leor Béarla a bheith ag duine do 99.06% de na poist sa státseirbhís – tuarascáil nua

Deimhnítear athuair i dtaighde nua de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga gur ar bhonn deonach amháin den chuid is mó atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag an státseirbhís

Is leor Béarla a bheith ag duine do 99.06% de na poist sa státseirbhís – tuarascáil nua

Is leor Béarla a bheith ag duine do 99.06% de na poist sa státseirbhís, de réir tuarascáil nua atá curtha amach ag an gCoimisinéir Teanga.

De réir na tuarascála, níl ach 84 post as an 20,000 post atá sna ranna rialtais aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

19,766 post a bhí i gceist sa taighde a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga agus bhain 67 den 84 post ‘Gaeilge’ le Roinn na Gaeltachta.

Seachas an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcás na ranna eile go léir bhí níos lú ná 1% de na poist aitheanta mar phoist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Ní raibh aon phost aitheanta mar phost a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis i seacht gcinn de na ranna stáit.

10% de phoist na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhí aitheanta mar phoist a raibh riachtanas Gaeilge leo agus formhór na bpost sin i Roinn na Gaeltachta féin i gConamara a bhí siad.

Deimhniú eile is ea Tuarascáil Faireacháin an Choimisinéara Teanga, a chéad tuarascáil dá leithéid, gur ar bhonn deonach amháin den chuid is mó atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag an státseirbhís.

Deimhniú atá sna figiúirí nua chomh maith ar thuairiscí éagsúla ar an suíomh seo a léirigh gurb ionann an státseirbhís anois agus seirbhís aonteangach agus go bhfuil neamhaird iomlán déanta ag ranna rialtais ar an treoir a tugadh dóibh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge poist le riachtanais Ghaeilge a shainaithint.

De réir thuarascáil an Choimisinéara, atá foilsithe inniu, ag deireadh mhí na Bealtaine 2018, bhí 551 duine sa státseirbhís a raibh dóthain Gaeilge acu le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. B’ionann sin agus 2.62% den 

21,060 duine a bhí i gceist.

Bhí Gaeilge líofa ag níos lú ná 2% den fhoireann i naoi gcinn den 16 roinn rialtais.

Líon na bpost le riachtanas Gaeilge

84 post den 20,000 post sa státseirbhís atá áirithe mar phoist le riachtanas Gaeilge. Is ionann sin agus 0.4%. Léaráid: Tuairisc.ie

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-aon dá roinn a raibh níos mó ná 5% den fhoireann s’acu agus dóthain Gaeilge acu lena ngnó a dhéanamh inti.

In 2017 ní raibh riachtanas Gaeilge luaite ach le 13 den 2,008 post sna ranna a líonadh an bhliain sin. Bhain naoi gcinn acu sin leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Mar a tuairiscíodh anseo in 2018 níor earcaíodh anuraidh sa státseirbhís go léir ach beirt nua chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

I gcás na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara deirtear go bhfuil 14 ball foirne (0.42%) líofa sa Ghaeilge agus go bhfuil sé phost sainaitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Poist iad sin go léir atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.

Deirtear nach bhfuil an Ghaeilge ina riachtanas d’oiread is post amháin den 6,853 post atá sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Léirítear sa tuarascáil gur ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí á gcur ar fáil i nGaeilge ag go leor ranna stáit.

“Tá an chosúlacht air go bhfuil an cumas seirbhísí a sheachadadh sa chéad teanga oifigiúil ag brath níos mó ná riamh ar fhostaithe leis an inniúlacht chuí sa teanga a bheith aitheanta ar bhonn deonach chun déileáil le hiarratais ón bpobal. Ní cur chuige sásúil é seo agus ní chothaíonn sé muinín i measc cainteoirí Gaeilge go mbeidh teacht acu go héasca ar sheirbhísí den chaighdeán céanna i nGaeilge.

