A bheannacht tugtha ag Aire na Gaeltachta do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge ‘ar bhonn deonach’

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil an Stát ag dul i muinín cur chuige ‘nach bhfuil sásúil ná éifeachtach’ maidir le seirbhísí i nGaeilge a chinntiú do phobal na teanga

Ronan Howlin

Tá a mbeannacht tugtha ag Aire na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta don chleachtas faoina gcuireann státseirbhísigh seirbhís Ghaeilge ar fáil don phobal ar ‘bhonn deonach’.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, is ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag roinnt ranna stáit, cleachtas a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin a bhí ar bun ina Roinn féin.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith earcú daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu.

Dealraíonn sé anois, áfach, go bhfuil a mbeannacht tugtha ag Roinn na Gaeltachta don chur chuige ‘deonach’ seo i leith seirbhísí Gaeilge a sholáthar don phobal.

Sa scéim teanga nua atá aontaithe ag Roinn na Gaeltachta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus a cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh, deirtear go sonrach go gcuirfidh Roinn Howlin lena seirbhísí Gaeilge trí ‘oibrithe deonacha breise a lorg le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil’.

Is i scéimeanna teanga a aontaíonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta formhór na seirbhísí is gá d’eagraíochtaí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge. 

Tugtar le fios i scéim na Roinne Caiteachtais Phoiblí go ndearnadh suirbhé i measc a mball foirne féachaint ‘an mbeadh ar a gcumas agus an mbeadh siad sásta glacadh le glaonna i nGaeilge’ a sheolfaí ar aghaidh chucu.

Deirtear gur léirigh an suirbhé sin ‘go soiléir’ go bhfuil ‘an leibhéal líofachta atá ann i láthair na huaire chun déileáil le saincheisteanna riaracháin agus teicniúla trí Ghaeilge sách teoranta’.

‘Leanfaidh an Roinn le hoibrithe deonacha breise a lorg le seirbhísí Gaeilge a sholáthar ar fud na Roinne de réir mar a thagann forbairt ar chumas na Gaeilge,’ a deirtear sa scéim atá ceadaithe ag Aire na Gaeltachta.

Maidir le postanna a chur ar leataobh do dhaoine le Gaeilge – an cur chuige earcaíochta atá luaite sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge – deirtear i scéim nua na Roinne Caiteachais Phoiblí go n-aithneoidh an Roinn faoi dheireadh bhliain a haon den scéim ‘poist a mbeidh líofacht Ghaeilge mar bhunriachtanas leo’.

Maidir leis na postanna sin a líonadh nuair a bheidh siad aitheanta, ní ghealltar sa scéim ach go ndéanfar ‘gach uile iarracht’ iad a líonadh roimh dheireadh thréimhse trí bliana na scéime.

‘Cuirfidh sé sin ar chumas na Roinne seo tosaíocht a thabhairt d’fheabhsúchán incriminteach seirbhísí trí Ghaeilge ar bhealach atá níos straitéisí,’ a mhaítear i scéim teanga nua na Roinne Caiteachais Phoiblí, an chéad scéim teanga a d’aontaigh an Roinn sin le Roinn na Gaeltachta.

Idir an dá linn, tá a dhíomá curtha in iúl ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill faoin dearcadh i leith soláthar seirbhísí Gaeilge a léirigh an tAire Brendan Howlin.

“Tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus beartais Ghaeilge an Stáit a chur i bhfeidhm go gníomhach. Tá an Stát ag dul i muinín cur chuige go fóill atá ag brath ar bhaill foirne a bheith sásta seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar bhonn deonach; córas nach bhfuil sásúil ná éifeachtach.

“Ní hionann iarraidh ar bhaill foirne seirbhísí a chur ar fáil ar an gcaoi seo agus tabhairt faoi bheartais Ghaeilge an Stáit a chur i bhfeidhm ar bhonn córasach agus céimiúil,” a dúirt an Coimisinéir Teanga le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin gur léirigh caint Howlin “arís eile an líon íseal foirne atá ar fáil i roinnt Ranna Rialtais chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge”.

Dúirt Ó Domhnaill nach raibh “aon toradh le feiceáil go fóill ar an gcuspóir go n-aithneofaí na poist sin lena mbeadh cumas feidhmiú sa dá theanga oifigiúla mar choinníoll leo”, cuspóir atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Ina scéim teanga, deirtear go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí ‘tiomanta do chur leis na leibhéil eolais agus inniúlachta atá ann cheana ó thaobh na scileanna Gaeilge atá ar fáil laistigh den Roinn i láthair na huaire’.

Thug an tAire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin le fios i bhfreagra ar cheist dála go bhfuil 0.8% d’fhoireann a Roinne tar éis a rá dá ndeoin féin go gcuirfidís seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal.

Ghéill an tAire Howlin go raibh ‘cuma an-íseal’ ar an gcéatadán sin ach mhaígh sé gur beag teagmháil a bhí ag fostaithe a Roinne le baill an phobail.

I measc na ngeallúintí atá i scéim teanga na Roinne Caitheachais Phoiblí, deirtear go gcuirfear oiliúint ar an bhfoireann fáiltithe maidir le conas ainm na Roinne a thabhairt i nGaeilge.

Gealltar chomh maith go gcuirfear an fhoireann fáiltithe ‘ar an eolas’ maidir le beannachtaí bunúsacha i nGaeilge.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, go raibh sé ‘an-tromchúiseach’ go mbeadh an tAire Howlin den tuairim gur leor seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil don phobal ar bhonn deonach.

“Seo an tAire atá freagrach as cúrsaí fostaíochta sa Státseirbhís trí chéile, agus is léir nach bhfeiceann sé an tábhacht atá le foireann a bhfuil cumas sa Ghaeilge aici. Feiceann sé an Ghaeilge mar ‘aguisín’ seachas mar bhuncheart,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'A bheannacht tugtha ag Aire na Gaeltachta do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge ‘ar bhonn deonach’'