Is gá dul i ngleic le víreas an fhoréigin in aghaidh na mban 

Murab ionann agus go leor fadhbanna eile tá na polaiteoirí in Stormont aontaithe gur gá a dhul i ngleic leis an bhforéigean seo

Is gá dul i ngleic le víreas an fhoréigin in aghaidh na mban 

Níorbh aon ionadh é go raibh foréigean in aghaidh na mban ag dó na geirbe ag Teachtaí Tionóil in Stormont an tseachtain seo thart. Bhí an cheist i mbéal an phobail de bharr an uafáis is deireanaí, beirt bhan marbh agus lámh curtha ina bhás féin ag an bhfear a bhí freagrach. Bhunaigh an PSNI fiosrú dúnmharaithe ach ní raibh siad sa tóir ar aon chiontóir. 

Sháigh a mac Karen McClean ina hárasán i mBaile Nua na Mainistreach sula ndeachaigh sé ag teach eile áit ar mharaigh sé a chara mná Stacey Knell in ionsaí scine freisin. Ina dhiaidh sin mharaigh Ken Flanagan, 26, é féin. Deirtear go mba andúileach drugaí é Flanagan ar eisíodh orduithe sriantacha ina aghiadh cheana mar go raibh gaolta ban leis i gcontúirt uaidh. Tháinig marú Karen a bhí 50 bliain d’aois agus Stacey a bhí 30 sna sála ar fhuadach agus marú Sarah Everard i Londain an tseachtain roimhe sin agus dá mbarr géaraíodh ar an bhfeachtas chun gníomhú in aghaidh fuath ban. 

San Tionól Dé Mairt d’aontaigh Teachtaí d’aon ghuth le héileamh ar an Aire Cirt, Naomi Long, Alliance, straitéis uileghabhálach a thionscnamh chun a dhul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban. Mhol an rún a chuir an Teachta Sinéad Bradley, SDLP faoi bhráid an tí go rithfí dlí gur choir é fuath ban. Cionta a bhain le mí-úsáid sa teaghlach ab ea 17% de na 

coireanna ar fad ar tugadh tuairisc don PSNI fúthu le bliain. 

Nuair a chuirtear an tragóid an deireadh seachtaine seo caite san áireamh, maraíodh ochtar ban i dTuaisceart Éireann i gcaitheamh na bliana ó bhris an phaindéim Covid-19 amach. Sin dhá oiread an líon ban a maraíodh an bhliain roimhe sin agus tá fianaise againn go raibh méadú mór ar fhoréigean baile le linn na dianghlasála. Mar bharr ar an donas ta sé níos deacra cabhair a fháil nuair nach bhfuil deis ag daoine a bheith i dteagmháil le seirbhísí nó le lucht tacaíochta lasmuigh den mbaile. 

Thagair an colún seo cheana do ráta ard na n-ionsaithe ar mhná agus ar an drochuair b’athdhearbhú ar an staidreamh sin é marú Karen agus Stacey. Baineann an foréigean ar bhonn inscne le gach aicme agus gach aoisghrúpa. I measc an ochtair a maraíodh le bliain bhí an duine ba shine dhá bhliain agus ceithre scór, seanmháthair ab ea í agus ní raibh an duine ab óige ach scór. 

Tháinig na hionsaithe aniar aduaidh ar lucht gaoil agus ar na húdaráis i mbeagán eachtraí ach i gcásanna eile bhí fadhbanna ar an taifead.

Tuairiscítear go raibh na seirbhísí sóisialta ag déileáil le teaghlach Flanagan go dtí 2019. 

Ina theannta sin, dúirt Sam Lillie, iarpháirtnéir Stacey Knell agus athair a hiníne atá naoi mbliana d’aois, go ndearna sé teagmháil leis an PSNI chun a imní a chur in iúl dóibh faoi shábháilteacht a iníne de bharr caidreamh a máthar le Kenneth Flanagan. Dhearbhaigh na póilíní i ndiaidh na maruithe go bhfuair siad an tuairisc san iarnóin ar an Aoine ach nach raibh fianaise ar fáil ag an am sin go mbeadh sí i gcontúirt. Níor bhain aon ghortú di ach chinn Ombudsman na bPóilíní nár mhór eolas a bhailiú féachaint ar cheart iompar an PSNI a fhiosrú.

Tá bille in aghaidh Drochúsáid sa Teaghlach chóir a bheith achtaithe. Gabhfaidh sé i ngleic le formhór na n-easnamh san dlí go dtí seo. Ní mór don dlí a bheith neodrach ó thaobh inscne ach is léir gurb iad na mná is mó, cé nach iadsan amháin, a fhulaingíonn foréigean baile. Gheall Naomi Long go n-ullmhóidh sí straitéis chun a dhul i ngleic le drochíde ar mhná agus dúirt go mbeadh gá le hionchur ó na ranna oideachais, sláinte agus pobal freisin. 

Bheadh ciall le straitéis a chuimseodh na ranna rialtais éagsúla. Saincheist oideachais agus sláinte í chomh maith le gnó práinneach don dlí agus do na cúirteanna. Ní mór daoine óga a oiliúint ionas nach mbeidh aon ghlacadh leis an meon as a n-eascraíonn fuath ban. Ní mór freisin féachaint chuige go mbeidh seirbhísí sláinte, tithíochta agus cúirte le fáil gan an tsiléig agus an sórt moille gníomhú atá mar laincis faoi láthair. 

Tá faillí á déanamh ar na híobartaigh anseo agus an cháil mar chathair na drochíde tuillte. Murab ionann agus go leor fadhbanna eile tá na polaiteoirí in Stormont aontaithe gur gá a dhul i ngleic leis an bhforéigean seo. Bheadh sé do-mhaite an leigheas a chur ar an méar fhada feasta.

Fág freagra ar 'Is gá dul i ngleic le víreas an fhoréigin in aghaidh na mban '