‘Is gá tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’fhoilseacháin Ghaeilge’ – tuarascáil neamhfhoilsithe Fhoras na Gaeilge

Tuairiscítear go ndeirtear i dtuarascáil a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge gur ciorruithe seachas forbairt atá i ndán do na foilseacháin Ghaeilge mura gcuirtear maoiniú réadúil ar fáil dóibh

‘Is gá tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’fhoilseacháin Ghaeilge’ – tuarascáil neamhfhoilsithe Fhoras na Gaeilge

Moltar i dtuarascáil neamhspleách a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge go gcuirfeadh an eagraíocht teanga tuilleadh maoinithe ar fáil do Tuairisc.ie agus do na hirisí Gaeilge.

De réir tuairisce ar Nuacht TG4 aréir, deirtear sa tuarascáil a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge chun athbhreithniú a dhéanamh ar earnáil na meán scríofa go bhfuil sé riachtanach cur leis an maoiniú a fhaigheann Tuairisc.ie, Nós agus Comhar.

De réir na tuairisce, maítear san athbhreithniú gur ciorruithe seachas forbairt atá i ndán do na foilseacháin Ghaeilge mura gcuirtear maoiniú réadúil ar fáil dóibh agus gurb é pobal léitheoireachta na Gaeilge a bheidh thíos leis sin.

Tuairiscíodh chomh maith go molann údar na tuarascála, an comhairleoir Séamus Daltún, saothar na bhfoilseachán ach go ndeir sé go bhfuil Tuairisc.ie agus na foilseacháin eile ag brath an iomarca ar obair dheonach agus ar dhea-thoil.

Dúradh chomh maith go n-áitíonn Daltún gur “róghairid” atá tréimhsí maoinithe na bhfoilseachán – ceithre bliana i gcás chonradh ‘an nuachtán seachtainiúil ar líne’ Tuairisc.ie.

Easpa cinnteachta an toradh a bhíonn air seo, a deirtear.

Thuairiscigh Nuacht TG4 chomh maith go ndeir Séamus Daltún sa tuarascáil, a chuir sé faoi bhráid an Fhorais ag deireadh na bliana seo caite, go bhféadfaí féachaint ar chónascadh a dhéanamh idir na foilseacháin.

Deir sé, mar shampla, go bhféadfaí Tuairisc.ie agus Nós a chónascadh. Deir sé, áfach, go mbeadh impleachtaí ag a leithéid de chónascadh do neamhspleáchas na bhfoilseachán.

Tuigtear go dtugtar ardmholadh sa tuarascáil do chaighdeán ard na seirbhíse a chuireann Tuairisc.ie ar fáil agus go n-aithnítear an rath atá ar an tseirbhís maidir le léitheoirí a mhealladh agus freastal a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí. 

Bhí breis is 90% de na daoine a ghlac páirt i suirbhé a rinneadh den tuarasáil sásta le caighdeán iriseoireachta Tuairisc.ie. Maítear chomh maith go mbíonn go leor scéalta ag Tuairisc.ie nach ndéanfaí tuairisciú orthu ar chor ar bith mura mbeadh an tseirbhís ann agus deirtear go bhfuil an suíomh seo i lár an aonaigh i measc phobal na Gaeilge ar líne.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil branda láidir ag an iris Comhar agus go mbíonn plúr na scríbhneoireachta á fhoilsiú san iris. Deir údar na tuarascála, áfach, gur cheart níos mó léitheoirí a bheith ag an iris mhíosúil.

Deirtear go bhfuil an iris stíl mhaireachtála Nós ag freastal ar a spriocphobal agus moltar ardchaighdeán na Gaeilge sna trí fhoilseachán.

I ráiteas a chuir siad ar fáil do Tuairisc.ie aréir, dúirt Foras na Gaeilge go raibh athbhreithniú ar siúl faoi láthair acu ar na scéimeanna faoina gcuireann siad tacaíocht ar fáil do na meáin scríofa.

“Tá sé os cionn ceithre bliana ó rinne Bord Fhoras na Gaeilge cinntí i leith maoiniú le haghaidh na dtrí sholáthróir reatha, agus tá athruithe móra i ndiaidh teacht ar thimpeallacht na meán, idir mheáin shóisialta, mheáin scríofa agus sholáthar ar líne sa tréimhse sin ó bhí 2014 ann, cé nach bhfuil méadú ar bith i ndiaidh teacht ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge san idirlinn.

“Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh a chinntiú go bhfuil an leas is fearr is féidir á bhaint as an mhaoiniú atá ar fáil againn le tacú leis an réimse seo, agus chuige sin tá tuairisc faighte againn ar an chur chuige reatha. Beidh an tuairisc sin, a chuimsíonn tuairimí an údair agus na ndeontaithe reatha, á cur san áireamh againn agus muid ag amharc ar ghnéithe eile den cheist seo. Beidh cinntí le déanamh ag Bord Fhoras na Gaeilge maidir le caiteachas sa réimse seo ó 2020 i leith níos faide anonn sa bhliain, agus beidh a bhfuil sa tuairisc seo agus roinnt tuairiscí eile á gcur san áireamh againn.”

