Tá a lán cosúlachtaí idir polasaí taraifí Donald Trump agus an Breatimeacht. Is iad na daoine agus na réigiúin is mó a bhí fágtha taobh thiar ag an múnla ceannasach eacnamaíochta is mó a thacaigh leis an dá pholasaí. Sa dá chás thug formhór eacnamaithe foláireamh nach n-éireodh leo. Sa dá chás gealladh réiteach simplí ar fhadhbanna casta. Sa dá chás gealladh do na vótóirí go bhféadfadh siad an craiceann agus a luach a bheith acu.
Tá a fhios againn anois go bhfuil teipthe ar an mBreatimeacht, de réir shlat tomhais na mBreatimeachtóirí iad féin – tá geilleagar na Breataine níos laige dá bharr, tá níos mó maorlathais roimh lucht easpórtála agus tá an inimirce isteach sa Bhreatain tar éis méadú seachas laghdú. Léiríonn gach pobalbhreith anois go gcreideann tromlach an phobail gur botún a bhí sa Bhreatimeacht. Tá sé deacair a fheiceáil nach í an chríoch chéanna a bheidh ar pholasaí taraifí Donald Trump, ach amháin go ndéanfar i bhfad níos mó dochair don chuid eile againn an babhta seo.
Ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus go háirithe ó dheireadh an Chogaidh Fhuair, tá forlámhas domhanda Mheiriceá bunaithe go príomha ar an gcumhacht bhog. Cuimhnigh gur thosaigh an Pax Americana le Meiriceá ag aistriú $13.3 billiún (tuairim is $200 billiún sa lá atá inniu ann) chun cabhrú le tíortha in iarthar na hEorpa teacht chucu fhéin.
Fiú agus an cogadh fuar i réim, ar son gach tír inar úsáid Meiriceá an lámh láidir go hoscailte nó ar chúla téarmaí, bhí i bhfad níos mó tíortha a chothaigh caidreamh láidir le Meiriceá mar go bhfacthas dóibh gur chun a leasa fhéin a bhí sé. Is é an margadh a thairg Meiriceá ná: Bí linn agus éireoimid araon níos saibhre le chéile. Is annamh a bhí ar Mheiriceá cumhacht mhíleata a úsáid chun an forlámhas sin a chinntiú. Go minic sna cásanna inar úsáid sí cumhacht mhíleata – Vítneam, dara cogadh na hIaráice, an Afganastáin – dochar seachas maitheas a rinne sé d’fhorlámhas agus do shlándáil Mheiriceá.
Thug daoine a bhí criticiúil ar Mheiriceá nua-impiriúlachas ar an gcur chuige sin. Ach is cuma an maith leat an forlámhas Meiriceánach seo nó nach maith, bhí sé níos inmharthana agus níos seasmhaí ná múnlaí impiriúla eile lena linn a bhí bunaithe go príomha ar chumhacht mhíleata nó ar an éigeantacht. Cá bhfuil Reich 1000 bliain Hitler? Bhí rith níos fearr leis an Aontas Sóivéadach ach d’imigh sin freisin le sruth na staire nuair a fuair na pobail sna tíortha a bhí faoina chois cead a gcinn.
Ar mhaithe le Meiriceá ‘a dhéanamh láidir arís’, tá Trump anois ag tabhairt cúl leis an bpolasaí a rinne Meiriceá láidir ar an gcéad dul síos. Anois tá sé ag rá le tíortha eile: Is ag an té atá láidir atá an ceart agus ní bheidh de rogha agaibh ach glacadh leis agus chun go mbeadh muidne níos saibhre caithfidh sibhse a bheith níos boichte.
Ach go fadtéarmach déanfaidh an straitéis seo níos measa a lán de na fadhbanna sin a bhfuil Trump ag geallúint dá lucht leanúna gur féidir leis iad a réiteach. Mar shampla, má chliseann ar gheilleagar tíortha i Meiriceá Láir agus Theas mar gheall ar pholasaithe Trump, beidh géarchéim inimirce nach bhfacthas a leithéid fós ag Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is in olcas a rachaidh smugláil drugaí agus an choiriúlacht trasteorann.
Na tíortha ar fad a roghnaigh a bheith i sféar tionchair Mheiriceá dá ndeoin fhéin, gan ar Mheiriceá an t-urchar amháin féin a scaoileadh, feicfear dóibh anois nach féidir brath a thuilleadh ar Mheiriceá mar pháirtnéir fadtéarmach. Beidh cuma i bhfad níos mealltaí ar thairiscintí Bhéising do go leor acu, go háirithe i Meiriceá Theas, san Áise agus san Afraic.
Dar ndóigh d’fhéadfadh Trump an lámh láidir a úsáid chun stop a chur le tíortha ar nós na Colóime nó Phanama titim faoi thionchar na Síne, ach gheall sé dá lucht leanúna go gcuirfeadh sé deireadh le cogaí thar sáile. Fiú Canáil Phanama a ghabháil, cé go bhféadfaí é a dhéanamh go héasca, ní chuirfeadh pobal na tíre sin fáilte roimhe, agus is cinnte go bhféadfaí a bheith ag súil le freasúra foréigneach ar scála beag agus corrshaighdiúir Meiriceánach ag filleadh abhaile i mála corpáin.
Is léir go fadtéarmach anois go mbeidh an Eoraip ag iarraidh a tionscal cosanta féin a fhorbairt seachas a bheith ag brath ar airm Mheiriceánacha a cheannach. Tógfaidh sé blianta agus infheistíocht ollmhór ach níl aon amhras faoi chumas na hEorpa é sin a dhéanamh.
Mar chuid dá chur chuige nua bagrach, tá Trump agus Musk ag iarraidh bulaíocht a dhéanamh ar an Aontas Eorpach éirí as a n-iarrachtaí rialáil a dhéanamh ar chomhlachtaí Meiriceánach a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha, go háirithe i réimse na meán sóisialta. Ach ní ghéillfidh an tAontas Eorpach ar an bpointe sin go deo. Tuigeann siad gur buille báis a bheadh ann do chóras daonlathach na hEorpa cead a bheith ag daoine anaithnide na billiúin dollar nó rúbal a chaitheamh ag tacú lena rogha iarrthóirí i dtogháin Eorpacha.
Mar sin is é an toradh a bheidh i ndeireadh na dála ar a leithéid de chur chuige go gcuirfidh sé iachall ar an Eoraip fhlaitheas agus a neamhspleáchas digiteach a bhaint amach agus deireadh a chur le forlámhas Mheiriceá san Eoraip sa réimse seo, rud nach mbeadh go maith do gheilleagar na tíre seo gan amhras.
Ar nós an Bhreatimeachta, faoin am go dtuigfidh tromlach mór phobal Mheiriceá go bhfuil botún mór déanta, ní bheifear ábalta ach an dochar atá déanta a mhaolú.
An Teanga Bheo
Is fíor dhuit agus polasaí deachtóireacht i réim agus slíocht ag chuile gníomh agus ní beidh ann ach dochar do thíortha uilig.