Slua meallta agus suim múscailte ag Féile John Ford

D’éirigh thar cionn le Féile John Ford a reáchtáladh den chéad uair ar an Spidéal an deireadh seachtaine seo caite

Slua meallta agus suim múscailte ag Féile John Ford

Ar thóir píotsa a bhí an bheirt, athair is mac as Michigan i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus iad tagtha isteach i mbialann Fiordigrano i sráidbhaile an Spidéil. Chuir an t-athair spéis láithreach sa bpóstaer a bhí crochta ar an gcuntar. “The Searchers,” a dúirt sé, “that was a good one.” Ar phóstaer d’Fhéile John Ford, a bhí á reáchtáil den chéad uair, a bhí mo dhuine ag breathnú.

An oíche roimhe sin bhí halla Scoil Éinne ar an Spidéal lán go béal d’oscailt na féile. Bhí daoine tagtha ann freisin chun breathnú ar The Quiet Man. Ar feadh dhá uair an chloig, bhí idir óg agus aosta faoi gheasa ag an scannán seo a rinne fear ar de bhunadh na háite é breis is seachtó bliain ó shin.

Is cinnte go raibh The Quiet Man feicthe ag roinnt mhaith de na daoine a bhí i láthair uair nó dhó ar an teilifís, ach bíonn cumhacht faoi leith ag baint le scannán a fheictear ar an scáileán mór. Bhain cuid de na heachtraí gáire as daoine. An iad na heachtraí céanna a chuir daoine ag gáire sa tír seo nuair a taispeánadh an scannán den chéad uair i 1952? Bhí roinnt eachtraí eile ann a thuill ciúnas ón lucht féachana. An amhlaidh a bhí i 1952?

Ina dhiaidh, bhí tuairimí éagsúla ann. Dúirt duine amháin nach ndéanfaí a leithéid sa lá atá inniu ann. Duine eile ag rá go raibh sé níos sofaisticiúla ná mar a ceapadh tráth.

Ach bhíodar ar aon fhocal faoi gur scannán taitneamhach a bhí ann. Ba léir nár cuireadh focal amú sa script agus gur thuig Ford an greann, rud nach féidir a rá faoi roinnt de lucht déanta na scannán sa lá atá inniu ann. Ní gá ach breathnú ar an leagan is deireanaí de Naked Gun chun sin a thuiscint!

Bhí féith an ghrinn le feiceáil go tréan freisin sa bhalbhscannán The Shamrock Handicap, ón mbliain 1927, a taispeánadh ar an Domhnach le tionlacan ceoil beo ar an veidhlín is ar an bpianó.

Le linn dheireadh seachtaine na féile bhí na sluaite ag triall ar Stiúideo Cuan áit a raibh taispeántas fíorshuimiúil ann a léirigh an ceangal láidir a bhí ag John Ford le Cois Fharraige ar feadh a shaoil agus an tionchar a bhí aige sin ar a shaothar.

Ar cheann de na míreanna den taispeántas a tharraing aird ar leith, bhí físeán d’agallamh a rinneadh in 2005 le Nóra Ní Chonghaile (Nóra Uí Chualáin), nach maireann, a bhí fostaithe agus í ina bhean óg le línte i nGaeilge a mhúineadh do Mhaureen O’Hara. Bhí seál le máthair Nóra, seál a chaith Maureen O’Hara sa scannán, le feiceáil sa taispeántas, chomh maith le cathaoir an stiúrthóra, John Ford.

Agus bhí an gearrscéal le Maurice Walsh ar a bhfuil The Quiet Man bunaithe le feiceáil i gcóip den iris Mheiriceánach The Saturday Evening Post, áit ar foilsíodh é den chéad uair mí Feabhra 1933, tráth a mbíodh an iris úd ag íoc suimeanna móra airgid ar ghearrscéalta le leithéidí F Scott Fitzgerald agus scríbhneoirí móra eile na linne. Shawn Kelvin seachas Seán Thornton a tugadh ar phríomhcharachtar an scéil.

Bhí imeachtaí go leor eile ag an bhféile a eagraíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar scannáin agus oidhreacht fear a thuill ceithre ghradam Oscar mar stiúrthóir idir na blianta 1936-1953.

Cuireadh go leor spéise sna seisiúin chainte, ceann acu faoin taithí a bhí ag muintir Chois Fharraige i Meiriceá le linn do Ford a bheith ag éirí aníos agus ceann eile faoin bhforbairt atá tagtha ar thionscal na scannánaíochta in Éirinn ó rinneadh The Quiet Man i 1951.

Ar an Domhnach, thug slua breá cuairt ar fhothrach an tí ar an Tuar Beag, taobh thiar den Spidéal, áit ar tógadh athair John Ford, Seán Mháire Ó Féinneadha, a chuaigh ar imirce go Meiriceá in 1872 agus a chuir faoi i Maine, áit ar rugadh an scannánóir in 1894.

Agus é ag labhairt dó ag oscailt na féile, dúirt an scannánóir Pat Comer, atá ina bhall den choiste a d’eagraigh Féile John Ford, go raibh sé mar mhian aige le fada ceiliúradh a dhéanamh ar John Ford sa Spidéal. Is maith an rud é gur fíoraíodh an mhian sin in 2025.

Ba le ceann de na scannáin is mó a thuill cáil do John Ford – The Searchers – a cuireadh críoch leis an bhféile tráthnóna Dé Domhnaigh. [Ní fios an raibh fear Michigan i láthair.]

Is léir gur éirigh thar cionn le Féile John Ford. Ní raibh an Domhnach féin thart nuair a bhí daoine ag fiafraí an mbeadh sí ann arís an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Slua meallta agus suim múscailte ag Féile John Ford'