Chinn Foras na Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite go ndéanfaí taighde nua agus go reáchtálfaí próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi earnáil na meán scríofa, anuas ar thuarascáil Dhaltúin.

Idir an dá linn, ghlac Tuairisc.ie, Nós agus Comhar le síneadh ama eile lena gconarthaí, go dtí an 31 Nollaig 2019.

Seo an dara síneadh ama i gcás na dtrí fhoilseachán.

Tháinig deireadh le conradh ceithre bliana Tuairisc.ie i mí Iúil na bliana seo caite, ach aontaíodh go leanfaí le foilsiú na seirbhíse nuachta ar líne go dtí deireadh 2018, fad is a bhí athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ag Séamus Daltún ar na meáin a fhaigheann maoiniú ón bhForas. €300,000 in aghaidh na bliana a fhaigheann Tuairisc.ie chun ‘nuachtán seachtainiúil ar líne’ a chur ar fáil. €75,000 a fhaigheann Nós gach bliain agus €120,000 a chuirtear ar fáil do Comhar.

Cuireadh an t-athbhreithniú sin i gcrích ó shin, ach tá athbhreithniú eile le déanamh ar an earnáil ag Foras na Gaeilge i mbliana.

Tháinig deireadh le bunchonradh na hirise Comhar ag deireadh na bliana 2017 agus i mí Lúnasa 2017 a tháinig deireadh leis an mbunchonradh a bhí ag an iris stíl mhaireachtála, Nós. 

Ag tagairt don athbhreithniú a rinne Séamus Daltún ar an earnáil, dúirt Foras na Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite go raibh “tús maith” curtha acu le taighde “ar ghnéithe áirithe” dá scéimeanna ‘Iris Ghaeilge Chlóite’, ‘Iris Stíl Mhaireachtála’ agus ‘Nuachtán ar líne’, ach go mbeadh an taighde sin “á leathnú…sna míonna amach romhainn le léargas níos cuimsithí a fháil ar na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne”. 

Dúradh go raibh seacht mbliana ann ó foilsíodh Tuairisc Uí Chollatáin ar straitéis Fhoras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus gur “earnáil í seo atá ag forbairt ar bhonn leanúnach ó thaobh nósanna léitheoireachta agus forbairtí teicneolaíochta”. 

Dúradh go mbeifí ag tógáil ar “an buntaighde” a rinne Séamus Daltún agus go mbeifí “ag dul i mbun comhairliúcháin maidir le mianta agus riachtanais an phobail i dtaca leis na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne”.

Fág freagra ar '‘Is gá tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’fhoilseacháin Ghaeilge’ – tuarascáil neamhfhoilsithe Fhoras na Gaeilge'

  • Rossa Ó Snodaigh

    Cuireadh deireadh le maoiniú ochre nó naoi iris Gaeilge agus níor mhéadsigh seo líon léitheoirí Comhar an t-aon cheann dóibh siúd atá á mhaoiniú is atá á chló.
    Séard a bhain an ciorrú maoinithe seo amach ná gur laighdigh líon na scríobhnóirí Gaeilge.
    Cúl ar son an bhfreasúra a bhí ann.
    Irisí ar cuireadh chun suan
    1. Beo.ie 2. Lá Nua 3. Gaelscéal 4. An tUltach 5. Saol 6.Cogar agus trí iris de chuid Na Comhdhála. 10. An Sagairt

    Siúd atá beo in aineoin easpa tacaíochta an Fhorais agus neamhaird na meáin clóite is craolta Gaeilge.

    1. Feasta – fós á gcló in aineoin easpa deontas ón bhForas, líon céanna léitheoir le Comhar

    2. An Timire. – Beagnár cuireadh deireadh ar fad leis de dheasca an easpa deontas ach dúthracht an Eagarthóra ag bailiú síntúsóirí a thug slán é.
    3. An Taobh Ó Thuaidh –
    Iris atá maoinithe acu siùd a cheanaíonn é os na 40 ciorcal comhrá atá bunaithe i gcaiféanna ar fud tuaisceart na cathrach.

    4. Mionlacht – iriseán sóisialach a dtagann amach go séasúrach

    5. Seachtain agus an dá Nuachtán eile a eisíonn an Indo ar an gCéadaoin

    Iriseáin eile
    1. Epic – curtha in Eagarthóir ag COGG

  • Liam Mac Lochlainn

    Tá an moladh a tugadh tuillte ag Tuairisc.ie. Is léir go bhfuil na hirisí Gaeilge atá fágtha againn i mbaol. Ní féidir le gach duine síntiús bliantúil a íoc: tá córas dáiliúcháin de dhíth ar irisí agus ar leabhair. Agus is gá fógraíocht a fháil: ní féidir le hiris nó le nuachtán maireachtáil gan í, faraor. Ach tá fadhb bhunúsach ann: ní léann móramh na nGaeilgeoirí agus ní thacaíonn siad le foilseacháin Ghaeilge.