Tá bailiúchán béaloidis a taifeadadh in Albain agus i gCeanada curtha ar líne ag Ollscoil Ghlaschú agus feachtas ar bun chun teacht ar theaghlaigh na ndaoine atá ar na taifeadtaí chun deis a thabhairt dóibh éisteacht le glórtha a ndaoine muinteartha.
I ndeireadh na 1960idí is túisce a tosaíodh ag taifeadadh na gcainteoirí seo mar chuid den obair ar chorpas foclóireachta a chur le chéile. I measc na n-ábhar atá ar an mbreis is daichead comhad fuaime atá sa chartlann nuasheolta seo, tá scéalta sí, leigheasanna, tairngreachtaí, téarmaí iascaireachta chomh maith le scéalta faoin chúirtéireacht agus faoi ghnáthchúraimí eile an tsaoil.
Deich mbliana ó shin a bunaíodh DASG, Dachaigh airson Stóras na Gàidhlig, cartlann ar líne de na hacmhainní agus na téacsanna Gàidhlig digiteacha. Tá dhá réimse i gceist, Corpas na Gàidhlig and Faclan bhon t-Sluagh, an chartlann béaloidis. Bailíodh an béaloideas i nGaeltacht na hAlban agus in Albain Nua i gCeanada ó na 1960idí go dtí na 1980idí mar chuid den obair d’Fhoclóir Stairiúil Gaeilge.
Tá feachtas ar bun ag DASG, Cartlann Dhigiteach Ghaeilge na hAlban, faoi láthair chun teacht ar theaghlaigh na ndaoine atá ar na taifeadtaí chun deis a thabhairt dóibh éisteacht le glórtha a ndaoine muinteartha ón chartlann.
Tá go leor de na daoine a taifeadadh ar shlí na fírinne ó shin agus deir an lucht eagraithe go dtabharfaidh seo deis do chuid dá sliocht a muintir a chloisteáil arís nó den chéad uair i gcásanna áirithe. Dúirt Stiúrthóir SASG, an tOllamh le Gàidhlig in Ollscoil Ghlaschú, Rob Ó Maolalaigh: “Cuimhne bheo atá sa chartlann seo agus cruthaíonn an béaloideas, an seanchas agus na hamhráin atá inti nasc díreach idir muid féin agus muintir na Gaeltachta a chuaigh romhainn.”
Tá Mary Ann Campbell ar dhuine de shliocht na ndaoine ar na téipeanna sin ar éirigh le foireann na cartlainne teagmháil a dhéanamh léi. Ba é Dòmhnall MacDonald a seanuncail. File ab ea Dòmhnall as Uibhist a Deas agus bhí Mary Ann Campbell an-sásta a ghlór a chloisteáil arís:
“Is iontach agus is corraitheach an rud é glór Dhòmhnaill a chloisteáil arís. Fear an-suáilceach a bhíodh ann i gcónaí agus bhíodh an-fháilte aige roimh na cuairteoirí a thagadh chuige ó gach cearn den domhan. Duine cineálta séimh a bhí ann agus ní bhíodh aon ghaisce aige as a shaothar a d’fhoilsítí go minic sa nuachtán áitiúil.
“Tá an t-ádh orainne mar theaghlach go bhfuil a leabhar againn agus cuid dá chuid filíochta nó bàrdachd ann. Is mór an trua gur i ndiaidh a bháis a foilsíodh an leabhar. Gàidhlig a labhraíodh sé i gcónaí agus is í teanga an teaghlaigh againne í,” a dúirt Mary Ann Campbell leis an Scotsman.
Tá DASG ag súil go dtabharfaidh na taifeadtaí seo ugach do dhaoine eolas a chur ar an teanga agus ar an mbéaloideas agus go rachaidh an saothar chun leas na bpobal ónar bailíodh é.
Bhuail na taighdeoirí le muintir an cheantair sna hoileáin Uibhist a Tuath agus Uibhist a Deas, Sgalpaigh, Na Hearadh, Barraigh, Beàrnaraigh na Hearadh agus Beinn nam Fadhla. Ba in Ceann Loch Chille Chiarain agus i gCeanada a bailíodh tuilleadh den ábhar atá sa chartlann ar líne seo.
Tháinig cuid den ábhar seo ó chartlann Cluas ri Claisneachd, ó Chartlann Mòthan agus cuid eile as Oileán Cheap Bhreatainn in Albain Nua Cheanada.
Bhronn teaghlach an fhile Tormod MacLeòid/Norman MacLeod, ar a dtugtaí Am Bàrd Bochd/An File Bocht, saothar iomlán a shaoil ar DASG in Ollscoil Ghlaschú, seancholáiste MacLeòid féin. I measc an ábhair sin a bhailigh MacLeòid ar Oileán Leòdhas tá íomhánna, amhráin, scéalta agus béaloideas.
“Meabhraíonn an chartlann seo dúchas [dùthchas] agus oidhreacht na hAlban dúinn. Tá trí theanga dhúchais na hAlban le fáil sa chartlann, Béarla, Gàidhlig agus Albainis,” a dúirt Rob Ó Maolalaigh, Ollamh na Gàidhlig, agus Stiùiriche DASG, agus an chartlann á seoladh.
“Tá an Ghaeilge ag athrú agus tabharfaidh an chartlann seo deis do dhaoine éisteacht le nathanna cainte ár sinsear chomh maith lena gcuid scéalta agus a gcuid amhrán.
“Is cuid lárnach d’Albain an lae inniu í an Ghaeilge. Cuidíonn sí linn tuiscint a fháil ar Albain, ar na bailte ina bhfuil cónaí orainn Kilmarnock (Cille Mheàrnaig), Stirling (Sruighlea), agus Inverness (Inbhir Nis) agus ar fhocail ar nós loch, glen, bard, whisky, and clan. Tá an-áthas orainn an acmhainn seo a chur ar fáil saor in aisce don phobal ar fad,” a dúirt Ó Maolalaigh. Is féidir teacht ar an gcartlann ag dasg.ac.uk.
Fág freagra ar '‘Is iontach an rud é glór Dhòmhnaill a chloisteáil arís’ – taifeadtaí de Ghaeilgeoirí na hAlban agus Cheanada curtha ar líne'