Is iontach an caitheamh aimsire an snámh, ach ná ceap go bhfuil fios gach cúraim agat…

Go leor den dream nua a bhíonn ag snámh anois ní chuireann siad aon cheist – faoin tsábháilteacht, faoin taoide ná faoin ngaoth…

Is iontach an caitheamh aimsire an snámh, ach ná ceap go bhfuil fios gach cúraim agat…

Agus mé ag snámh le gairid ar an gCarraig Dhubh, thosaigh an bhean a bhí le mo thaobh ag caint liom. Rud é seo a tharlaíonn go minic – fiú amháin amuigh sa bhfarraige, beannóidh duine duit, nó déarfaidh siad rud éigin fánach faoin aimsir.

Tá na daoine a théann ag snámh, go háirithe sa ngeimhreadh, ar nós pobal beag ina gceantar beag féin. Labhraíonn siad lena chéile, fiosraíonn siad faoi dhaoine atá ar iarraidh agus tugann siad aird ar an ngrian, ar an ngaoth, ar airde na dtonnta. Seanfhondúirí iad sin, ar ndóigh.

Ar dtús thosaigh mo chomharsa ag déanamh cur síos ar chomh fiáin is a bhí an fharraige an tseachtain roimhe sin. Dúirt sí gurb éigean di theacht i gcabhair ar bhean eile a raibh deacracht aici teacht i dtír. Snámhaí maith láidir atá sa mbean seo. Ní raibh sí ag déanamh aon scéal mór de.

‘I had another incident previously,’ a dúirt sí go mall, ciúin agus í á gléasadh féin ina treabhsar trom agus buataisí sléibhe. Bhí sí breá sásta an scéal a insint.

Chuaigh sí amach ag snámh ó Chladach an Daichead Troigh, nó an ‘Forty Foot’, áit cháiliúil snámha, gar do Dhún Laoghaire.

Agus í amuigh ar an domhain, labhair snámhaí ban eile léi agus mhol sí do mo chomharsa go leanfadh an bheirt acu ag snámh le chéile. D’aontaigh mo chailín a dhul léi.

Tar éis tamaill, thug sí faoi deara go raibh an bhean eile ag teacht ró-ghar di agus á brú isteach ar na carraigeacha. Bhuail sí bleid uirthi.

‘Féach, tá tú do mo bhrú isteach,’ a bhéic sí.

‘Ó, sorry,’ arsa an bhean eile. ‘I’m blind.’

‘Tá drochamharc agat, an bhfuil?’ a d’fhiafraigh mo chomharsa.

‘No, I’m blind – really. I’m certified legally blind.’

Bhain sin an anáil den chéad bhean. Chinn sí leanacht ar aghaidh agus go dtiocfadh an bheirt acu i dtír ar an trá ag Cuas an Ghainimh. Tá sé timpeall an chúinne ón Forty Foot ach tógann sé tamall dul timpeall ann. Bheadh an cúrsa níb éasca ná casadh ar ais agus teacht i dtír san áit ar thosaigh siad.

D’éirigh leo é sin a dhéanamh agus ar an mbealach, d’admhaigh an bhean chaoch go raibh faitíos an domhain uirthi roimh rónta.

‘Ba chóir go mbeadh,’ arsa mo dhuine. ‘Tá an áit seo breac leo – tá marc ar mo chos áit ar bhain rón greim asam.’

Scréach an bhean eile.

Ba bheag nár chaill sí an bloc uilig.

Nuair a tháinig mo chomharsa ar ais de shiúl na gcos go dtí an áit ar fhág sí a fear céile, ba léir go raibh imní ag teacht air. Dúirt sé léi go raibh sé idir dhá intinn an gcuirfeadh sé fios ar na seirbhísí cabhrach.

Tamall ina dhiaidh sin, bhí mé ag caint le cara liom a théann amach go deonach leis an mbád tarrthála ina cheantar féin. D’inis mé an scéal dó.

‘Cuir fios ar an mbád tarrthála má bhíonn amhras ar bith ort,’ arsa seisean. ‘B’fhearr linne go gcuirfeadh tú fios orainn agus ansin, is cuma linne má chaitheann muid an cuardach a chur ar ceal. B’fhearr é sin i bhfad ná fios a chur orainn ró-mhall.’

