Cad atá déanta ag na daoine seo le hainmniúchán a fháil don uachtaránacht?

Ar deireadh troid idir Fine Gael, ar son na heite deise, agus Catherine Connolly, ar son na heite clé, a bheidh i rás na huachtaránachta

Cad atá déanta ag na daoine seo le hainmniúchán a fháil don uachtaránacht?

De réir an Bhunreachta, tá cead ag aon saoránach a ainm nó a hainm a chur chun cinn mar iarrthóir don Uachtaránacht – má tá sé nó sí 35 bliain d’aois agus má fhaigheann sé nó sí ainmniúchán ó fhiche ball den Oireachtas, nó ó cheithre chomhairle contae.

Ní gá gur polaiteoir nó iarpholaiteoir an t-iarrthóir, ach bhí baint leis an bpolaitíocht­ – mar theachta Dála, mar sheanadóir nó mar iarrthóir don Dáil – ag gach duine a toghadh ina uachtarán go dtí seo seachas Cearbhall Ó Dálaigh, agus bhí seisean ina bhall d’ardchomhairle Fhianna Fáil sular toghadh é.

Sheas Patrick McCartan mar phoblachtach neamhspleách i 1945, ach b’iarrthóirí ag páirtithe iad na hiarrthóirí ar fad go dtí 1997 nuair a fuair an t-amhránaí Dana Rosemary Scallan agus an t-iargharda Derek Nally ainmniúcháin ó na comhairlí contae.

Mhúscail sin spéis sa bhealach sin le hainmniúchán a fháil agus in 2011 d’éirigh le ceathrar ainmniúchán a fháil ó na comhairlí: Mary Davis, a raibh clú uirthi mar gheall ar a cuid oibre leis na cluichí speisialta Oilimpeacha (fuair sí 13 Comhairle Contae dá feachtas); David Norris, a raibh aithne mhór phearsanta air mar gheall ar a ról ar son daoine aeracha; an t-amhránaí Dana, arís; agus an fear gnó Seán Gallagher, a bhí ag súil go bhfaigheadh sé tacaíocht mar chineál leathiarrthóir de chuid Fhianna Fáil.

Seachas Gallagher, nach raibh mórán aithne ag an bpobal air roimhe, ba dhaoine iad an triúr eile a raibh aithne fhorleathan ag an bpobal orthu.  Sé sin daoine a raibh blianta curtha isteach acu go poiblí i seirbhís an phobail.

In 2018 bhí roinnt neamhspleách a fuair ainmniúchán ó na comhairlí contae sa rás arís: Peter Casey a sheas ar ardán i gcoinne na hinimirce; Seán Gallagher arís; Joan Freeman, duine de bhunaitheoirí Teach Pieta; agus Gavin Duffy, fear gnó eile.

Seachas Freeman, is deacair a rá go ndearna éinne den triúr eile mórán sa saol poiblí.

An uair seo tá roinnt ainmneacha luaite leis na comhairlí contae: an trodaire ealaíona comhraic measctha, Conor McGregor, a fuarthas ciontach in éigniú mná i gcúirt shibhialta is a labhair amach i gcoinne na hinimirce; an damhsóir Michael Flatley; an fear gnó Gareth Sheridan; agus an feachtasóir in aghaidh na hinimirce Nick Delehany.

Faoi láthair níl an chosúlacht air go bhfaighidh duine ar bith den cheathrar sin ainmniúchán, ach tá ceist le cur fúthu. Céard atá déanta ag duine ar bith acu sa saol poiblí ar son an phobail? Cén ceart i ndáiríre atá acu seasamh?

Fir ghnó?  Bhuel níor éirigh rómhaith leis sin i Meiriceá nuair a toghadh Donald Trump.

Maidir leis na páirtithe, tá Fine Gael ag iarraidh Heather Humphreys, nach bhfuil aon Ghaeilge aici, a chur chun cinn, cé go bhfuil Seán Kelly, a bhfuil Gaeilge aige, ag iarraidh an t-ainmniúchán a fháil.

Tá Catherine Connolly ainmnithe cheana ag an eite chlé, cé go bhfuil Sinn Féin idir dhá chomhairle faoin scéal.  Tá brú láidir taobh istigh den pháirtí, ó Bhéal Feirste go háirithe, duine dá gcuid féin a ainmniú agus cineál reifreann faoin teorainn a dhéanamh den fheachtas.

I mo thuairimse, ba bhotún mór dóibh é sin a dhéanamh.  Tá aontacht na heite clé riachtanach má tá an páirtí le dul i gceannas ar rialtas, agus tá sé dochreidte nach mbeadh siad páirteach ina leithéid, is é sin i bhfeachtas Uí Chonghaile.

Tuigim go bhfuil móramh ó dheas sa bpáirtí ar son seasamh le Connolly, ach tá dochar déanta cheana féin ag Sinn Féin mar go bhfeictear do dhaoine go bhfuil drogall ar an bpáirtí tacú léi.

Maidir le Fianna Fáil tá an brú iarrthóir a chur sa rás ag dul i méad taobh istigh den pháirtí.  Tá faitíos ar Mhicheál Martin, go dtiocfaidís isteach taobh thiar d’Fhine Gael is nach mbeadh á dhéanamh acu ach toghadh iarrthóir an pháirtí sin a chinntiú.

Má bhíonn Fianna Fáil sa rás, ní dóigh liom go bhfuil aon seans  ag duine ar bith ainmniúchán a fháil ó na comhairlí contae, ach beidh sé deacair ag an bpáirtí duine a aimsiú a gheobhaidh tacaíocht fhiúntach, go háirithe toisc nach dteastaíonn ó Martin Bertie Ahern a chur sa rás agus deacrachtaí na mbinsí fiosraithe a chur i gcuimhne don phobal.

Cibé a thitfidh amach, ceapaim sa deireadh gur troid idir Fine Gael, ar son na heite deise, agus Catherine Connolly, ar son na heite clé, a bheidh ann.

Fág freagra ar 'Cad atá déanta ag na daoine seo le hainmniúchán a fháil don uachtaránacht?'