Is ‘gaire’ toghchán dúinn agus brú ag méadú ar an Taoiseach

Deir Teachta Dála de chuid Fhine Gael go gcuirfidh sé rún mímhuiníne in Enda Kenny faoi bhráid na Dála d’uireasa soiléiriú ón Taoiseach faoi éirí as

Is ‘gaire’ toghchán dúinn agus brú ag méadú ar an Taoiseach

Tá ráite ag cúlbhinseoir de chuid Fhine Gael, an Teachta Dála Pat Deering, go gcuirfidh sé rún mímhuiníne in Enda Kenny faoi bhráid na Dála mura dtugann an Taoiseach le fios faoin tseachtain seo chugainn cad atá i gceist aige a dhéanamh maidir le héirí as.

De réir tuairisce ag RTÉ tráthnóna, dúirt an Teachta Dála do Cheatharlach-Cill Chainnigh go raibh súil aige “nach dtiocfadh sé chuige sin” ach gur leis an Taoiseach “an imirt” anois.

Tuairiscíodh chomh maith go bhfuil ag méadú ar an mbrú atá ar Enda Kenny soiléiriú a dhéanamh faoina bhfuil i gceist aige a dhéanamh agus go bhféadfaí tréimhse 12 seachtain a thabhairt dó le héirí as dá dheoin féin.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Aire Coimirce Sóisialaí Leo Varadkar, duine den bheirt is mó atá á lua mar chomharbaí ar Kenny, nach raibh seisean ar dhuine de na hairí a tuairiscítear a thug foláireamh deiridh don Taoiseach.

Dúirt Varadkar gurb “iontach” an ceannaire Kenny agus gur ag an Taoiseach féin is fearr a bheadh a fhios cén uair is fearr dó éirí as.

Dúirt an tAire Varadkar, áfach, gur gaire toghchán dúinn i bhfianaise na conspóide faoin sceithire an Sáirsint Maurice McCabe agus na líomhaintí bréagacha faoi atá le fiosrú ag Binse fiosrúcháin.

Bhí an port céanna ag an Aire Airgeadais Michael Noonan a dúirt chomh maith gur gaire dúinn toghchán.

D’aontaigh an Rialtas ar maidin na téarmaí tagartha don Bhinse Fiosrúcháin atá le bunú chun fáil amach an raibh feachtas clúmhillte ar bun ag Gardaí sinsearacha in aghaidh an sceithire, Maurice McCabe. Ghlac an Dáil gan vóta leis na téarmaí tagartha ina dhiaidh sin.

Tuairiscítear go bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ina measc siúd a dúirt ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir go raibh sé in am do bhaill an pháirtí a bheith “ag prapáil” do thoghchán.

Thug an Taoiseach le fios sa Dáil inné nárbh fhíor gur phléigh sé leis an Aire Leanaí Katherine Zappone líomhaintí bréagacha Tusla faoin Sáirsint McCabe roimh chruinniú an Aire leis an sceithire.

Thug an Taoiseach le fios Dé Domhnaigh gur phléigh sé an scéal le Zappone roimh an gcruinniú sin, ach dúirt sé inné nárbh amhlaidh a bhí agus go raibh “aiféala” air gur thug sé eolas míchruinn uaidh. Lucht oifig an Aire a phléigh an scéal le lucht a oifige féin, a dúirt an Taoiseach inné.

Fág freagra ar 'Is ‘gaire’ toghchán dúinn agus brú ag méadú ar an Taoiseach'