Sular thosaigh an tsuim mhór seo i snámh na farraige, bhíodh a bhád siúd ag fáil thart ar 50 glaoch práinne sa mbliain. Anuraidh fuaireadar os cionn 100.

‘An fhadhb le go leor de na ‘newbies’ seo ná, ní chuireann siad aon cheist – faoin tsábháilteacht,  faoin taoide, faoin ngaoth, faoi dhálaí áitiúla,’ a dúirt sé.

Breathnaíonn Cuan Bhaile Átha Cliath ciúin den chuid is mó ach athraíonn cúrsaí an-tobann, go háirithe nuair a chasann an taoide.

Bhain eachtra don fhear seo a raibh cosúlachtaí go leor aige leis an eachtra i nGaillimh anuraidh leis na cailíní ar na cláir toinne. Agus ba é a thaithí agus a scil mar sheoltóir a tháinig i gcabhair air díreach mar a tharla le fir an Chladaigh agus iad ag cuartú na gcailíní anuraidh.

Chuaigh fear amach ar chlár toinne agus tar éis scaithimh, tuairiscíodh go raibh sé ‘ar iarraidh’. Glaodh amach ar an mbád tarrthála. Ach ní raibh tuairim acu cá ndeachaigh sé.

Scrúdaigh mo chara dálaí na haimsire agus na farraige.

D’fhiafraigh sé de féin cé acu ba mhó seans go mbeadh an fear fós ina sheasamh, nó go mbeadh sé luite síos ar an gclár toinne. Dá mba rud é go raibh sé fós ina sheasamh, thabharfadh an ghaoth bealach amháin é. Ach, dá mbeadh sé ina luí, ar an gclár nó san uisce fiú, thabharfadh an sruth uisce bealach eile é.

Chinn sé gur mhó an seans go raibh sé luite síos agus nuair a fuaireadar é, bhí sé i bhfoisceacht 50 méadar den spota a bhí measta aige. Agus bhí sé trí mhíle ón áit ar thosaigh sé.

Bhí an fear i ndroch-chaoi, beagnach caillte. Chuireadar fios ar an héileacaptar Garda Cósta agus tugadh chuig an ospidéal láithreach é, áit ar tháinig sé chuige féin.

‘Ní bhíonn deacracht ag daoine dul isteach sa bhfarraige sa ngeimhreadh,’ arsa mo chara, ag caint ar an snámh.  ‘Is é an teacht amach an fhadhb. Go minic, nuair a théann daoine isteach ó na háiteacha snámha thart ar Bhaile Átha Cliath, ní thuigeann siad go bhféadfadh na coinníollacha athrú fad agus atá siad amuigh ag snámh.  Bíonn contúirt mhór ag baint le cuid de na háiteacha sin a bhfuil carraigeacha thart orthu. Caitear daoine in aghaidh na gcarraigeacha – bíonn sé ag cinnt orthu breith ar an dréimire nó ar an ráille.’

Bhí cúpla moladh bunúsach aige nach ndéanfaidh mé féin dearmad orthu feasta.

Tá cuid díobh an-simplí ach tugann siad cúnamh do na seirbhísí tarrthála.

Caith caipín snámha ar dhath lonrach – pinc nó oráiste. Ná téigh ag snámh i d’aonar- tabhair duine leat, fiú más ar an talamh tirim atá siad. Fan comhthreomhar leis an gcósta. Ná téigh ag snámh gar do bhéal calaidh – beidh ‘borradh’ ann nuair a chasfaidh an taoide. Coinnigh súil amach do na longa móra – bíonn tonnta nó maidhmeanna móra ina ndiaidh – chomh fada uathu leis an taobh eile den Chuan.

‘Ní fhaigheann muide aon locht ar aon duine – is cuma céard a rinne siad sa bhfarraige,’ a dúirt fear an bháid tarrthála.

‘Is é an rud is tábhachtaí ná go nglaofaidís orainn. Ní cháineann muid éinne riamh – níl muide ag iarraidh go ndéarfaidh aon duine: ‘We’ll see if we can manage ourselves’.’

Fág freagra ar 'Is iontach an caitheamh aimsire an snámh, ach ná ceap go bhfuil fios gach cúraim agat…'