“Ní chruthaíonn sé aon bhunchloch ach an oiread don fhorbairt atá le déanamh ar an tairiscint ghníomhach ó chomhlachtaí poiblí chun seirbhísí a sheachadadh i gceachtar teanga oifigiúil,” a deirtear i dtuarascáil nua an Choimisinéara Teanga.

Dúirt an Coimisinéír Teanga Rónán Ó Domhnaill gur “léiriú an athuair” na figiúirí nua “ar easpa acmhainne an Stáit seirbhísí sásúla a chur ar fáil i nGaeilge”.

Líon na ndaoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge líofa acu

Maítear go bhfuil dóthain Gaeilge chun a ngnó a dhéanamh i nGaeilge ag 551 de 21,060 státseirbhíseach.Léaráid: Tuairisc.ie

“Ní chothaíonn torthaí an iniúchta seo aon mhuinín go bhfuil ceannaireacht á léiriú ag ranna rialtais maidir le dóthain foirne le Gaeilge a bheith fostaithe iontu. 

“Fágann an líon íseal foirne le Gaeilge nach féidir a bheith ag súil le réimse cuimsitheach seirbhísí a chur ar fáil ar comhchaighdeán sa dá theanga oifigiúla.  Caithfear aghaidh a thabhairt air seo trí leasuithe a dhéanamh ar an Acht agus ar pholasaithe earcaíochta an Stáit,” arsa Rónán Ó Domhnaill.   

Tá roinnt airí rialtais ag maíomh le tamall de bhlianta nach bhfuil oiread agus post amháin aitheanta ina ranna mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.

Anuraidh, mar shampla, dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe nach raibh sé den riachtanas go mbeadh Gaeilge líofa ag duine d’aon phost sa Roinn Caiteachais Phoiblí, an roinn atá freagrach as a chinntiú go bhfuil dóthain daoine le Gaeilge sa státseirbhís.

Is í seo an chéad bhliain ag Oifig an Choimisinéara Teanga tuarascáil faoi leith a fhoilsiú ar obair faireacháin na hoifige.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga anuraidh go raibh sé ag éirí as montatóireacht a dhéanamh ar na scéimeanna teanga a aontaíonn comhlachtaí poiblí le Roinn na Gaeltachta toisc “gur beag tairbhe a bhaineann le monatóireacht ar scéimeanna gur beag a bhíonn geallta iontu”.

Moltar i gceannteidil an bhille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfaighfí réidh le córas na scéimeanna agus córas a bheadh bunaithe ar chaighdeáin a chur ina áit.

Moltar chomh maith i gceannteidil an bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí in inmhe a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Is leor Béarla a bheith ag duine do 99.06% de na poist sa státseirbhís – tuarascáil nua'

  • Brigid

    Ní leor é! Is Beatha Teanga Í a Labhairt-agus caithfidh daoine a thuiscint go mba cheart an dátheangachas a spreagadh mar todhchaí don oileán seo agus go bhfuil an dátheangachas de dhíth orainn anois-ní i gceann bliainta fada- nó ba cheart go mbeadh-
    Is Fearr Gaeilge Briste ná Béarla Cliste- D’fhoghlaigh mé na seanfhocail sin ar scoil agus credim iontu go fóill-ní fiú é Gaeilge a bheith riactanach ar scoil-gan aon seans praiticiúil í a usáid in a diaidh?

  • Eoghan Ó Néill

    Tá an polasaí English-only ag obair go seoigh agus an crá a bhain le gaelig gar do bheith thart – ní gá anois ach reifreann agus glanfaimid gach rian den teanga as an tír agus Anglos a bheas ionainn feasta. Tá na Trumpadóirí thall ag deanamh an rud chéanna ar na Latinos. A cháirde, tá Ré an Tosta thart, no pasarán!

  • Pól Ó Braoin

    Tá an bóthar á réiteach leis an nGaeilge a chaitheamh amach as an seomra ranga. B’shin an chéad chéim eile.

  • Seán Mac Bhriain

    B’fhéidir gurbh fhiú a fhiosrú cé mhéad duine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu atá ag cur isteach ar phost sa státseirbhís.