An 15ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht

An 15ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá an 15ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus €100,000 ceadaithe aige do Cheantar na nOileán i gConamara faoin bpróiseas pleanála teanga.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Tá oifigigh pleanála teanga fostaithe i naoi gceantar chun feidhm a thabhairt do na pleananna.

Dúirt an tAire Kyne go raibh “líon suntasach gníomhartha” i bplean Cheantar na nOileán atá “dírithe ar thacú leis an nGaeilge” sa mhórcheantar Gaeltachta seo taobh thiar den Cheathrú Rua, mar a bhfuil bailte amhail Eanach Mheáin, Leitir Móir, Tír an Fhia, Garumna agus Leitir Mealláin.

Thréaslaigh an tAire Stáit a bplean le Comhairle Cheantar na nOileán agus dúirt go raibh “dianobair” déanta acu.

Dúirt Eilís Ni Lochnáin, Cathaoirleach na Comhairle, go dtabharfadh an plean “deis iontach” don cheantar “an teanga a chaomhnú”.

Tá súil ag an gComhairle Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú go luath chun an plean a chur i bhfeidhm. 

Is iad na ceantair ina bhfuil plean teanga ceadaithe go n-uige seo: Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus  Loch an Iúir; Cloch Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; na Déise; Múscraí; Ciarraí Theas; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; Ciarraí Thiar; Maigh Eo Thuaidh; Árainn Mhór; An Cheathrú Rua; Conamara Láir; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Dún na nGall Theas.

Tá plean amháin eile curtha faoi bhráid na Roinne agus é á mheas faoi láthair, plean Thuaisceart Dhún na nGall.

Tá súil ag Roinn na Gaeltachta go mbeidh suas le 23 plean ceadaithe faoi dheireadh na bliana seo.

Naonúr oifigeach pleanála teanga agus beirt oifigeach cúnta pleanála Teanga atá fostaithe go dtí seo.

Bhí deichniúr fostaithe ach d’fhág an té a ceapadh i gceantar Dhúiche Sheoigheach a post.

Fág freagra ar 'An 15ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Dá mbeadh an t-airgead agam, cheannóinn teach i gceantar na n-oileán agus bheinn i mo chónaí ann gan amhras! Ceantar den scoth!!!